Ordú 102

Cásanna sonraithe

 

 
(A) *Cásanna arna sonrú don Chúirt Uachtarach
 
Míniú
 
1. San Ordú seo—
ciallaíonn ‘‘an tAcht’’ an tAcht Díobhálacha Mailíseacha, 1981 (Uimh. 9 de 1981).
 
Fógra iarratais
 
2. (1) Is trí fhógra i bhFoirm 102.1, Sceideal D, a bheidh iarratas de bhun alt 18 (2) (a) den Acht chun cás a shonrú agus a shíniú chun tuairim na Cúirte Uachtaraí a fháil.
 
— a thaisceadh
 
(2) Déanfaidh an t-iarratasóir ar an gcás sonraithe nó an t-aturnae thar ceann an iarratasóra an fógra sin, ar é a chomhlánú, a thaisceadh leis an gCléireach don cheantar cúirte inar éisteadh agus inar cinneadh na himeachtaí laistigh de cheithre lá dhéag tar éis an chinnte.
 
— a sheirbheáil
 
(3) Déanfar cóip den fhógra a sheirbheáil, laistigh de na ceithre lá dhéag sin, leis an bpost cláraithe ar gach páirtí eile sna himeachtaí agus ar aon rátíocóir a láithrigh agus a éisteadh sna himeachtaí, agus i gcás ar rátíocóir a dhéanfaidh an t-iarratas déanfar cóip den fhógra a sheirbheáil sa tslí chéanna ar gach ceann de na páirtithe.
 
Déanfar an cinneadh a fhionraý
 
3. Tar éis iarratas dá dtagraítear i riail 2 (1) a dhéanamh, déanfar an cinneadh a bhfuil an t-iarratas á dhéanamh ina leith a fhionraí—
 
(a) i gcás ina ngéillfear don iarratas, nó i gcás ina ndiúltófar don iarratas agus go gceadófar achomharc i gcoinne an diúltaithe, go dtí go mbeidh an cás a sonraíodh éiste agus cinneadh déanta air,
(b) i gcás ina ndiúltófar don iarratas agus nach mbeidh achomharc i gcoinne an diúltaithe taiscthe, go dtí go mbeidh ceithre lá dhéag caite tar éis an diúltaithe.
 
Ceist dlí a éireoidh le linn na héisteachta — imeachtaí a chur ar atráth
 
4. I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt, cibé acu uaithi féin nó ar iarraidh a fháil, cás a shonrú de bhun alt 18 (1) (a) den Acht i gcomhair thuairim na Cúirte Uachtaraí ar aon cheist dlí a éireoidh le linn imeachtaí faoin Acht a éisteacht, cuirfidh sí na himeachtaí sin ar atráth go dtí an chéad suí den Chúirt Dúiche don cheantar cúirte ina bhfuil na himeachtaí á n-éisteacht a thionólfar tar éis ceithre lá dhéag a bheith caite ón lá a dtabharfar cinneadh na Cúirte Uachtaraí.
 
Cás sonraithe a ullmhú
 
5. Más rud é go ngéillfidh an Chúirt d’iarratas, nó d’iarraidh, ar chás sonraithe de bhun alt 18 den Acht, nó go gcinnfidh sí uaithi féin cás a shonrú, ullmhóidh agus síneoidh an Breitheamh an cás sin laistigh de shé mhí ó dháta an iarratais, na hiarrata nó an chinnte. D’fhonn comhaontú na bpáirtithe a fháil i dtaobh na bhfíoras, féadfaidh an Breitheamh, más cuí leis nó léi, tráth ar bith laistigh de dhá mhí ón dáta sin, dréacht den chás a chur faoi bhráid na bpáirtithe sin, nó dréacht a fháil ó na páirtithe sin. Má bhíonn díospóid idir na páirtithe i dtaobh na bhfíoras, socróidh an Breitheamh na fíorais sin.
 
Diúltú cás a shonru
 
6. I gcás ina ndiúltóidh an Chúirt cás a shonrú, cuirfidh an Cléireach deimhniú diúltaithe i bhFoirm 102.2, Sceideal D, chuig an iarratasóir ar an gcás sonraithe sin agus cuirfidh sé nó sí cóip den deimhniú sin chuig gach páirtí eile agus chuig aon rátíocóir a láithrigh agus a éisteadh sna himeachtaí.
 
