Ordú 92

Seirbhísí dóiteáin

Míniú

1. San Ordú seo— ciallaíonn ‘‘an tAcht’’ an tAcht Seirbhísí Dóiteáin, 1981 (Uimh. 30 de 1981).

Ionad

2. Féadfar imeachtaí faoi alt 20 (4), 21 nó 22 (7) den Acht a thionscnamh os comhair aon suí den Chúirt don cheantar cúirte ina bhfuil an foirgneamh nó an talamh iomchuí.

Fógra um shábháilteacht ó dhóiteán —

3. (1) Sula ndéanfar iarratas faoi alt 20 (4) den Acht ar ordú maidir le caiteachais nó lena gcionroinnt, déanfar fógra i bhFoirm 92.1, Sceideal C, arna síniú ag an iarratasóir nó ag an aturnae thar ceann an iarratasóra, a eisiúint agus a sheirbheáil; déanfar an fógra sin a sheirbheáil ar áititheoir nó úinéir, de réir mar a bheidh, an fhoirgnimh nó na talún lena mbaineann an fógra um shábháilteacht ó dhóiteán, agus ar an údarás dóiteáin a sheirbheáil an fógra um shábháilteacht ó dhóiteán. Déanfar an fógra a sheirbheáil de réir fhorálacha alt 38 den Acht seacht lá ar a laghad nó, más rud é go gcuirfear leis an bpost cláraithe réamhíoctha é, ceithre lá dhéag ar a laghad roimh dháta an tsuí den Chúirt a mbeidh sé le cur ar ais chuici.

(2) Déanfar an chóip bhunaidh de gach fógra iarratais den sórt sin, mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh é, a thaisceadh leis an gCléireach dhá lá ar a laghad roimh dháta an tsuí sin den Chúirt.

(3) Is i bhFoirm 92.2, Sceideal C, a bheidh an t-ordú ón gCúirt a éistfidh an t-iarratas.

Achomharc i gcoinne fógra um shábháilteacht ó dhóiteán

4. (1) Sula ndéanfar achomharc faoi alt 21 den Acht i gcoinne fógra um shábháilteacht ó dhóiteán, déanfar fógra achomhairc i bhFoirm 92.3, Sceideal C, arna síniú ag an achomharcóir nó ag an aturnae thar ceann an achomharcóra, a eisiúint; tabharfar an fógra sin don údarás dóiteáin is freagróir, de réir fhorálacha ailt 21 (2) agus 38 den Acht, seacht lá ar a laghad nó, más rud é go gcuirfear leis an bpost cláraithe réamhíoctha é, ceithre lá dhéag ar a laghad roimh dháta an tsuí den Chúirt a mbeidh an fógra achomhairc le cur ar ais chuici.

(2) Déanfar cóip den fhógra achomhairc, mar aon le dearbhú reachtúil i dtaobh seirbheála, a thaisceadh leis an gCléireach dhá lá ar a laghad roimh an suí sin den Chúirt.

(3) Is i bhFoirm 92.4, Sceideal C, a bheidh an t-ordú ón gCúirt ar an achomharc a éisteacht.

Barántas faoi alt 22 (7)

5. (1) Is tríd an bhfaisnéis faoi mhionn agus i scríbhinn ó dhuine a bheidh ceaptha go cuí chuige sin ag an údarás dóiteáin iomchuí a dhéanfar iarratas chun na Cúirte chun barántas a eisiúint faoi alt 22 (7) den Acht chun dul isteach ar thalamh nó i bhfoirgneamh. Is i bhFoirm 15.3, Sceideal B, faoi réir modhnuithe oiriúnacha, a bheidh an fhaisnéis.

(2) Is i bhFoirm 92.5, Sceideal C, a bheidh an t-ordú on gCúirt ar ghéilleadh don iarratas.