Ordú: 23

Cionta achoimre a thriail : I.R. Uimh. 19 de 2016

I. FEIDHM AGUS LÉIRIÚ

Feidhm

1. (1) Tá feidhm ag forálacha an Ordaithe seo maidir le haon fhíneáil agus le haon suim phionósach dá dtagraítear in alt 1 d’Acht na gCúirteanna (Uimh. 2), 1991, nó alt 23 den Petty Sessions (Ireland) Act 1851 agus folaíonn tagairtí san Ordú seo do “fíneáil” tagairt d’aon suim phionósach den sórt sin.

(2) Tá feidhm ag forálacha an Ordaithe seo freisin maidir le cionta indíotáilte a bhfuiltear ag déileáil leo go hachomair.

Léiriú

2. San Ordú seo:

ciallaíonn “Acht 2014” an tAcht Fíneálacha (Íoc agus Gnóthú), 2014 (Uimh. 7 de 2014);

tá le “fostóir” an bhrí chéanna atá leis in Acht 2014;

ciallaíonn “modh seirbheála ceadaithe” modh seirbheála a cheadaítear le halt 21 d’Acht 2014.

II. LÁITHRIS


Más rud é go láithreoidh an cúisí agus go n-admhóidh sé nó sí gearán

3. Más rud é go láithreoidh an cúisí, go pearsanta nó trí aturnae nó abhcóide, agus go n-admhóidh sé nó sí gur fíor an gearán, arna dhéanamh ina choinne nó ina coinne, féadfaidh an Chúirt, mura léir di aon leorchúis lena mhalairt a dhéanamh, é nó í a chiontú nó ordú a dhéanamh ina choinne nó ina coinne dá réir, ach, mura n-admhóidh an cúisí gur fíor an gearán, rachaidh an Chúirt ar aghaidh, faoi réir fhorálacha riail 4, chun an gearán sin a éisteacht agus a chinneadh.

Más rud é nach láithreoidh an cúisí

4. Faoi réir fhorálacha Ordú 22, riail 3, más rud é nach mbeidh an cúisí i láthair agus nach mbeidh ionadaí dó nó di i láthair chun freagra a thabhairt ar an ngearán agus, i gcás toghairme, gur léir don Chúirt gur seirbheáladh an toghairm go cuí, féadfaidh an Chúirt dul ar aghaidh chun déileáil leis an ngearán nó féadfaidh sí barántas a eisiúint chun an cúisí a ghabháil.

Más rud é nach láithreoidh an t-ionchúisitheoir

5. Más rud é go mbeidh an cúisí (nó a ionadaí nó a hionadaí) i láthair san am agus san áit is gá agus nach mbeidh an t-ionchúisitheoir (nó a ionadaí nó a hionadaí) i láthair, féadfaidh an Chúirt éisteacht an ghearáin a scriosadh amach, a dhíbhe gan dochar nó a chur ar atráth.


III. FÍNEÁLACHA


Nithe a chuirfear san áireamh nuair a bheidh méid á cheapadh

6. (1) Más rud é go bhforchuirfidh an Chúirt fíneáil, cuirfidh sí san áireamh, i dteannta nithe eile, nuair a bheidh méid na fíneála á shocrú aici, imthosca airgeadais an duine de réir alt 5 d’Acht 2014.

(2) Más rud é go mbeidh an duine ar ar cuireadh fíneáil i láthair ag éisteacht nuair a fhorchuirfear fíneáil, féadfar ceanglas alt 6(3) d’Acht 2014 a chomh- líonadh trí na roghanna atá ar fáil faoi alt 6(1)(a) d’Acht 2014 a chur in iúl don duine ó bhéal ag an éisteacht sin.

(3) Más rud é go n-eiseoidh an Chúirt fógra i scríbhinn faoi alt 5(5) d’Acht 2014 á cheangal ar dhuine freastal os comhair na Cúirte agus cibé faisnéis a sholáthar don Chúirt a éileoidh an Chúirt i ndáil lena imthosca airgeadais nó lena himthosca airgeadais, féadfaidh an fógra a bheith i bhFoirm 23.1, Sceideal B. Déanfaidh an Cléireach aon fhógra den sórt sin a sheirbheáil ar an duine ciontaithe leis an ngnáthphost ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine ciontaithe nó, i gcás go mbeidh seoladh le haghaidh seirbheála tugtha don Chléireach, ag an seoladh sin, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

