Order 45B

Discovery And Inspection Of Documents : S.I. No. 17 Of 2014

Nasc gaolmhara
S.I. No. 17 of 2014 - provisions overview

 

1 Feidhm an Ordaithe seo

 

1. Ní bheidh feidhm ag an Ordú seo maidir le héilimh i leith féich (mura mbeidh ordú déanta trína dtabharfar cead cosaint a dhéanamh) ná maidir le héilimh bheaga. 

2 Iarraidh ar iniúchadh nó ar chóipeanna de dhoiciméid arna liostú i bhfógra éilimh nó i gcosaint

2. (1) Féadfaidh freagróir, tráth ar bith tar éis fógra éilimh a sheirbheáil air nó uirthi agus sula ndéanfar láithreas agus cosaint a sheachadadh, iarraidh a dhéanamh i scríbhinn chun an éilitheora ar chóipeanna de na nithe seo a leanas go léir nó d’aon cheann díobh:

(a) an comhfhreagras nó na doiciméid eile arna liostú sa ráiteas éilimh;

(b) aon doiciméad eile dá dtagraítear sa ráiteas éilimh.

(2) Féadfaidh éilitheoir, tráth ar bith tar éis láithreas agus cosaint a sheirbheáil air nó uirthi, iarraidh a dhéanamh i scríbhinn chun an fhreagróra ar chóipeanna de na nithe seo a leanas go léir nó d’aon cheann díobh:

(a) an comhfhreagras nó na doiciméid eile arna liostú sa láithreas agus sa chosaint;

(b) aon doiciméad eile a luaitear sa láithreas agus sa chosaint.

(3) Ní foláir don pháirtí a ndéanfar iarraidh faoi fho-riail (1) nó (2) chuige nó chuici laistigh de sheacht lá tar éis an iarraidh a fháil:

(a) cóipeanna a sholáthar de cibé cinn de na doiciméid a bheidh iarrtha agus a bheidh ina sheilbh nó ina seilbh nó a mbeidh sé de chumhacht aige nó aici iad a fháil ar na muirir réasúnacha as iad a chóipeáil a íoc; nó

(b) cibé cinn de na doiciméid a thabhairt ar aird, is doiciméid a bheidh iarrtha agus a bheidh ina sheilbh nó ina seilbh nó a mbeidh sé de chumhacht aige nó aici iad a fháil lena n-iniúchadh ag an bpáirtí a mbeidh an iarraidh déanta aige nó aici, nó ag a aturnae nó ag a haturnae, agus a cheadú dó nó di cóipeanna a dhéanamh díobh.

(4) Más rud é go gcomhaontóidh na páirtithe amhlaidh:

(a) féadfar cóipeanna de dhoiciméid a sholáthar i bhfoirm leictreonach nó i cibé foirm eile a chomhaontófar nó a ordófar; agus

(b) féadfar iniúchadh a cheadú ar chóipeanna leictreonacha de dhoiciméid nó ar dhoiciméid i bhfoirm leictreonach.

(5) Aon pháirtí a mhainneoidh iarraidh faoi fho-riail (1) nó (2) a chomhlíonadh, ní fhéadfaidh sé nó sí dá éis sin aon doiciméad den sórt sin a chur i bhfianaise thar a cheann féin nó thar a ceann féin, mura deimhin leis an gCúirt go raibh cúis leordhóthanach ann gan an iarraidh a chomhlíonadh, agus sa chás sin féadfaidh an Chúirt a cheadú go gcuirfear an doiciméad i bhfianaise ar cibé téarmaí i dtaobh costas agus eile is dóigh léi is cóir. 

 

3 Iarratas ar fhollasú tar éis iarrata

3. (1) I gcás gur mian le páirtí go ndéanfar doiciméid a fhollasú de bhreis ar na doiciméid sin a bhféadfar go dtabharfar ar aird iad faoi riail 2, ní foláir don pháirtí iarraidh a dhéanamh i scríbhinn ar dtús ar fhollasú saorálach laistigh de thréimhse 21 lá ó dháta na hiarrata.

(2) Ní foláir go sonrófar san iarraidh na doiciméid bheachta nó na hearnálacha beachta de dhoiciméid a lorgófar follasú a dhéanamh ina leith; go soláthrófar na cúiseanna go n-éileofar gach earnáil de dhoiciméid a fhollasú agus go míneofar an fáth gur gá na doiciméid a lorgófar a fhollasú chun an t-éileamh a chur de láimh go cothrom nó chun costais a spáráil.

