Ordú: 10

Doiciméid a sheirbheál in imeachtaí coiriúla: I.R. Uimh. 17 de 2014

Nasc Gaolmhara
S.I. No. 17 of 2014 - provisions overview

1 Mínithe

1. San Ordú seo—

ciallaíonn “Acht 1851” an Petty Sessions (Ireland) Act 1851;

ciallaíonn “Acht 1986” Acht na gCúirteanna (Uimh. 3), 1986 (Uimh. 33 de 1986);

ciallaíonn “Acht 1991” Acht na gCúirteanna, 1991 (Uimh. 20 de 1991).

ciallaíonn “doiciméad” “doiciméad Cúirte Dúiche” de réir bhrí alt 7(1) d’Acht na gCúirteanna, 1964. 

2 Toghairm a sheirbheáil in imeachtaí coiriúla

2. (1) In imeachtaí i bhfoirm toghairme arb é nó í an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó oifigeach don Gharda Síochána nó comhalta de, Aire den Rialtas nó Aire Stáit nó oifigeach do cheachtar Aire acu sin, nó oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim an t-ionchúisitheoir iontu, déanfaidh comhalta den Gharda Síochána, nó duine ar bith eile a bheidh údaraithe le reacht nó leis na Rialacha seo, doiciméad a sheirbheáil nó déanfar é a sheirbheáil ar aon mhodh eile a bheidh údaraithe le reacht nó leis na Rialacha seo nó ar shlí eile mar a ordóidh an Chúirt.

(2) Ní dhéanfaidh comhalta den Gharda Síochána doiciméad a sheirbheáil in aon imeachtaí inarb é nó í an comhalta sin an duine a bheidh ag tionscnamh na n-imeachtaí. 

3 An modh seirbheála — dlínse achomair: alt 22, Acht na gCúirteanna, 1991

3. I gcás dlínse achomaire lena mbaineann alt 22(1) d’Acht na gCúirteanna, 1991, féadfar toghairm, faoi réir fhorálacha an ailt sin, a sheirbheáil ar an duine ar chuige nó chuici a bheidh sí dírithe—

    • (a) trí chóip den chéanna a chur leis an bpost réamhíoctha cláraithe i gclúdach a bheidh dírithe chuig an duine sin san áit chónaithe is déanaí is eol a bheith aige nó aici nó san áit chónaithe is gnáiche a bhíonn aige nó aici nó ina áit nó ina háit ghnó sa Stát, nó

      (b) trí chóip den chéanna, i gclúdach den sórt a dúradh, a sheachadadh de láimh ag duine (seachas an duine ar thar a cheann nó thar a ceann a airbheartaíonn sí a bheith á heisiúint) a bheidh údaraithe chuige sin leis na Rialacha seo.

4 Iarratas ar chur ar ceal

4. I gcás go ndeachaigh an Chúirt ar aghaidh le gearán nó le cúiseamh lena mbaineann toghairm dá dtagraítear i riail 3 a éisteacht agus go n-éileoidh an duine sin nach raibh fógra aige nó aici faoin toghairm ná faoin éisteacht lena mbaineann sí, féadfar iarratas de bhun alt 22(6) den Acht sin chun na himeachtaí a chur ar ceal a dhéanamh de réir an ailt sin agus riail 5. 

5 Iarratas chun imeachtaí a chur ar ceal

5. (1) I gcás gur eisíodh toghairm faoi alt 11(2) d’Acht 1851 nó faoi alt 1 d’Acht 1986 agus go ndeachaigh an Chúirt ar aghaidh leis an ngearán nó leis an gcúiseamh lena mbaineann an toghairm a éisteacht agus go bhfuil ar intinn ag an duine a bhfuil an toghairm dírithe chuige nó chuici iarratas a dhéanamh de bhun alt 22(6)(a) d’Acht 1991 chun na himeachtaí a chur ar ceal ar an bhforas nach bhfuair sé nó sí fógra faoin toghairm ná faoin éisteacht lena mbaineann an toghairm, féadfar iarratas den sórt sin a dhéanamh ag aon suí den Chúirt chun gnó achomair a dhéanamh don cheantar Cúirte inar seoladh an éisteacht lena mbaineann an toghairm.

(2) I gcás nach ndéanfar an t-iarratas laistigh de 21 lá tar éis don toghairm nó don éisteacht teacht ar iúl an iarratasóra, féadfar tréimhse bhreise a ndéanfar an t-iarratas lena linn a lorg ex parte ag aon suí den Chúirt don cheantar Cúirte iomchuí.

(3) Ní foláir fógra iarratais chun imeachtaí a chur ar ceal a bheith i bhFoirm 10.5, Sceideal B, agus nuair a bheidh sé comhlánaithe, ní foláir é a thaisceadh láithreach leis an gCléireach don cheantar Cúirte iomchuí.

(4) Ní foláir don Chléireach, ar an bhfógra a fháil, an t-ábhar a thaifeadadh agus, ag féachaint d’fhorálacha alt 22(6)(b) d’Acht 1991, ní foláir dó nó di é a liostú lena éisteacht agus fógra i bhFoirm 10.6, Sceideal B, a thabhairt don iarratasóir agus don pháirtí freasúrach a bheidh ainmnithe sna himeachtaí nó é a chur leis an ngnáthphost chucu.

(5) Ní foláir an t-ordú ón gCúirt, ar an iarratas a éisteacht, a bheith i bhFoirm 10.7, Sceideal B. 

6 Feidhm forálacha áirithe d’Ordú 41

6. Beidh feidhm, fairis na modhnuithe is gá, ag forálacha Ordú 41, rialacha 3 go 19 go huile a bhaineann le modh seirbheála, seirbheáil a dhéanamh ar pháirtithe áirithe, cruthúnas ar sheirbheáil agus ábhair ghaolmhara, in imeachtaí coiriúla sa Chúirt.