Ordú: 51C

Orduithe forfheidhmithe Eorpacha : I.R. Uimh. 17 de 2014

Nasc gaolmhara
S.I. No. 17 of 2014 - provisions overview

1 Mínithe

1. San Ordú seo:–

ciallaíonn “breithiúnas baile” aon bhreithiúnas nó foraithne ón gCúirt chun aon suim airgid a ghnóthú, nó aon ordú (lena n-áirítear ordú arna dhéanamh trí thoiliú) ón gCúirt nó díbhe ón gCúirt lena gceanglófar aon suim airgid a íoc, a mbeidh feidhm ag Rialachán Uimh. 805/2004 maidir leis nó léi;

ciallaíonn “Rialachán Uimh. 805/2004” Rialachán (CE) Uimh. 805/2004 an 21 Aibreán 2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcruthaítear Ordú Forfheidhmithe Eorpach maidir le héilimh neamhchonspóidithe, IO L 143/15 an 30 Aibreán 2004;

ciallaíonn “Rialachán Uimh. 1869/2005” Rialachán (CE) Uimh. 1869/2005 ón gCoimisiún lena n-ionadaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 805/2004 an 21 Aibreán 2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcruthaítear Ordú Forfheidhmithe Eorpach maidir le héilimh neamhchonspóidithe, IO L 300/6 an 16 Samhain 2005;

ciallaíonn “Rialacháin 2005” Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Ordú Forfheidhmithe Eorpach), 2005 (I.R. Uimh. 648 de 2005).

2. Beidh feidhm ag forálacha a bhaineann le forfheidhmiú maidir le breithiúnas, le hionstraim bharántúil nó le socraíocht chúirte a dheimhneofar mar Ordú Forfheidhmithe Eorpach sa Bhallstát tionscnaimh

2. (1) Faoi réir Rialachán Uimh. 805/2004 agus Rialacháin 2005, maidir le forálacha Ordú 51A, rialacha 1 go 12 go huile, a mhéid a fhéadfar iad a chur chun feidhme maidir le breithiúnas ón Ard-Chúirt, féadfar iad a chur chun feidhme maidir le breithiúnas, le hionstraim bharántúil nó le socraíocht chúirte a bheidh deimhnithe mar Ordú Forfheidhmithe Eorpach sa Bhallstát tionscnaimh.

(2) Folóidh aon tagairt in Ordú 51A, rialacha 1 go 12 go huile do “breithiúnas”, i gcás go gceadóidh an comhthéacs é, tagairt do bhreithiúnas, d’ionstraim bharántúil nó do shocraíocht chúirte a bheidh deimhnithe mar Ordú Forfheidhmithe Eorpach i mBallstát tionscnaimh. I gcás den sórt sin, féadfar aon Fhoirm i Sceideal C ina mbeidh tagairt do bhreithiúnas, d’ordú nó d’fhoraithne a oiriúnú chun tagairt a dhéanamh don Ordú Forfheidhmithe Eorpach. 

3 Doiciméid a sholáthar do Chléireach

3. I gcás go ndéanfaidh creidiúnaí iarratas ar fhorfheidhmiú de réir Ordú 51A, riail 3, i leith breithiúnas a bheidh deimhnithe mar Ordú Forfheidhmithe Eorpach i mBallstát tionscnaimh seachas an Stát, ní foláir don chreidiúnaí, i dteannta an toghairm i ndúblach agus an dearbhú reachtúil a thaisceadh leis an gCléireach, na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 20(2) de Rialachán Uimh. 805/2004 a sholáthar don Chléireach. 

4 Iarratas chun breithiúnas a dheimhniú mar Ordú Forfheidhmithe Eorpach

4. I gcás go mbeidh breithiúnas baile tugtha nó déanta, maidir le hiarratas ar an mbreithiúnas baile sin a dheimhniú mar Ordú Forfheidhmithe Eorpach:

(a) féadfar é a dhéanamh ex parte chun na Cúirte ag an éisteacht ag a mbeidh an breithiúnas baile sin tugtha nó déanta; nó

(b) mura ndéanfar ag an éisteacht sin é, ní foláir é a dhéanamh ex parte chun na Cúirte uair éigin eile.

5 Beidh mionnscríbhinn mar thaca le hiarratas ar dheimhniú

5. (1) Maidir le hiarratas ar bhreithiúnas baile a dheimhniú mar Ordú Forfheidhmithe Eorpach, ní foláir go mbeidh mar thaca leis, mura n-ordóidh nó mura gceadóidh an Chúirt a mhalairt, mionnscríbhinn arna mionnú ag an bpáirtí tionscnaimh nó thar a cheann nó thar a ceann. Féadfaidh an mhionnscríbhinn a bheith i bhFoirm Uimh. 51C.01, Sceideal C , fara cibé modhnuithe is gá.

