Ordú: 41A

Doiciméid a sheirbheáil in imeachtaí sibhialta - Doiciméid a sheirbheáil lasmuigh den stát le cead ón g-cúirt : I.R. Uimh. 17 de 2014

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:
No41A-S.I. No. 471 Of 2018: District Court (Service) Rules 2018

Nasc gaolmhara
S.I. No. 17 of 2014 - provisions overview

1 Mínithe

1. San Ordú seo—

ciallaíonn “Údarás Lárnach”:

(a) nuair a úsáidtear é i ndáil leis an Stát, Máistir na hArd-Chúirte; agus

(b) nuair a úsáidtear é i ndáil le Stát eile is páirtí i gCoinbhinsiún na Háige, an t-údarás nó na húdaráis arna ainmniú nó arna n-ainmniú ag an Stát sin faoi Airteagal 2 de Choinbhinsiún na Háige chun iarrataí chun doiciméid a sheirbheáil a ghlacadh;

folaíonn “doiciméad” doiciméad seachbhreithiúnach;

ciallaíonn “Coinbhinsiún na Háige” Coinbhinsiún na Háige an 15 Samhain 1965 ar Sheirbheáil Doiciméad Breithiúnach agus Seachbhreithiúnach in Ábhair Shibhialta nó Thráchtála ar an gCoigríoch;

ciallaíonn “Gníomhaireacht Ghlactha”, chun críocha an Rialacháin Seirbheála:

(a) nuair a úsáidtear é i ndáil leis an Stát, aon Chláraitheoir Contae; agus

(b) nuair a úsáidtear é i ndáil le Stát eile ina bhfuil feidhm ag an Rialachán Seirbheála, an t-údarás nó na húdaráis arna ainmniú nó arna n-ainmniú ag an Stát sin faoi Airteagal 2 den Rialachán Seirbheála chun iarrataí chun doiciméid a sheirbheáil a ghlacadh;

ciallaíonn “Rialachán Seirbheála” Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 an 13 Samhain 2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta nó thráchtála a sheirbheáil sna Ballstáit (doiciméid a sheirbheáil), agus lena n-aisghairtear Rialachán Uimh. 1348/2000 ón gComhairle (I.O. L. 324/79);

ciallaíonn “Gníomhaireacht Tarchuir”, chun críocha an Rialacháin Seirbheála:

(a) nuair a úsáidtear é i ndáil leis an Stát, aon Chláraitheoir Contae; agus

(b) nuair a úsáidtear é i ndáil le Stát eile ina bhfuil feidhm ag an Rialachán Seirbheála, na hoifigigh phoiblí, na húdaráis nó na daoine eile arna n-ainmniú ag an Stát iomchuí faoi Airteagal 2

den Rialachán Seirbheála chun iarrataí chun doiciméid a sheirbheáil a tharchur. 

2 Cásanna ina bhféadfar seirbheáil lasmuigh den Stát a cheadú

2. Féadfaidh an Chúirt a cheadú fógra éilimh nó doiciméad tionscnaimh eile (nó fógra i dtaobh doiciméad tionscnaimh) a sheirbheáil lasmuigh den Stát sna cásanna seo a leanas

(a) in imeachtaí i leith eisiachtana i gcás go bhfuil an t-áitreabh a lorgaítear a aisghabháil laistigh den Stát;

(b) in imeachtaí i gconradh más rud é, maidir leis an gconradh,

i) gur sa Stát a rinneadh é, nó

(ii) gur gníomhaire a bhíonn ag trádáil, nó a bhfuil cónaí air nó uirthi, sa Stát a rinne é, nó gur tríd nó tríthi a rinneadh é, thar ceann príomhaí a bhíonn ag trádáil, nó a bhfuil cónaí air nó uirthi, lasmuigh den Stát, nó

(iii) go bhfuil sé, de réir a théarmaí nó de réir na n-impleachtaí a bheidh aige, faoi rialú dhlí na hÉireann;

