Ordú: 51B

Idirphléadáil : I.R. Uimh. 17 de 2014

Nasc gaolmhara
S.I. No. 17 of 2014 - provisions overview

IDIRPHLÉADÁIL

1 Fógra i dtaobh éileamh ar earraí a tógadh i bhforghníomhú

1. Maidir le héileamh ar aon earraí nó airnéisí, nó ina leith, nach mó a luach ná teorainn airgeadaíochta dhlínse na Cúirte a bheidh tógtha ag Cláraitheoir Contae i bhforghníomhú nó i bhforghníomhú beartaithe, ní foláir:

(a) é a bheith i scríbhinn (Foirm 51B.01, Sceideal C);

(b) ainm iomlán an éilitheora agus tuairisc iomlán air nó uirthi a bheith ann; agus

(c) seoladh a bheith ann ag a nglacfaidh an t-éilitheoir le seirbheáil nó ag a nglacfar thar a cheann nó thar a ceann léi.

2 Fógra ó Chláraitheoir Contae do pháirtí a bheidh ag éileamh forghníomhú

2. Ar éileamh a luaitear i riail 1 a fháil, ní foláir don Chláraitheoir Contae fógra i scríbhinn i dtaobh an éilimh a chur láithreach chuig an bpáirtí a bheidh ag éileamh forghníomhú nó chuig a aturnae nó a haturnae. 

3 Fógra lena n-admhófar nó lena séanfar éileamh

3. Laistigh de dhá lá tar éis dó nó di an fógra a luaitear i riail 2 a fháil, ní foláir don pháirtí a bheidh ag éileamh forghníomhú fógra i scríbhinn (a fhéadfaidh a bheith i bhFoirm 51B.02 , Sceideal C) a thabhairt don Chláraitheoir Contae i dtaobh an ndíospóidfidh sé nó sí nó an admhóidh sé nó sí teideal an éilitheora chun na n-earraí nó na n-airnéisí nó an iarrfaidh sé nó sí ar an gCláraitheoir Contae éirí as seilbh. 

4 Taisceadh ó éilitheoir

4. Más rud é, laistigh den tréimhse dhá lá a luaitear i riail 3, maidir leis an bpáirtí a bheidh ag éileamh forghníomhú:

(a) nach n-admhóidh sé nó sí teideal an éilitheora nó

(b) nach n-iarrfaidh sé nó sí ar an gCláraitheoir Contae éirí as seilbh,

ní foláir don Chláraitheoir Contae fógra i scríbhinn a chur láithreach chuig an éilitheoir:

(i) á cheangal air nó uirthi, laistigh de dhá lá ó sheirbheáil an fhógra sin, an méid dar eisíodh an barántas forghníomhaithe nó, más lú luach na n-earraí nó na n-airnéisí a urghabhadh ná an méid a leagadh amach sa bharántas forghníomhaithe, luach na n-earraí nó na n-airnéisí, a thaisceadh leis an gCláraitheoir Contae, agus

(ii) lena dtabharfar fógra don éilitheoir á rá go ndéanfar iarratas, má mhainníonn sé nó sí an taisceadh is gá a dhéanamh, tar éis toghairm idirphléadála (is toghairm in imeachtaí sibhialta) a sheirbheáil, chun na Cúirte ar ordú díola.

5 Nós imeachta ar thaisceadh a dhéanamh

5. I gcás go dtaiscfidh an t-éilitheoir leis an gCláraitheoir Contae:

(a) an méid dar eisíodh an barántas forghníomhaithe nó,

(b) más lú ná an méid dar eisíodh an barántas forghníomhaithe luach na n-earraí nó na n-airnéisí arna chinneadh ag an gCláraitheoir Contae nó ag luachálaí arna cheapadh nó arna ceapadh ag an gCláraitheoir Contae, suim is ionann agus an luach arna chinneadh amhlaidh,

ní foláir don Chláraitheoir Contae éirí as seilbh na n-earraí agus na n-airnéisí agus féadfar an tsuim a taisceadh a dhiúscairt de réir mar a ordóidh an Chúirt. 

6 Iarratas díola

6. (1) I gcás nach ndéanfaidh an t-éilitheoir an taisceadh a cheanglaítear faoi riail 4, féadfaidh an Chúirt, tráth ar bith tar éis toghairm idirphléadála a sheirbheáil, ar iarratas arna dhéanamh:

(a) ag an gcreidiúnaí forghníomhaithe iar bhfógra chun an éilitheora agus chun an Chláraitheora Contae, nó

(b) ag an gCláraitheoir Contae iar bhfógra chun na bpáirtithe,

ordú a dhéanamh chun na hearraí agus na hairnéisí go léir a urghabhadh, nó aon chuid díobh, a dhíol faoi réir cibé coinníollacha a bhaineann leis an gcreidiúnaí forghníomhaithe do thabhairt urrúis nó eile is dóigh leis an gCúirt is cóir.

(2) Ní foláir an fógra iarratais chun na Cúirte ar ordú chun na hearraí agus na hairnéisí go léir a urghabhadh, nó aon chuid díobh, a dhíol a bheith i bhFoirm 51B.03, Sceideal C, agus ní foláir é a sheirbheáil dhá lá glan roimh an dáta fillte. 

7 Féadfar iarratas a éisteacht lasmuigh de shuíonna sceidealta de Chúirt

7. (1) Féadfar iarratas faoi riail 6 a éisteacht ar shlí seachas ag suí sceidealta den Chúirt tráth agus áit ar bith laistigh den dúiche Chúirte chuí is oiriúnach leis an mBreitheamh.

(2) Féadfaidh an Chúirt, tráth éisteachta na toghairme idirphléadála, foráil a dhéanamh maidir le costais aon iarratais faoi riail 6. 

8 Ordú díola

8. Maidir le haon ordú díola, ní foláir a ordú ann go ndéanfar fáltais an díola a thaisceadh leis an gCléireach ag feitheamh ar an ordú ón gCúirt ar an toghairm idirphléadála a éisteacht. 

9 Toghairm idirphléadála a sheirbheáil

9. (1) Ní foláir toghairm idirphléadála (Foirm 51B.04, Sceideal C) a sheirbheáil ar an éilitheoir (nó i gcás gur aturnae a rinne an t-éileamh ar son an éilitheora, ar aturnae an éilitheora) agus ar an bpáirtí a bheidh ag éileamh forghníomhú (nó i gcás gur aturnae a rinne an barántas forghníomhaithe a thaisceadh leis an gCláraitheoir Contae ar son an pháirtí a bheidh ag éileamh forghníomhú, ar aturnae an pháirtí).

(2) Ní foláir toghairm idirphléadála a sheirbheáil ar shlí dá bhforáiltear le hOrdú 41. 

10 Dliteanas i leith costas

10. (1) Ar an toghairm idirphléadála a éisteacht, ní foláir don Chúirt na nithe seo a leanas a chinneadh:

(a) dliteanas na bpáirtithe chun costais agus caiteachais a íoc;

(b) méid na gcostas agus na gcaiteachas; agus

(c) cé aige nó aici agus cé leis nó léi a bheidh na costais agus na caiteachais le híoc.

(2) Is é an scála costas i leith cásanna toirt i Sceideal na gCostas an scála cuí i leith imeachtaí a thionscnófar le toghairm idirphléadála.