Tréimhse ama chun fíneáil a íoc

7. (1) Féadfaidh an Chúirt, faoi réir an rogha faoi alt 6(1)(a)(ii) d’Acht 2014 a bheith ar fáil don duine cúisithe, a ordú fíneáil a íoc laistigh de cibé tréimhse, nach giorra ná 14 lá glan, is cuí léi a shocrú chuige sin agus, mura socróidh sí aon tréimhse, íocfar an fhíneáil laistigh de 14 lá glan ó dháta an ordaithe, agus ar iarratas a dhéanamh ina dhiaidh sin ag an gcúisí nó thar ceann an chúisí, féadfaidh sí cibé tréimhse bhreise is cuí léi a cheadú chun í a íoc.

(2) Más rud é gur deimhin leis an gCúirt go bhfuil oiread acmhainne ag an duine cúisithe chun a chumasú dó nó di an pionós a íoc láithreach, nó nach bhfuil aon áit chónaithe sheasta ag an gcúisí laistigh den dlínse, nó más rud é, ar cheist a chur ar an gcúisí, an mian leis nó léi tréimhse ama lena íoc, nach ndéarfaidh sé nó sí gur mian, nó má ordaíonn an Chúirt go sainráiteach ar aon chúis speisialta nach gceadófar aon tréimhse ama lena íoc, féadfaidh sí a ordú, de réir alt 1 den Criminal Justice Administration Act 1914 an pionós a íoc láithreach, agus más rud é nach dtabharfar aon tréimhse ama lena íoc, luafar an chúis leis sin sa bharántas cimithe.

Fógra don duine ar ar cuireadh fíneáil

8. (1) I gcás fíneáil a bheith forchurtha ag an gCúirt, eiseoidh an Cléireach, nó eiseofar thar a cheann nó thar a ceann, fógra i bhFoirm 23.2 de Sceideal B chuig an duine ar ar cuireadh fíneáil ina n-inseofar dó nó di gur forchuireadh fíneáil, méid na fíneála agus an tréimhse ama chun a híoctha. Cuirfear in iúl san fhógra don duine ar ar cuireadh fíneáil an rogha aon íocaíocht amháin a dhéanamh nó í a íoc ina tráthchodanna, má cheadaítear, de réir alt 6 d’Acht 2014, agus na hiarmhairtí a bhainfidh le mainneachtain an fhíneáil a íoc faoin dáta dlite nó, de réir mar a bheidh, mainneachtain tráthchuid iomchuí a íoc sna himthosca a luaitear in alt 7(3) d’Acht 2014, de réír alt 7 d’Acht 2014. Déanfar aon fhógra den sórt sin a sheirbheáil ar an duine ciontaithe leis an ngnáthphost ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine ciontaithe, nó i gcás go mbeidh seoladh le haghaidh seirbheála tugtha, ag an seoladh sin, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

(2) Más rud é nach gcomhlíonfar forálacha na rialach seo, nó go mbeidh aon ní ar lár nó aon mhíráiteas san fhógra, ní rachaidh sin chun dochair i slí ar bith d’aon imeachtaí ina dhiaidh sin i ndáil leis an bhfíneáil nó d’eisiúint aon bharántais ag an gCúirt, seachas ar ordú ón gCúirt.

Fógra chun freastal os comhair na Cúirte mar gheall ar mhainneachtain íoc

9. (1) Féadfaidh an Cléireach, aon tráth tar éis an dáta dlite le haghaidh íocaíochta, fógra a eisiúint i bhFoirm 23.3,, Sceideal B, chun críocha alt 7(4) d’Acht 2014, á cheangal ar an duine ar ar cuireadh fíneáil nár íoc an fhíneáil (nó, de réir mar a bheidh, tráthchuid iomchuí) faoin dáta dlite le haghaidh íocaíochta de réir Acht 2014, láithriú os comhair na Cúirte ar dháta agus tráth a bheidh sonraithe san fhógra (an “dáta Cúirte” san Ordú seo).

(2) Is i bhFoirm 23.4, Sceideal B, a bheidh an ráiteas i scríbhinn faoi imthosca airgeadais an duine ar ar cuireadh fíneáil.

Orduithe gnóthaithe

10. (1) Is i bhFoirm 23.5, Sceideal B, a bheidh ordú lena gceapfar duine ceadaithe nó sirriam chun na feidhmeanna a leagtar amach in alt 8(1)(b) d’Acht 2014 a chomhall.

