Ordú: 21
Freastal finnéithe
Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:
No21-S.I. No. 94 Of 2010: District Court (Criminal Justice (Mutual Assistance) Act 2008) Rules 2010
Toghairm ar fhinné freastal a dhéanamh
1. (1) Aon pháirtí ar mian leis nó lé i go bhfreastalóidh duine ar bith chun fianaise a thabhairt, nó aon chuntais, páipéir, doiciméid nó nithe a thabhairt ar aird don Chúirt, féadfaidh sé nó sí iarratas a dhéanamh ar thoghairm fhinné (Foirm 21.1 , Sceideal B) agus féadfaidh an Breitheamh, an Cléireach nó Feidhmeannach Síochána an toghairm fhinné sin a eisiúint, á cheangal ar an duine a ndírítear an toghairm chuige nó chuici ceanglais na toghairme sin a chomhlíonadh san am agus san áit a bheidh luaite inti.
Ordú ón gCúirt toghairm a eisiúint
(2) In aon chás ina mbainfidh deacracht leis an toghairm sin a eisiúint, féadfar a iarraidh ar an gCúirt í a eisiúint, agus má iarrtar sin féadfaidh an Chúirt an toghairm a eisiúint, nó a ordú í a eisiúint, nó déileáil thairis sin leis an ábhar i cibé slí is cóir léi.
Siniú agus seirbheail toghairme
(3) Ní foláir an toghairm sin a bheith sínithe ag an mBreitheamh, an Cléireach nó Feidhmeannach Síochána a eiseoidh í, agus eiseofar léi freisin cóip chun a seirbheála ar gach duine ar chuige nó chuici a bheidh sí dírithe, agus seirbheálfar na cóipeanna sin trí lá glan ar a laghad roimh an dáta a bheidh socraithe chun an gearána é isteacht.
Éifeacht ag seirbheáil in aon chuid den Stát
(4) Féadfar an toghairm sin a sheirbheáil in aon chuid den Stát agus, ar an tseirbheáil a bheith déanta, beidh sí ina ceangal chomh héifeachtach ar an bhfinné agus dá mbeadh cónaí air nó uirthi laistigh de limistéar dlínse eisiúna toghairmeacha an Bhreithimh, an Chléirigh nó an Fheidhmeannaigh Shíochána a d’eisigh í.
Mainneachtain freastal a dhéanamh nó seirbheáil á seachaint — féadfar barántas a eisiúint
(5) Más rud é go mainneoidh duine ar díríodh an toghairm sin chuige nó chuici freastal san am agus san áit a ceapadh agus nach dtabharfar aon leithscéal cóir faoin mainneachtain sin, ansin, arna chruthú sa tslí a fhoráiltear leis na Rialacha seo go ndearnadh an toghairm sin a sheirbheáil go cuí ar an duine sin, nó ar fhaisnéis (Foirm 21.2, Sceideal B) a thabhairt go bhfuil an duine sin ag seachaint na seirbheála agus go bhfuil ar a chumas nó ar a cumas fianaise a thabhairt sa chás, féadfaidh an Breitheamh a bhfuil an gearán le héisteacht os a chomhair nó os a comhair barántas (Foirm 21.3 nó 21.4, Sceideal B) a eisiúint chun an duine sin a ghabháil.
Féadfar barántas a eisiúint in ionad toghairme
(6) Más rud é gur deimhin le Breitheamh de bharr Faisnéise (Foirm 21.5, Sceideal B) arna déanamh faoi mhionn agus i scríbhinn gur dócha nach ndéanfaidh duine, a bhfuil ar a chumas nó ar a cumas fianaise a thabhairt i gcás, freastal chun fianaise a thabhairt mura gcuirtear iallach air nó uirthi déanamh amhlaidh, féadfaidh sé nó sí barántas (Foirm 21.6, Sceideal B) a eisiúint chun an duine sin a ghabháil.
An nós imeachta ar dhuine a ghabháil
(7) Nuair a ghabhfar aon duine den sórt sin, tabharfar láithreach é nó í os comhair an Bhreithimh sin, nó os comhair Breithimh eile ag a bhfuil dlínse i ndúiche an Bhreithimh sin, agus athchuirfidh an Breitheamh faoi choimeád nó faoi bhannaí é nó í, go dtí éisteacht an ghearáin sin; agus, más faoi bhannaí a athchuirtear é nó í, féadfar a chur de choinníoll leis an gCúirtbhanna go dtabharfaidh sé leis nó sí lé i, agus go dtabharfaidh sé nó sí ar aird, san am agus san áit a gceanglófar air nó uirthi freastal ann, na cuntais, na páipéir, na doiciméid nó na nithe uile den sórt a dúradh.
Diúltú fianaise a thabhairt
2. (1) Más rud é go bhfreastalóidh duine mar fhinné, in umhlaíocht do thoghairm nó de bhua barántais, nó go mbeidh sé nó sí i lá thair sa Chúirt agus go gceanglófar air nó uirthi fianaise a thabhairt, agus go ndiúltóidh sé dá cheistiú nó sí dá ceistiú faoi mhionn, nó go ndiúltóidh sé nó sí ceisteanna dleathacha a fhreagairt a chuirfear air nó uirthi ansin, nó go ndiúltóidh sé nó sí aon chuntais, páipéir, doiciméid nó nithe a thabhairt ar aird (gan aon leithscéal cóir a thabhairt faoin diúltú sin), féadfaidh an Breitheamh na himeachtaí a chur ar atráth go dtí an Chúirt chéanna nó aon Chúirt eile ina dhúiche nó ina dúiche go ceann aon tréimhse nach sia ná ocht lá, agus féadfaidh sé nó sí le barántas (Foirm 21.7, Sceideal B), an finné sin a chimiú chun príosúin go dtí am na héisteachta sin. Má dhiúltaíonn an finné sin arís, ar é nó í a thabhairt i láthair na héisteachta atrátha sin, an mionn a thabhairt, nó fianaise a thabhairt mar a dúradh, nó cuntais, páipéir, doiciméid nó nithe den sórt a dúradh a thabhairt ar aird, de réir mar a bheidh, féadfaidh an Breitheamh na himeachtaí a chur ar atráth arís agus an finné a chimiú sa tslí chéanna, agus mar an gcéanna arís ó am go ham go dtí go dtoileoidh sé nó sí an mionn a thabhairt nó fianaise a thabhairt mar a dúradh, nó na cuntais, na páipéir, na doiciméid nó na nithe sin a thabhairt ar aird, de réir mar a bheidh, (ar choinníoll nach mairfidh aon phríosúnacht den sórt sin, in aon chás dlínse achomaire nó sibhialta, níos sia ná mí san iomlán). *Ina theannta sin, forghéillfidh an finné sin, in imeachtaí faoi na hAchtanna Custam, cibé suim, in aghaidh gach diúltaithe den sórt a dúradh, is cuí leis an mBreitheamh agus nach mó ná fiche punt, agus cuirfidh an Breitheamh faoi deara aon fhíneáil den sórt sin a thaifeadadh sa leabhar miontuairisce nó i nduilleog na gcúiseamh, de réir mar a bheidh.
(2) Ní choiscfidh aon ní dá bhfuil anseo ar an mBreitheamh aon chás den sórt sin a chur chun a thrialach, nó a chinneadh ar shlí eile idir an dá linn, de réir aon fhianaise eile a gheofar.
*Customs Consolidation Act, 1876 [caib.36, a.228].