Ordú: 28

Cúirtbhannaí faoin Probation of Offenders Act, 1907

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

No28-S.I. No. 544 Of 2006: District Court (Probation Of Offenders) Rules 2006

1. Is de réir Fhoirm 28.1, Sceideal B, a bheidh cúirtbhanna faoin O.28, r.1 Probation of Offenders Act, 1907.

2. Má cheanglaítear ar dhuine le cúirtbhanna ina ndeachaigh sé nó sí faoin dlí a bhaineann le Promhadh Ciontóirí láithriú lena chiontú nó lena ciontú nó le pianbhreith a chur air nó uirthi aon uair a ghlaofar air nó uirthi, féadfaidh Breitheamh, ar a dheimhniú dó nó di trí fhaisnéis faoi mhionn (Foirm 28.2, Sceideal B), nár urramaigh an duine sin coinníoll a ghabh leis an gcúirtbhanna, barántas (Foirm 28.3, Sceideal B) a eisiúint chun an duine sin a ghabháil nó, más cuí leis nó léi, in ionad barántas a eisiúint ar an gcéad ásc, féadfaidh sé nó sí toghairm (Foirm 28.4, Sceideal B) a eisiúint á cheangal ar an duine sin láithriú i gcúirt agus ar dháta agus ag am a bheidh sonraithe sa toghairm, agus féadfaidh sé nó sí freisin, leis an toghairm sin, más cuí leis nó léi, a ordú d’urraí an duine sin (más ann) láithriú sa ch irt sin.

3. Nuair a ghabhfar an duine sin, mura dtabharfar láithreach é nó í os comhair na cúirte ar ceanglaíodh air nó uirthi leis an gcúirtbhanna sin láithriú os a comhair, tabharfar os comhair Breithimh é nó í sa dúiche inar gabhadh é nó í, agus féadfaidh an Breitheamh sin an duine sin a athchur, faoi choimeád nó faoi bhannaí, chun go láithreoidh sé nó sí os comhair na cúirte ar ceanglaíodh air nó uirthi leis an gcúirtbhanna sin láithriú os a comhair.

4. Más rud é nach í an chúirt ar ceanglaíodh ar an duine sin leis an gcúirtbhanna sin láithriú os a comhair an chúirt a dtoghairfear air nó uirthi láithriú os a comhair, féadfaidh an Breitheamh a láithreoidh an duine sin os a chomhair nó os a comhair, ag freagairt na toghairme, é nó í a athchur, faoi choimeád nó faoi bhannaí, chun go láithreoidh sé nó sí os comhair na cúirte a céadluadh.

5. Ní dhéanfaidh Breitheamh duine a athchur faoi choimeád go ceann tréimhse is faide ná ocht lá.