(2) Sula ndéanfar iarratas faoi alt 8(6) d’Acht 2014 ó ghlacadóir arna cheapadh nó arna ceapadh faoi ordú gnóthaithe arna dhéanamh ag an gCúirt ar ordacháin i ndáil le comhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoi Acht 2014, eiseofar fógra iarratais i bhFoirm 23.6, Sceideal B. Déanfar an fógra bunaidh a thaisceadh leis an gCléireach tráth nach giorra ná dhá lá roimh an dáta a bheidh socraithe chun an t-iarratas a éisteacht.

(3) Ar an iarratas a éisteacht, tabharfaidh an glacadóir ar aird cóip den ordú gnóthaithe arna thabhairt dó nó di ag an tSeirbhís Chúirteanna de bhun alt 8(2)(a) d’Acht 2014.

(4) Féadfaidh an Chúirt iarratas faoin riail seo a chur ar atráth agus a ordú go dtabharfar fógra faoin iarratas don duine ar ina leith a rinneadh an t-ordú gnóthaithe nó d’aon duine eile.

(5) Is i bhFoirm 23.7, Sceideal B, a bheidh fógra ó ghlacadóir chuig an gCúirt chun críocha alt 11(1) d’Acht 2014 agus déanfar é a thaisceadh leis an gCléireach.

(6) Ar iarratas chun críocha alt 11(1) d’Acht 2014 a fháil, eiseoidh an Cléireach fógra i bhFoirm 23.3, Sceideal B, arna dhíriú chuig an duine ar ar cuireadh fíneáil chun críocha alt 11(2) d’Acht 2014.

(7) Déanfaidh an Cléireach an fógra arna eisiúint faoi fho-riail (6) a sheirbheáil leis an ngnáthphost ar an duine ar ar cuireadh fíneáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine ar ar cuireadh fíneáil nó i gcás go mbeidh seoladh le haghaidh seirbheála tugtha don Chléireach, ag an seoladh sin, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

(8) Is i bhFoirm 22.2, Sceideal B, fara na modhnuithe is gá, a bheidh barántas arna eisiúint de réir alt 11(4)(a) d’Acht 2014 ar mhainneachtain an duine ar ar cuireadh fíneáil, gan leithscéal réasúnach, láithriú os comhair na Cúirte mar a cheanglaítear leis an bhfógra arna eisiúint faoi fho-riail (6).

Orduithe astaithe

11. (1) I gcás go ndéanfaidh an Chúirt ordú astaithe de réir alt 14(1) d’Acht 2014, is de réir Fhoirm 23.8, Sceideal B, a bheidh ordú na Cúirte.

(2) Cuirfidh an Cléireach faoi deara go ndéanfar an t-ordú a sheirbheáil leis an bpost cláraithe réamhíoctha chuig áit chónaithe nó áit ghnó an fhostóra, agus cuirfidh sé nó sí faoi deara cóip den ordú a sheirbheáil leis an ngnáthphost chuig an duine ar ar cuireadh fíneáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine ar ar cuireadh fíneáil nó i gcás go mbeidh seoladh le haghaidh seirbheála tugtha don Chléireach, ag an seoladh sin, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

(3) I gcás go n-ordófar de réir ordú na Cúirte suimeanna arna n-asbhaint ag an bhfostóir a íoc leis an gCléireach, eiseoidh an Cléireach admháil ar gach íocaíocht a dhéanfaidh aon fhostóir den sórt sin.

(4) Féadfar fógra faoi alt 15(4), alt 15(5) nó alt 15(6) d’Acht 2014 a thabhairt trí litir i scríbhinn agus díreofar é chuig an gCléireach.

(5) Aon uair a gheobhaidh an Cléireach fógra faoi alt 15(4), alt 15(5) nó alt 15(6) d’Acht 2014, féadfaidh sé an ní a athchur os comhair na Cúirte. Féadfaidh an Chúirt a ordú don Chléireach fógra a eisiúint á cheangal ar an duine ar ar cuireadh fíneáil láithriú ag an éisteacht bhreise. Féadfar téarmaí ordaithe athrúcháin a fhormhuiniú ar chóip den ordú astaithe agus féadfaidh an Breitheamh é a athshíniú.

(6) Cuirfidh an Cléireach faoi deara go ndéanfar an t-ordú athrúcháin a sheirbheáil ar an bhfostóir agus ar an duine ar ar cuireadh fíneáil de réir fho- riail (2).