(c) in imeachtaí i dtaobh sárú a rinneadh sa Stát ar chonradh, cibé áit a ndearnadh é (fiú más rud é, sular sáraíodh an conradh sin nó nuair a bhí sé á shárú, gur sáraíodh lasmuigh den Stát freisin é, ionas nach bhféadfaí an chuid den chonradh ba chóir a chomhlíonadh sa Stát a chomhlíonadh);

(d) in imeachtaí i dtort, i gcás gur tharla an tort sa Stát;

(e) i gcás aon fhaoiseamh a bheidh á lorg i gcoinne duine a bhfuil sainchónaí nó gnáthchónaí air nó uirthi sa Stát;

(f) i gcás aon duine lasmuigh den Stát a bheith ina pháirtí nó ina páirtí riachtanach nó cuí i gcaingean a bheidh tionscanta go cuí i gcoinne duine eile a bheidh seirbheáilte go cuí sa Stát;

(g) in imeachtaí i ndáil le leanbh nó le duine mímheabhrach a bhfuil sainchónaí air nó uirthi sa Stát, nó is saoránach den Stát;

(h) más gá, in imeachtaí arna dtionscnamh faoi alt 38(3) den Acht um Cheartas Coiriúil, 1994 (agus de réir Ordú 38, riail 6) i leith ordú lena n-údarófar airgead arna urghabháil a choinneáil níos faide.

3 Mar a dhéanfar iarratas ar chead chun seirbheáil a dhéanamh lasmuigh den Stát

3. (1) Maidir le hiarratas ar chead chun fógra éilimh nó doiciméad tionscnaimh eile, (nó fógra ina thaobh), a sheirbheáil ar dhuine lasmuigh den Stát, ní foláir é a dhéanamh ex parte agus ní foláir mionnscríbhinn, nó fianaise eile, a bheith mar thaca leis ina dtaispeánfar:

(a) go gcreideann an teisteoir go bhfuil cúis mhaith chaingne ag an éilitheoir; agus

(b) an áit ina bhfuil an freagróir nó inar dóigh go bhfaighfear é nó í; agus

(c) cibé acu is saoránach d’Éirinn é nó í an freagróir (nó, de réir mar a bheidh, an freagróir iomchuí) nó nach ea; agus

(d) na forais ar a mbeidh an t-iarratas á dhéanamh.

(2) Ní ceadmhach cead a dheonú mura rud é gur léir go leordhóthanach don Chúirt gur cás cuí é chun seirbheáil a dhéanamh lasmuigh den Stát faoin Ordú seo.

4 Doiciméid a bheidh le seirbheáil ar an bhfreagróir (nó ar an bhfreagróir iomchuí)

4. Nuair a dhéanfar ordú lena ndeonófar cead seirbheáil a dhéanamh lasmuigh den Stát faoi fhorálacha an Ordaithe seo,

(1) más saoránach d’Éirinn é nó í an freagróir a bheidh le seirbheáil, ní foláir an fógra éilimh nó an doiciméad tionscnaimh eile a sheirbheáil ar an bhfreagróir sin, mar aon le haon doiciméad eile a cheanglófar a sheirbheáil in aon chás áirithe;

(2) más rud é nach saoránach d’Éirinn é nó í an freagróir a bheidh le seirbheáil, nó nach eol nó nach gcreidtear gur saoránach d’Éirinn é nó í, ní foláir fógra i dtaobh an fhógra éilimh nó an doiciméid tionscnaimh eile (seachas an doiciméad é féin) a sheirbheáil ar an bhfreagróir sin, mar aon le haon doiciméad eile a cheanglófar a sheirbheáil in aon chás áirithe;

(3) ní foláir freisin cóip den ordú, lena ndeonaítear cead, a sheirbheáil ar an bhfreagróir mar aon leis na doiciméid a cheanglaítear le fo-rialacha (1) agus (2). 