(2) Ní foláir deimhniú arna thabhairt ar scór iarratas de bhun Airteagal 6(1) de Rialachán Uimh. 805/2004 a bheith san Fhoirm atá in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Uimh. 1869/2005. 

6 Iarratas chun easpa nó teorainn infhorfheidhmitheachta a dheimhniú

6. (1) I gcás go mbeidh breithiúnas baile, a bheidh deimhnithe mar Ordú Forfheidhmithe Eorpach, tar éis scor de bheith infhorfheidhmithe nó go bhfuil nó go raibh a infhorfheidhmitheacht arna fionraí nó arna teorannú, féadfaidh aon pháirtí iarratas faoi Airteagal 6(2) de Rialachán Uimh. 805/2004 a dhéanamh ex parte chun na Cúirte ar dheimhniú a eisiúint ina léireofar an easpa nó an teorainn a bhaineann le hinfhorfheidhmitheacht an bhreithiúnais baile sin.

(2) Ní foláir deimhniú ina léireofar an easpa nó an teorainn a bhaineann le hinfhorfheidhmitheacht breithiúnais baile arna thabhairt ar scór iarratas faoi Airteagal 6(2) de Rialachán Uimh. 805/2004 a bheith san Fhoirm atá in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Uimh. 1869/2005. 

7 Iarratas ar dheimhniú ionaid

7. (1) I gcás go dtabharfaidh an Chúirt breithiúnas nó go ndéanfaidh sí ordú tar éis agóid a bheith déanta i gcoinne breithiúnas baile, a bheidh deimhnithe mar Ordú Forfheidhmithe Eorpach, féadfaidh aon pháirtí iarratas faoi Airteagal 6(3) de Rialachán Uimh. 805/2004 a dhéanamh ex parte chun na Cúirte ar dheimhniú ionaid a eisiúint ag an éisteacht ag a mbeidh an breithiúnas sin tugtha nó an t-ordú sin déanta.

(2) Ní foláir deimhniú ionaid arna thabhairt ar scór iarratas faoi Airteagal 6(3) de Rialachán Uimh. 805/2004 a bheith san Fhoirm atá in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Uimh. 1869/2005. 

8 Iarratas a dhéanfar trí fhoriarratas tar éis éisteacht ina ndéanfar breith

8. (1) Mura ndéanfar é de réir riail 6(1) nó, de réir mar a bheidh, riail 7(1), ní foláir gur trí fhógra foriarratais i bhFoirm Uimh. 44.01, Sceideal C, fairis na modhnuithe is gá, a dhéanfar iarratas faoi Airteagal 6(2) de Rialachán Uimh. 805/2004 ar dheimhniú a eisiúint ina léireofar an easpa nó an teorainn a bhaineann le hinfhorfheidhmitheacht breithiúnais baile nó a dhéanfar iarratas faoi Airteagal 6(3) de Rialachán Uimh. 805/2004 ar dheimhniú ionaid a eisiúint.

(2) Ní foláir cóip den fhógra foriarratais a sheirbheáil ar an gcreidiúnaí breithiúnais nó ar an bhféichiúnaí breithiúnais (de réir mar a bheidh).

(3) Ní foláir mionnscríbhinn arna mionnú ag an bpáirtí tionscnaimh nó thar a cheann nó thar a ceann a bheith mar thaca leis an iarratas, más gá.

(4) Ní foláir go ndéanfar dréacht comhlánaithe den fhoirm de dheimhniú um Ordú Forfheidhmithe Eorpach a lorgófar a fhoilseánadh le haon mhionnscríbhinn a bheidh mar thaca le haon iarratas den sórt sin, agus ní foláir na hábhair atá sa dréacht-deimhniú a fhíorú sa mhionnscríbhinn.

(5) Ní foláir cóip den fhógra foriarratais agus cóip d’aon mhionnscríbhinn a bhfuil ar intinn í a úsáid san iarratas a sheirbheáil ar an gcreidiúnaí breithiúnais nó ar an bhféichiúnaí breithiúnais (de réir mar a bheidh) de réir Ordú 41 tráth nach déanaí ná seacht lá roimh dháta fillte an iarratais.

(6) Ní foláir an chóip bhunaidh d’aon mhionnscríbhinn a bhfuil ar intinn í a úsáid san iarratas a thaisceadh leis an gCléireach tráth nach déanaí ná ceithre lá roimh dháta fillte an iarratais. 

