Ordú 64

An tAcht um Gheall-Chur, 1931

1. San Ordú seo, ciallaíonn ‘‘an tAcht’’ an tAcht um Gheall-Chur, 1931 (Uimh. 27 de 1931).

An nós imeachta le haghaidh achomhairc i gcoinne diúltú a rinne Ceannfort maidir le deimhniú a dheonu

2. Is é an nós imeachta a bheidh le leanúint in achomharc i gcoinne diúltú a rinne Ceannfort den Gharda Síochána maidir le deimhniú oiriúnachta pearsanta nó deimhniú oiriúnachta áitribh a dheonú faoin Acht ná an nós imeachta atá leagtha amach sna Rialacháin fén Acht um Gheall-Chur (An Chúirt Dúithche agus an Gárda Síochána), 1931 (Rialacha agus Orduithe Reachtála, 1931, Uimh. 81).