5 Modh seirbheála ar an bhfreagróir (nó ar an bhfreagróir iomchuí)

5. (1) Nuair a dheonófar cead seirbheáil a dhéanamh lasmuigh den Stát faoin Ordú seo, ní foláir seirbheáil a dhéanamh leis an bpost cláraithe nó leis an bpost árachaithe, de réir mar is cuí, nó ar cibé modh eile a ordóidh an Chúirt.

(2) Nuair a dhéanfar seirbheáil faoin riail seo leis an bpost cláraithe, ní foláir iarratas a dhéanamh chun na n-údarás poist, tráth na postála, ar fhaisnéis seachadta. Ní foláir gur trí dhearbhú reachtúil i dtaobh seirbheála, tríd an deimhniú postála agus tríd an bhfoirm faisnéise seachadta (nuair a chuirfear ar ais í) a thabhairt ar aird a chruthófar seirbheáil leis an bpost.

Ní foláir na doiciméid seo a thaisceadh leis an gCléireach mar aon leis na cóipeanna bunaidh de na doiciméid ar cuireadh cóipeanna díobh leis an bpost.

(3) Ní foláir a mheas go ndearnadh seirbheáil faoin riail seo leis an bpost cláraithe an lá a dhéanfaí an clúdach, ina raibh na doiciméid, a sheachadadh i ngnáthchúrsa an phoist nó ar cibé lá eile a fhéadfar a chruthú. 

6 I gcás feidhm a bheith ag an Rialachán Seirbheála (seirbheáil san Aontas Eorpach lasmuigh den Stát)

6. I gcás go mbeidh an duine a bheidh le seirbheáil i Stát eile ina bhfuil feidhm ag an Rialachán Seirbheála, ní foláir seirbheáil a dhéanamh de réir fhorálacha an Rialacháin Seirbheála, a bhféadfaidh a bheith san áireamh iontu:

(a) seirbheáil a dhéanfaidh gníomhairí taidhleoireachta nó consalachta, de réir Airteagal 13 den Rialachán Seirbheála (ach amháin i gcás go mbeidh curtha in iúl ag an mBallstát sin, de réir Airteagal 23(1) den Rialachán Seirbheála, go bhfuil sé i gcoinne gníomhairí taidhleoireachta nó consalachta a bheith ag seirbheáil doiciméad ina chríoch),

(b) seirbheáil leis an bpost cláraithe de réir Airteagal 14 den Rialachán Seirbheála; nó

(c) seirbheáil dhíreach, de réir Airteagal 15 den Rialachán Seirbheála (ach amháin i gcás go mbeidh curtha in iúl ag an mBallstát sin, de réir Airteagal 23(1) den Rialachán Seirbheála, go bhfuil sé i gcoinne seirbheáil dhíreach doiciméad ina chríoch).

7 I gcás go bhfuil feidhm ag Coinbhinsiún na Háige (lasmuigh den Aontas Eorpach)

7. I gcás go mbeidh an duine a bheidh le seirbheáil i Stát eile is páirtí i gCoinbhinsiún na Háige (agus nach mbeidh feidhm ag an Rialachán Seirbheála ann), ní foláir an tseirbheáil a bheith de réir fhorálacha Choinbhinsiún na Háige, a bhféadfaidh seirbheáil leis an bpost faoi riail 5 a bheith san áireamh iontu, ar choinníoll nach mbeidh agóid déanta ag an Stát cinn scríbe i gcoinne na seirbheála leis an bpost faoi Airteagal 10(a)de Choinbhinsiún na Háige. 

8 Bac ar sheirbheáil, seirbheáil a chur ar ceal, etc.

8. (1) Féadfaidh an Chúirt ordú a dhéanamh ar iarratas ó pháirtí ar a mbeidh fógra éilimh seirbheáilte lasmuigh den Stát—

(a) chun an fógra éilimh nó seirbheáil an fhógra éilimh a chur ar ceal;

(b) chun ordú lena dtugtar cead seirbheáil a dhéanamh lasmuigh den Stát a chur ar ceal nó a athrú más rud é, maidir leis an iarratas ar ordú—

(i) go ndearnadh iar bhfógra chun an pháirtí é, ach nár fhreastail an páirtí ar éisteacht an iarratais; nó

(ii) nach ndearnadh iar bhfógra chun an pháirtí sin é;

(c) chun bac a chur ar an bhfógra éilimh.