(7) Féadfar fógra faoi alt 16(1) d’Acht 2014 a thabhairt trí litir i scríbhinn agus díreofar é chuig an gCléireach.

(8) Aon uair a gheobhaidh an Cléireach fógra gur tháinig athrú ar fhostaíocht an duine ar ar cuireadh fíneáil de réir mar a thagraítear in alt 16(1)(a)(ii)(I) d’Acht 2014, féadfaidh sé an ní a athchur os comhair na Cúirte. Féadfaidh an Chúirt a ordú don Chléireach fógra a eisiúint á cheangal ar an duine ar ar cuireadh fíneáil láithriú ag an éisteacht bhreise. Is de réir Fhoirm 23.8, Scedieal B, fara na modhnuithe is gá, a bheidh an t-ordú astaithe nua.

(9) Ar fhógra dá dtagraítear in alt 16(2)(a) nó (b) d’Acht 2014 a fháil nó ar ordú astaithe a chúlghairm faoi alt 14(4)(b) d’Acht 2014, déanfaidh an Cléireach, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, fógra a eisiúint chun críocha alt 16(3) d’Acht 2014 i bhFoirm 23.3, Sceideal B, arna dhíriú chuig an duine ar ar cuireadh fíneáil.

(10) Déanfaidh an Cléireach an fógra arna eisiúint faoi fho-riail (9) a sheirbheáil leis an ngnáthphost chuig an duine ar ar cuireadh fíneáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine ar ar cuireadh fíneáil nó i gcás go mbeidh seoladh le haghaidh seirbheála tugtha don Chléireach, ag an seoladh sin, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

(11) Is i bhFoirm 22.2, Sceideal B, fara na modhnuithe is gá, a bheidh barántas arna eisiúint de réir alt 16(5)(a) d’Acht 2014 ar mhainneachtain an duine ar ar cuireadh fíneáil, gan leithscéal réasúnach, láithriú os comhair na Cúirte mar a cheanglaítear leis an bhfógra arna eisiúint faoi fho-riail (9).

Ordú Seirbhíse Pobail

12. I gcás go ndéanfaidh an Chúirt ordú seirbhíse pobail de réir an Achta um Cheartas Coiriúil (Seirbhís Pobail), 1983, arna leasú le hAcht 19 d’Acht 2014, is de réir Fhoirm 30.1, Sceideal B, a bheidh ordú na Cúirte.

Príosúnacht i gcás go mainneofar fíneáil a íoc

13. (1) Maidir le hordú príosúnachta arna dhéanamh de réir alt 2(1) d’Acht na gCúirteanna (Uimh. 2), 1986, i gcás go gcomhlíonfar coinníollacha an ailt sin, ag suí den Chúirt ar an dáta a bheidh sonraithe san fhógra lena mbaineann faoi alt 7(4), alt 11(2) nó alt 16(3) d’Acht 2014, is ar feadh téarma nach faide ná an tréimhse chuí a shonraítear sa tábla seo a leanas é:

(1)
(2)
(3)
Uimhir thagartha
Méid na fíneála
An tréimhse príosúnachta
1
Gan bheith níos mó ná €500
5 lá
2
Níos mó ná €500 ach gan bheith níos mó ná €1,500
10 lá
3
Níos mó ná €1,500 ach gan bheith níos mó ná €3,000
20 lá
4
Níos mó ná €3,000
30 lá

(2) Déanfar an phríosúnacht sin a fhoirceannadh ar iarmhéid na fíneála atá dlite an tráth sin a íoc, nó laghdófar í ar chuid den fhíneáil a íoc de réir fhorálacha alt 3 den Criminal Justice Administration Act 1914.

Cúiteamh a íoc

*14. Má dhéantar aon suim a dhámhachtain faoi fhorálacha aon Achta mar chúiteamh i ndamáiste, nó mar luach aon earra, nó mar mhéid aon díobhála a rinneadh, íocfar mar chúiteamh í leis an duine éagóraithe; ach murab eol cé hé nó cé hí an duine éagóraithe, cuirfear an tsuim sin chun feidhme agus tabharfar cuntas inti mar a dhéanfaí le haon fhíneáil; agus má bhí níos mó ná duine amháin páirteach i ndéanamh an chiona chéanna agus go n-ordófar do gach duine acu aon chúiteamh, luach nó méid mar a dúradh thuas a íoc, ní íocfar níos mó ná méid an damáiste nó na díobhála a rinneadh, nó luach an earra, leis an duine éagóraithe, agus déanfar aon suim thairis sin a fhorghéillfear a chur chun feidhme agus cuntas a thabhairt inti mar a dhéanfaí le haon fhíneáil.

