Ordú: 39

Rialacha ginearálta : I.R. Uimh. 17 de 2014

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:
S.I. No. 17 of 2014 - provisions overview

1 — I gCÁS NACH bhFORÁLFAR DO NÓS IMEACHTA AR BITH

1 I gcás nach bhforálfar do nós imeachta ar bith

1. (1) Más rud é nach mbeidh an nós imeachta chun imeachtaí sibhialta a sheoladh forordaithe leis na Rialacha seo ná le hachtachán, nó más rud é, ar aon chúis eile, go mbeidh amhras ann i dtaobh an tslí ina ndéanfar an nós imeachta nó i dtaobh fhoirm an nóis imeachta, féadfaidh an Chúirt an nós imeachta a bheidh le glacadh a chinneadh agus féadfaidh sí ordacháin a thabhairt.

(2) Faoi réir Ordú 12, riail 9(4), i gcás nach mbeidh foirm ar bith a bheidh le húsáid sa Chúirt i leith beart, scéala nó caingean eile in imeacht sibhialta forordaithe de thuras na huaire, féadfar aon fhoirm a bheidh in úsáid de thuras na huaire sa Chúirt Chuarda nó san Ard-Chúirt don bheart nó don scéala comhréire nó don chaingean chomhréire eile in imeachtaí sibhialta a úsáid in imeachtaí sibhialta sa Chúirt fairis na modhnuithe is gá.

2 — NEAMHCHOMHLÍONADH NA RIALACHA SEO


2 An éifeacht a bheidh le neamhchomhlíonadh

2. (1) Faoi réir aon fhoráil d’achtachán, is neamhrialtacht é mainneachtain na Rialacha seo a chomhlíonadh agus ní chuirfidh sin imeacht sibhialta ná beart a bheidh déanta, ná aon doiciméad ná ordú san imeacht ar neamhní.

(2) Más rud é gur mainníodh na Rialacha seo a chomhlíonadh, féadfaidh an Chúirt—

(a) an t-imeacht a chur ar ceal, go hiomlán nó go páirteach;
(b) aon bheart a bheidh déanta san imeacht, nó aon doiciméad nó ordú ann a chur ar ceal;
(c) a cumhachtaí a fheidhmiú faoi na Rialacha seo chun leasuithe a cheadú agus chun orduithe a dhéanamh lena ndéileálfar leis an imeacht i gcoitinne.

3 — TRÉIMHSE AMA


3 Imeachtaí tar éis dhá mhí dhéag

3. (1) I gcás nach mbeidh beart ar bith, lena gceanglófar doiciméad a chomhdú leis an gCléireach nó scéala a thabhairt don Chúirt faoi na Rialacha seo, déanta ag páirtí in imeacht sibhialta ar feadh dhá mhí dhéag nó níos faide ó cibé beart deiridh a rinneadh, ní foláir do pháirtí a bhfuil ar intinn aige nó aici leanúint ar aghaidh leis an imeacht fógra míosa ar a laghad a thabhairt i scríbhinn (Foirm 39.01, Sceideal C) do gach páirtí eile á rá go bhfuil ar intinn ag an bpáirtí sin dul ar aghaidh.

(2) Ní foláir fógra faoi fho-riail (1) a chomhdú leis an gCléireach chomh maith. 

4 Imeachtaí díomhaoine

4. (1) I gcás nach mbeidh beart ar bith, lena gceanglófar doiciméad a chomhdú leis an gCléireach nó scéala a thabhairt don Chúirt faoi na Rialacha seo, déanta ag páirtí in imeacht sibhialta ar feadh dhá mhí dhéag nó níos faide ó cibé beart deiridh a rinneadh, féadfaidh an Chúirt a chur faoi deara go ndéanfar an t-imeacht sibhialta a liostú os comhair na Cúirte chun an mhainneachtain dul ar aghaidh a mhíniú.

(2) Ní foláir don Chléireach fógra a thabhairt do na páirtithe i dtaobh aon liostú de réir fho-riail (1). Féadfaidh an scéala a bheith i bhFoirm 39.02, Sceideal C.

(3) Féadfaidh páirtí míniú i scríbhinn ar an mainneachtain dul ar aghaidh a chomhdú leis an gCléireach agus más deimhin leis an gCúirt go raibh cúiseanna leordhóthanacha ann leis an mainneachtain dul ar aghaidh, féadfaidh sí a ordú an t-imeacht sibhialta a bhaint den liosta chun an mhainneachtain dul ar aghaidh a mhíniú agus a ordú go dtabharfaidh an Cléireach fógra do na páirtithe dá réir sin.

(4) Ar imeacht sibhialta a liostú de réir fho-riail (1), féadfaidh an Chúirt cibé orduithe a dhéanamh agus cibé ordacháin a thabhairt ar dóigh dóibh, i dtuairim na Cúirte, a chinntiú go n-ullmhófar na himeachtaí sibhialta le haghaidh trialach ar shlí a bheidh cóir dlúsúil agus ar dóigh di costais na n-imeachtaí sin a íoslaghdú. 

5 Méadú nó giorrú ar thréimhse ama

5. (1) Faoi réir fho-rialacha (3) agus (4), féadfaidh an Chúirt, ar aon téarmaí a mheasfaidh sí a bheith réasúnach, méadú nó giorrú a dhéanamh ar aon cheann de na tréimhsí ama a bheidh socraithe leis na Rialacha seo, nó le hordú roimhe sin ón gCúirt, chun aon bheart nó aon ghníomh a dhéanamh in aon imeachtaí sibhialta.

(2) Faoi réir fho-rialacha (3) agus (4), féadfaidh an Chúirt freisin, ar aon téarmaí maidir le costais nó eile is cóir léi, a dhearbhú gur leor aon bheart nó aon ghníomh a rinneadh in aon imeachtaí sibhialta, bíodh nach ndearnadh é laistigh den tréimhse ama nó ar an tslí a fhorordaítear leis na Rialacha seo.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-rialacha (1) agus (2) maidir le haon tréimhse ama a bheidh socraithe:

(a) le hAcht den Oireachtas, nó
(b) le reacht a bhí i bhfeidhm i Saorstát Éireann díreach roimh an dáta ar a dtáinig an Bunreacht i ngníomh agus a lean i bhfeidhm de bhua Airteagal 50 den Bhunreacht.

(4) Gan ginearáltacht fho-riail (3) a theorannú, ní foláir aon iarratas chun cás a shonrú faoi alt 2 den Summary Jurisdiction Act 1857 a dhéanamh laistigh den tréimhse ama a fhorordaítear leis an Acht sin.

(5) Mura n-ordóidh nó mura gceadóidh an Chúirt a mhalairt, ní foláir iarratas ar mhéadú nó ar ghiorrú ar thréimhse ama a dhéanamh trí fhoriarratas iar bhfógra chun an pháirtí eile nó chun na bpáirtithe eile dá ndéanfadh an méadú nó an giorrú ar thréimhse ama difear.