(2) Gan fo-riail (1) a theorannú, féadfaidh an Chúirt ordú a dhéanamh faoin riail seo ar an bhforas nach n-údaraítear leis na Rialacha seo seirbheáil a dhéanamh lasmuigh den Stát.

(3) Féadfaidh an Chúirt ordú a dhéanamh faoin Riail seo sula ndéanfar iarratas faoi riail 13 nó sula ndéanfar ordú ón gCúirt ar iarratas den sórt sin. 

9 Frithéileamh nó fógra tríú páirtí a sheirbheáil

9. (1) Beidh feidhm ag an riail seo—

(a) maidir le frithéileamh i gcoinne an éilitheora agus duine eile arna uamadh nó arna huamadh mar fhreagróir de réir Ordú 43 más rud é, maidir leis an duine a uamadh, nach páirtí é nó í cheana féin san imeacht; agus

(b) maidir le fógra tríú páirtí arna chomhdú de réir Ordú 42A.

(2) Féadfar frithéileamh nó fógra tríú páirtí a sheirbheáil lasmuigh den Stát gan chead más rud é, maidir leis an éileamh a bheidh déanta ag an bhfreagróir sa fhrithéileamh nó san fhógra tríú páirtí, gur de chineál é go bhféadfaí an fógra éilimh a sheirbheáil lasmuigh den Stát gan cead ón gCúirt faoi Ordú 41B, dá mba le fógra éilimh a dhéanfaí an t-éileamh. 

10 Nós imeachta

10. (1) I gcás go mbeidh doiciméad a bheidh le húsáid in imeachtaí sibhialta nó tráchtála sa Chúirt le seirbheáil ar dhuine i Stát eile ina bhfuil feidhm ag an Rialachán Seirbheála, ní foláir an doiciméad sin a sheirbheáil de réir fhorálacha an Rialacháin Seirbheála.

(2) I gcás go mbeidh doiciméad a bheidh le húsáid in imeachtaí sibhialta nó tráchtála sa Chúirt le seirbheáil ar dhuine i Stát eile nach bhfuil feidhm ag an Rialachán Seirbheála ann ach is páirtí i gCoinbhinsiún na Háige, ní foláir an doiciméad sin a sheirbheáil de réir fhorálacha Choinbhinsiún na Háige. 

11 Doiciméid le haghaidh seirbheála a thaisceadh

11. (1) Féadfaidh na daoine seo a leanas iarraidh a dhéanamh ar dhoiciméid a sheirbheáil lasmuigh den Stát in imeachtaí sibhialta sa Chúirt Dúiche:

(a) páirtí;

(b) aturnae a bheidh ag gníomhú ar son páirtí; nó

(c) Cléireach.

Rialachán Seirbheála

(2) Ní foláir do dhuine a iarrfaidh go ndéanfar doiciméad a sheirbheáil ar an gcoigríoch faoin Rialachán Seirbheála na nithe seo a leanas a thaisceadh leis an nGníomhaireacht Tarchuir de réir mar is cuí:

(i) iarraidh ar an doiciméad a sheirbheáil san fhoirm a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán Seirbheála, agus cóip den chéanna;

(ii) dhá chóip den doiciméad a bheidh le seirbheáil, agus cóip bhreise le haghaidh gach duine a bheidh le seirbheáil;

(iii) aistriúchán ar gach doiciméad go teanga oifigiúil nó go ceann de theangacha oifigiúla an Stáit chun a ndírítear é, nó i dteanga eile a bhfuil sé curtha in iúl ag an Stát sin gur féidir leis glacadh léi, mura bhfuil an doiciméad sin i gceann de na teangacha sin cheana féin;

(iv) gealltanas go n-íocfar na costais seirbheála, a bhféadfaidh go mbeidh a n-íoc nó a n-aisíoc á lorg ag Gníomhaireacht Ghlactha an Stáit chun a ndírítear;

agus beidh feidhm ag forálacha iomchuí Ordú 11D de Rialacha na nUaschúirteanna i ngach cás den sórt sin. 