(3) Más rud é go mainneoidh nó go ndiúltóidh an páirtí iarrtha follasú a dhéanamh nó go ndéanfaidh sé nó sí faillí déanamh amhlaidh nó go dtabharfaidh sé nó sí neamhaird ar an iarraidh, féadfaidh an páirtí a mbeidh follasú á lorg aige nó aici iarratas a dhéanamh chun na Cúirte trí fhógra foriarratais, a mbeidh mionnscríbhinn mar thaca leis, ar ordú lena n-ordófar don pháirtí iarrtha follasú a dhéanamh faoi mhionn i dtaobh na ndoiciméad atá, nó a bhí, ina sheilbh nó ina seilbh nó a bhfuil, nó a raibh, sé de chumhacht aige nó aici iad a fháil, agus a bhaineann le haon ábhar a bheidh i gceist san imeacht sibhialta.

(4) Ní foláir an fógra foriarratais agus cóip d’aon mhionnscríbhinn a sheirbheáil tráth nach giorra ná ceithre lá glan roimh an dáta fillte.

(5) Ar an iarratas a éisteacht, féadfaidh an Chúirt, ag féachaint do luach an éilimh:

(a) diúltú don iarratas nó é a chur ar atráth, más deimhin léi nach bhfuil gá leis an bhfollasú nó nach bhfuil gá leis ag an gcéim sin den imeacht; nó

(b) cibé ordú a dhéanamh ar cibé téarmaí maidir leis an urrús i leith chostais an fhollasaithe nó eile, agus go ginearálta nó faoi theorainn aicmí áirithe de dhoiciméid, de réir mar is dóigh léi is cóir.

4 Ordú follasaithe gan foriarratas i gcásanna práinneacha nó le toiliú

 

4. D’ainneoin riail 3, in aon chás ina measfaidh an Chúirt gur cuí é mar gheall ar a phráinní atá an t-ábhar nó ar thoiliú na bpáirtithe, ar chineál an cháis nó ar aon imthosca eile, féadfaidh an Chúirt cibé ordú a dhéanamh chun go ndéanfaidh aon pháirtí follasú is dealraitheach di a bheith cuí, gan é a bheith riachtanach iarratas a dhéanamh roimh ré i scríbhinn. 

5 Mionnscríbhinn

5. Ní foláir go sonrófar sa mhionnscríbhinn a bheidh le déanamh ag páirtí a mbeidh ordú follasaithe déanta ina choinne nó ina coinne cé acu de na doiciméid, más aon cheann díobh, a bheidh sceidealta sa mhionnscríbhinn a mbeidh sé nó sí ag cur i gcoinne é a thabhairt ar aird, agus ní foláir go mbeidh sí de réir Fhoirm 45B.01, Sceideal C. 

6 Ordú chun doiciméid a thabhairt ar aird lena n-iniúchadh

6. (1) Féadfaidh an Chúirt, tráth ar bith le linn imeachtaí sibhialta a bheith ar feitheamh, a ordú d’aon pháirtí sna himeachtaí sibhialta cibé cinn de na doiciméid, is ceart leis an gCúirt, atá ina sheilbh nó ina seilbh nó faoina chumhacht nó faoina cumhacht agus a bhaineann le haon ábhar atá i gceist sna himeachtaí sibhialta, a thabhairt ar aird, faoi mhionn; agus féadfaidh an Chúirt déileáil leis na doiciméid sin, nuair a thabharfar ar aird iad, ar an tslí is cóir leis an gCúirt.

(2) Más rud é nach ndéanfaidh páirtí a mbeidh iarraidh faoi riail 2(1) nó (2) seirbheáilte air nó uirthi cóipeanna a sholáthar nó fógra a thabhairt i dtaobh ama chun iniúchadh a dhéanamh nó más rud é go ndéanfaidh sé nó sí agóid i gcoinne iniúchadh a dhéanamh, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ón bpáirtí arb é sin a mhian nó a mian, ordú a dhéanamh chun iniúchadh a dhéanamh ag cibé am agus i cibé áit agus ar cibé slí a ordóidh an Chúirt.

(3) Ní foláir iarratas faoi fho-riail (2) a dhéanamh trí fhoriarratas iar bhfógra a bheidh le seirbheáil tráth nach déanaí ná ceithre lá glan roimh an dáta fillte agus ní foláir mionnscríbhinn a bheith mar thaca leis ina dtaispeánfar cad iad na doiciméid a lorgaítear iniúchadh a dhéanamh orthu agus go bhfuil siad i seilbh an pháirtí eile nó go bhfuil de chumhacht aige nó aici iad a fháil. 

7 Mainneachtain déanamh de réir ordú follasaithe

7. (1) Más rud é go mainneoidh éilitheoir déanamh de réir ordú chun doiciméid a fhollasú nó a iniúchadh, dlífear a éileamh nó a héileamh a dhíbhe d’uireasa é a thabhairt ar aghaidh.