Fíneálacha a leithreasú

15. Ní gá don Chúirt, nuair a bheidh fíneáil á forchur aici, ordú a dhéanamh i dtaobh an mhodha ar a ndéanfar an fhíneáil a dhiúscairt in aon chás ina mbeidh foráil déanta le dlí cheana chun í a dhiúscairt.


IV. CÁSANNA ÁIRITHE


Ordú faoi alt 3 den Acht um Cheartas Coiriúil (Seirbhís Pobail), 2003

16. I gcás go ndéanfaidh an Chúirt ordú faoi alt 3 den Acht um Cheartas Coiriúil (Seirbhís Pobail), 2003, is i bhFoirm 23.9, Sceideal B, a bheidh an t-ordú. Déanfaidh an Cléireach cóip den ordú sin a chur chuig an duine ciontaithe leis an ngnáthphost réamhíoctha ag an áit chónaithe is déanaí is eol, nó is gnáiche, a bheith aige nó aici, agus chuig aon duine eile a n-ordóidh an Chúirt cóip den ordú sin a thabhairt dó nó di.

Orduithe faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Substaintí Sícighníomhacha), 2010

17. (1) Is i bhFoirm 23.10, Sceideal B, a bheidh ordú dúnta faoi alt 10 den Acht um Cheartas Coiriúil (Substaintí Sícighníomhacha), 2010. Déanfaidh an Cléireach cóip den ordú sin a chur leis an ngnáthphost réamhíoctha chuig:

(a) an duine a ciontaíodh, ag an áit chónaithe is déanaí is eol, nó is gnáiche, a bheith aige nó aici,

(b) úinéir nó áititheoir aon áite lena mbaineann an t-ordú, ag an áit sin, agus

(c) aon duine eile a n-ordóidh an Chúirt, de réir alt 10(3)(c) d’Acht 2010 cóip den ordú sin a thabhairt dó nó di.

(2) Maidir le hiarratas chuig an gCúirt de bhun alt 11 den Acht um Cheartas Coiriúil (Substaintí Sícighníomhacha), 2010, ar ordú ag athrú nó ag urscaoileadh ordú dúnta, féadfar é a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don dúiche chúirte ina bhfuil an t-áitreabh lena mbaineann an t-ordú dúnta. Ach amháin i gcás ina n-ordóidh nó ina gceadóidh an Chúirt a mhalairt, eiseofar fógra iarratais i bhFoirm 23.11, Sceideal B, sula ndéanfar iarratas den sórt sin. Déanfar cóip den fhógra iarratais (agus cóip den ordú dúnta i gceangal léi) a sheirbheáil ar an ionchúisitheoir sna himeachtaí ina ndearnadh an t-ordú dúnta agus ar aon duine iomchuí eile a luaitear in alt 11(3) den Acht sin tráth nach déanaí ná ceithre lá roimh an dáta a bheidh socraithe chun an t-iarratas a éisteacht, agus déanfar an fógra iarratais bunaidh (agus cóip den ordú dúnta i gceangal leis) a thaisceadh leis an gCléireach tráth nach déanaí ná dhá lá roimh an dáta a bheidh socraithe chun an t-iarratas a éisteacht. Más rud é go ndéanfaidh an Chúirt ordú ag athrú an ordaithe dúnta, is i bhFoirm 23.12, Sceideal B, a bheidh sé.

Fógra faoi alt 78(2) den Acht um Chosaint Tomhaltóirí, 2007

18. Maidir le fógra i scríbhinn arna sheirbheáil ag an gcúisí ar an ionchúisitheoir faoi alt 78(2) den Acht um Chosaint Tomhaltóirí, 2007 (Uimh. 19 de 2007), agus chun críocha an ailt sin in aon imeachtaí a fhéadfaidh an Chúirt a chinneadh, is i bhFoirm 23.13, Scedieal B a bheidh sé. Déanfar cóip den fhógra mar aon le cruthú ar sheirbheáil an chéanna a thaisceadh leis an gCléireach.

*Petty Sessions (Ireland) Act, 1851 [a. 22 (7)]