Coinbhinsiún na Háige

(3) Ní foláir do dhuine a iarrfaidh go ndéanfar doiciméad a sheirbheáil ar an gcoigríoch faoi Choinbhinsiún na Háige na nithe seo a leanas a thaisceadh leis an Údarás Lárnach (Máistir na hArd-Chúirte):

(i) iarraidh ar an doiciméad a sheirbheáil san fhoirm a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Coinbhinsiún na Háige, agus cóip den chéanna;

(ii) dhá chóip den doiciméad a bheidh le seirbheáil, agus cóip bhreise le haghaidh gach duine a bheidh le seirbheáil;

(iii) aistriúchán ar gach doiciméad go teanga oifigiúil nó go ceann de theangacha oifigiúla an Stáit chun a ndírítear é, nó i dteanga eile a bhfuil sé curtha in iúl ag an Stát sin gur féidir leis glacadh léi, mura bhfuil an doiciméad sin i gceann de na teangacha sin cheana féin;

(iv) gealltanas go n-íocfar na costais seirbheála, a bhféadfaidh go mbeidh a n-íoc nó a n-aisíoc á lorg ag Údarás Lárnach an Stáit chun a ndírítear;

agus beidh feidhm ag forálacha iomchuí Ordú 11E de Rialacha na nUaschúirteanna i ngach cás den sórt sin. 

12 Deimhniú seirbheála

12. (1) Ní foláir a mheas, maidir le deimhniú seirbheála arna chomhlánú agus arna chur ar aghaidh:

(a) faoi Airteagal 10 den Rialachán Seirbheála ag an nGníomhaireacht Ghlactha; nó

(b) faoi Airteagal 6 de Choinbhinsiún na Háige ag an Údarás Lárnach chun a ndírítear é nó ag aon údarás a fhéadfaidh a bheith ainmnithe aige chun na críche sin

gur fianaise prima facie é ar na fíorais a bheidh sonraithe sa deimhniú sin.

(2) Aon doiciméad a airbheartaíonn gur deimhniú den sórt sin é ní foláir a mheas, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur deimhniú den sórt sin é.

(3) Ar dheimhniú a luaitear i bhfo-riail (1) a fháil, ní foláir don éilitheoir (nó d’aturnae an éilitheora) an deimhniú a thaisceadh leis an gCléireach. 

13 Nós imeachta ar neamhláithriú an fhreagróra

13. (1) I gcás go ndearnadh fógra éilimh nó doiciméad eile lena dtionscnaítear imeachtaí (nó fógra ina thaobh) a tharchur chuig an gcoigríoch le haghaidh seirbheála faoin Rialachán Seirbheála nó faoi Choinbhinsiún na Háige agus nach mbeidh láithreas agus cosaint comhdaithe agus seirbheáilte ag an bhfreagróir nó thairis sin nach mbeidh fógra tugtha aige nó aici go bhfuil ar intinn aige nó aici an t-éileamh a chosaint, ní ceadmhach breithiúnas a thabhairt go dtí go suífear:

(a) go ndearnadh an doiciméad tionscnaimh nó an fógra a sheirbheáil ar mhodh a fhorordaítear le dlí inmheánach an Stáit chun a ndírítear é chun doiciméid a sheirbheáil in imeachtaí sibhialta baile ar dhaoine laistigh dá chríoch, nó

(b) go ndearnadh an doiciméad nó an fógra a sheachadadh iarbhír ar an bhfreagróir nó chuig áit chónaithe an fhreagróra ar mhodh eile

dá bhforáiltear leis an Rialachán Seirbheála nó le Coinbhinsiún na Háige,

agus go ndearnadh an tseirbheáil nó an seachadadh, i gceachtar de na cásanna sin, in am trátha chun a chumasú don fhreagróir cosaint a dhéanamh.