9 Iarratas chun deimhniú um Ordú Forfheidhmithe Eorpach a cheartú nó a tharraingt siar

9. (1) Ní foláir gur chun na Cúirte a dheimhnigh gur Ordú Forfheidhmithe Eorpach an breithiúnas baile lena mbaineann a dhéanfar iarratas faoi Airteagal 10(1) de Rialachán Uimh. 805/2004 ar dheimhniú um Ordú Forfheidhmithe Eorpach a cheartú nó a tharraingt siar.

(2) Sula ndéanfar iarratas faoi Airteagal 10(1), ní foláir don pháirtí tionscnaimh an Fhoirm iarratais atá in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Uimh. 1869/2005 a chomhlánú, agus ní foláir dó nó di an fhoirm iarratais chomhlánaithe a chomhdú leis an gCléireach.

(3) Ní foláir don pháirtí tionscnaimh cóip den fhoirm iarratais chomhlánaithe a sheirbheáil ar an gcreidiúnaí breithiúnais nó (de réir mar a bheidh) ar an bhféichiúnaí breithiúnais, mar aon le cóip d’aon mhionnscríbhinn arna mionnú ag an bpáirtí tionscnaimh nó thar a cheann nó thar a ceann agus a bhfuil ar intinn í a úsáid san iarratas.

(4) I gcás go lorgófar ceartú, ní foláir cóip den fhoirm de dheimhniú um Ordú Forfheidhmithe Eorpach a eisíodh roimhe sin a fhoilseánadh le haon mhionnscríbhinn a bheidh mar thaca leis an iarratas, a mbeidh an ceartú a lorgófar marcáilte uirthi, agus ní foláir na hábhair atá sa deimhniú marcáilte a fhíorú sa mhionnscríbhinn forais.

(5) I gcás go gcinnfear, ar iarratas faoin riail seo, gur chóir an deimhniú um Ordú Forfheidhmithe Eorpach i leith an bhreithiúnais baile lena mbaineann a cheartú nó a tharraingt siar, ní foláir don pháirtí, ar ar iarratas uaidh nó uaithi a deimhníodh gur Ordú Forfheidhmithe Eorpach an breithiúnas baile lena mbaineann, laistigh de sheacht lá ón gcinneadh sin, an deimhniú bunaidh um Ordú Forfheidhmithe Eorpach i leith an bhreithiúnais baile lena mbaineann a thaisceadh leis an gCléireach.

(6) I gcás ceartú, ní foláir don pháirtí a rinne iarratas ar cheartú dréacht-deimhniú ceartaithe a thaisceadh leis an gCléireach.

(7) Ní foláir don Chléireach, i gcás ceartú, an deimhniú ceartaithe a thabhairt ar aird don Bhreitheamh lena athshíniú.

(8) Faoi réir aon ordachán arna dhéanamh ag an gCúirt ina leith sin, ní foláir don Chléireach an deimhniú ceartaithe a eisiúint chuig an bpáirtí ar ar iarratas uaidh nó uaithi a deimhníodh gur Ordú Forfheidhmithe Eorpach an breithiúnas baile lena mbaineann.

(9) I gcás go ndéanfar an deimhniú a tharraingt siar, ní foláir don Chléireach an deimhniú a thabhairt ar aird don Bhreitheamh lena chealú.

(10) I gcás go mainneoidh an duine, ar ar iarratas uaidh nó uaithi a deimhníodh gur Ordú Forfheidhmithe Eorpach an breithiúnas baile lena mbaineann, de réir fho-riail (5) an deimhniú bunaidh um Ordú Forfheidhmithe Eorpach i leith an bhreithiúnais baile lena mbaineann a thaisceadh leis an gCléireach laistigh de sheacht lá ó chinneadh, ní foláir don Chléireach, ar an iarratasóir é a iarraidh, deimhniú arna shíniú ag an mBreitheamh a sholáthar don iarratasóir lena ndeimhneofar go ndearnadh an deimhniú um Ordú Forfheidhmithe Eorpach a cheartú nó (de réir mar a bheidh) a tharraingt siar. 

10 Deimhniú dúblach

10. (1) Féadfaidh an Cléireach, ar pháirtí é a iarraidh, dúblach d’aon deimhniú dá dtagraítear san Ordú seo a thíolacadh don Bhreitheamh lena shíniú agus a eisiúint chuig an bpáirtí.

(2) Ní foláir aon deimhniú dúblach a mharcáil mar dhúblach. 

11 Dréacht-deimhniú a thaisceadh

11. Ní foláir don iarratasóir, i ngach cás, dréacht den fhoirm chomhlánaithe den deimhniú, a mbeidh iarratas déanta ina leith, a thaisceadh leis an gCléireach i gcás nach mbeifear tar éis dréacht-deimhniú a fhoilseánadh cheana féin le mionnscríbhinn a bheidh mar thaca leis an iarratas ar an deimhniú.