(2) Más rud é go mainneoidh freagróir déanamh de réir ordú chun doiciméid a fhollasú nó a iniúchadh, dlífear a láithreas agus a chosaint nó a cosaint, más ann, a scriosadh amach, agus é nó í a chur sa chás céanna ina mbeadh sé nó sí dá mba rud é nach ndearna sé nó sí cosaint. 

8 Costais an fhollasaithe

8. I ngach imeacht sibhialta, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, beidh costais an fhollasaithe mar chuid de chostais an pháirtí a mbeidh follasú á lorg aige nó aici, amhail idir páirtí agus páirtí nó idir aturnae agus cliant, i gcás é a bheith deimhnithe ag an gCúirt go bhfuil gá le follasú, agus sa chás sin amháin. 

9 Feidhm maidir le leanaí

9. Beidh feidhm ag an Ordú seo maidir le haon éilitheoir nó freagróir is leanbh agus maidir le neaschara aon pháirtí den sórt sin nó caomhnóir ad litem ar aon pháirtí den sórt sin. 

10 Cúirt d’iniúchadh doiciméid

10. I gcás go ndéanfar iarratas chun doiciméad a thabhairt ar aird nó a iniúchadh agus:

(a) go ndéanfar éileamh go bhfuil an doiciméad faoi phribhléid ó thaobh é a thabhairt ar aird, nó

(b) go ndéanfar agóid i gcoinne é a thabhairt ar aird ar aon fhoras eile,

féadfaidh an Chúirt an doiciméad a iniúchadh chun breith a thabhairt i dtaobh bhailíocht an éilimh nó na hagóide. 

 

11 Follasú tar éis ordacháin a thabhairt

11. Más rud é go dtabharfaidh an Chúirt ordacháin a bhaineann le doiciméid a fhollasú nó a iniúchadh, ní fhéadfaidh páirtí ar bith, gan ordú breise, iarraidh ar fhollasú a sheirbheáil ar aon pháirtí eile ach amháin de réir na n-ordachán sin. 

12 Duine nach páirtí d’fhollasú doiciméad nó d’fhreagairt agarcheisteanna

12. (1) Beidh feidhm ag an riail seo i gcás gur deimhin leis an gCúirt, ar iarratas trí fhógra foriarratais ó pháirtí, maidir le duine nach páirtí sna himeachtaí sibhialta (an “duine nach páirtí” sa riail seo), gur dócha go bhfuil nó go raibh doiciméid ina sheilbh nó ina seilbh nó go bhfuil nó go raibh sé de chumhacht aige nó aici iad a fháil, is doiciméid is iomchuí maidir le saincheist a eascróidh nó ar dócha di eascairt as an éileamh nó as an imeacht nó go bhfuil nó gur dócha go mbeidh sé nó sí in ann fianaise is iomchuí maidir le saincheist den sórt sin a thabhairt.

(2) Ar iarratas a luaitear i bhfo-riail (1), féadfaidh an Chúirt ordú a dhíriú chuig duine nach páirtí chun agarcheisteanna a bheidh leagtha amach san ordú a fhreagairt nó follasú a dhéanamh ar dhoiciméid a bheidh sonraithe san ordú nó iniúchadh na ndoiciméad sin a cheadú.

(3) Ní fhéadfar ordú a dhéanamh ar iarratas faoi fho-riail (1) mura deimhin leis an gCúirt:

(a) más iomchuí, gur lorg an páirtí tionscnaimh na doiciméid nó, de réir mar a bheidh, an fhianaise, is ábhar don iarratas, ó pháirtí sna himeachtaí sibhialta; agus

(b) nach bhfuil na doiciméid nó, de réir mar a bheidh, an fhianaise, is ábhar don iarratas, ar fáil ó pháirtí sna himeachtaí sibhialta.

(4) Sula n-eiseofar fógra foriarratais faoi fho-riail (1), ní foláir don pháirtí, a mbeidh follasú á lorg aige nó aici ar dhuine nach páirtí, ar dtús, iarraidh ar fhollasú saorálach a chur de réir riail 3, is iarraidh a dhéanfar chuig an duine nach páirtí agus a dtabharfar cóip di do na páirtithe eile sna himeachtaí.

(5) Ní foláir don pháirtí a mbeidh ordú á lorg aige nó aici faoin riail seo an duine nach páirtí a shlánú i leith na gcostas go léir a thabhóidh an duine nach páirtí le réasún le linn dó nó di agarcheisteanna a fhreagairt nó follasú a dhéanamh agus maidir leis na costais a bheidh ar an bpáirtí a mbeidh an t-ordú á lorg aige nó aici ní foláir gur costais an pháirtí sin sna himeachtaí sibhialta iad.

(6) Beidh feidhm ag forálacha an Ordaithe seo fara aon mhodhnuithe is gá maidir le hordú a bheidh dírithe chuig duine nach páirtí amhail is dá mb’ordú é a díríodh chuig páirtí sna himeachtaí sibhialta.