(2) Féadfar iarratas ar bhreithiúnas d’éagmais láithris agus cosanta i gcás a luaitear i bhfo-riail (1) a dhéanamh trí mhionnscríbhinn a chomhdú leis an gCléireach, ach féadfaidh an Cléireach in aon chás den sórt sin an t-iarratas a liostú os comhair na Cúirte lena éisteacht agus fógra a thabhairt don éilitheoir i dtaobh dháta fillte an iarratais.

(3) Tráth éisteachta aon iarratais sna himeachtaí, ní foláir don Chléireach aon chumarsáid nó aon chomhfhreagras a bheidh faighte ón bhfreagróir a thabhairt ar aird don Chúirt. 

14 Féadfar breithiúnas a thabhairt d’ainneoin deimhniú seirbheála gan a bheith faighte

14. D’ainneoin riail 10, féadfaidh an Chúirt breithiúnas a thabhairt fiú amháin mura mbeidh deimhniú seirbheála nó seachadta ar bith mar a fhoráiltear leis an Rialachán Seirbheála nó le Coinbhinsiún na Háige faighte, más rud é go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas go léir-

(a) go ndearnadh an doiciméad nó fógra ina thaobh a tharchur ar mhodh dá bhforáiltear sa Rialachán Seirbheála nó i gCoinbhinsiún na Háige,

(b) go mbeidh tréimhse nach giorra ná sé mhí, is leordhóthanach leis an gCúirt sa chás áirithe sin, caite ó rinneadh an doiciméad nó an fógra a tharchur,

(c) nach mbeidh deimhniú ar bith d’aon chineál faighte, d’ainneoin go mbeidh gach iarracht réasúnach déanta ar é a fháil trí údaráis inniúla an Stáit chun a ndírítear.

15 Féadfar an tréimhse ama chun achomharc a dhéanamh a fhadú

15. (1) I gcás go ndearnadh fógra éilimh nó doiciméad eile lena dtionscnaítear imeachtaí sibhialta (nó fógra ina thaobh) a tharchur chuig an gcoigríoch le haghaidh seirbheála faoin Rialachán Seirbheála nó faoi Choinbhinsiún na Háige agus go mbeidh breithiúnas tugtha i gcoinne freagróir nár láithrigh, féadfaidh an freagróir iarratas a dhéanamh chun an tréimhse ama chun achomharc a dhéanamh i gcoinne an bhreithiúnais a fhadú.

(2) Ní foláir iarratas ó fhreagróir faoi fho-riail (1) a dhéanamh trí fhoriarratas iar bhfógra agus ní foláir gurb é is foras dó mionnscríbhinn an pháirtí tionscnaimh.

(3) Ar an iarratas a éisteacht, más deimhin leis an gCúirt-

(a) go ndearnadh an t-iarratas laistigh de thréimhse ama réasúnach tar éis don fhreagróir eolas a bheith aige nó aici ar an mbreithiúnas agus

(b) nach raibh eolas ag an bhfreagróir, agus gan aon locht airsean nó uirthise faoi sin, ar na doiciméid in am trátha chun cosaint a dhéanamh nó, de réir mar a bheidh, nach raibh eolas aige nó aici ar an mbreithiúnas in am trátha chun achomharc a dhéanamh, agus

(c) go bhfuil cosaint prima facie ag an bhfreagróir ar an éileamh de bhua tuillteanas,

féadfaidh an Chúirt an tréimhse ama chun achomharc a dhéanamh i gcoinne an bhreithiúnais a fhadú ar cibé téarmaí agus coinníollacha a mheasfaidh an Chúirt a bheith cóir.