 
(B) *Cásanna arna sonrú don Ard-Chúirt
 
Mínithe
 
7. San Ordú seo—
ciallaíonn ‘‘Acht 1857’’ an Summary Jurisdiction Act, 1857 (20 agus 21 Vict., cap. 43);
 
ciallaíonn ‘‘Acht 1961’’ Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 (Uimh. 39 de 1961).
 
Achomharc
— fógra iarratais
 
8. (1) Is trí fhógra i bhFoirm 102.3, Sceideal D, a bheidh iarratas de bhun alt 2 d’Acht 1857 (arna leathnú le halt 51 (1) d’Acht 1961) chun cás a shonrú agus a shíniú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil.
— fógra a thaisceadh
 
(2) Déanfaidh an t-achomharcóir nó an t-aturnae thar ceann an achomharcóra an fógra sin, ar é a chomhlánú, a thaisceadh leis an gCléireach don cheantar cúirte inar éisteadh agus inar cinneadh na himeachtaí laistigh de cheithre lá dhéag tar éis an chinnte.
— fógra a sheirbheáil
 
(3) Déanfar cóip den fhógra a sheirbheáil, laistigh de na ceithre lá dhéag sin, leis an bpost cláraithe ar gach páirtí eile sna himeachtaí.
 
cúirtbhanna
 
9. Faoi réir fhorálacha O.12, r.20, de na Rialacha seo, laistigh de cheithre lá dhéag tar éis an chinnte, rachaidh an t-achomharcóir i gcúirtbhanna, i bhFoirm 102.4, Sceideal D, os comhair Breithimh den Chúirt Dúiche, le hurra nó le hurraí nó gan urra nó urraí agus i cibé suim nó suimeanna a chinnfidh an Breitheamh.
 
— déanfar an cinneadh a fhionraí
 
10. Tar éis iarratas dá dtagraítear i riail 8 (1) a dhéanamh, déanfar an cinneadh a bhfuil an t-iarratas á dhéanamh ina leith a fhionraí—
 
(a) i gcás ina ngéillfidh an Breitheamh don iarratas, go dtí go mbeidh an cás a sonraíodh éiste agus cinneadh déanta air, agus
(b) i gcás ina ndiúltóidh an Breitheamh géilleadh don iarratas, go dtí go ndiúltóidh sé nó sí amhlaidh.
 
Ceist dlí a éireoidh le linn na héisteachta —
imeachtaí a chur ar atráth
 
11. (1) I gcás ina ndéanfaidh Breitheamh, ar iarraidh a bheith déanta chuige nó chuici de bhun alt 52 d’Acht 1961, nó gan iarraidh a fháil, aon cheist dlí a éireoidh in aon imeachtaí os a chomhair nó os a comhair a tharchur chun na hArd-Chúirte lena cinneadh, cuirfidh an Breitheamh sin na himeachtaí ar atráth go dtí an chéad suí den Chúirt Dúiche don cheantar cúirte ina bhfuil na himeachtaí á n-éisteacht a thionólfar tar éis ceithre lá dhéag a bheith caite ón lá a dtabharfar cinneadh na hArd-Chúirte.
 
Féadfaidh an Breitheamh a cheangal ar pháirtí dul i gcúirtbhanna
 
(2) Aon uair a chuirfidh Breitheamh imeachtaí ar atráth faoin riail seo, féadfaidh sé nó sí, sula gcuirfidh sé nó sí na himeachtaí sin ar atráth amhlaidh, dá rogha féin, a cheangal ar an bpáirtí a d’iarr an cás sonraithe dul i gcúirtbhanna os comhair an Bhreithimh sin, le hurra nó le hurraí nó gan urra nó urraí agus i cibé suim nó suimeanna a chinnfidh an Breitheamh. Is i bhFoirm 102.4, Sceideal D, a bheidh an cúirtbhanna sin agus, ar é a chomhlánú, taiscfear é leis an gCléireach.
 
I gcásanna sibhialta nó i gcásanna dlínse achomaire de chineál sibhialta, féadfaidh an páirtí sin, in ionad dul i gcúirtbhanna, an tsuim a chinn an Breitheamh a thaisceadh leis an gCléireach agus coimeádfaidh an Cléireach an céanna go dtí go ndéanfaidh an Breitheamh breithniú críochnaitheach ar na himeachtaí nó go dtí go n-ordóidh sé nó sí roimhe sin i ndáil leis an tsuim sin.
 
— más rud é go mbeidh páirtí i gcoimeád
 
(3) Aon uair a chuirfidh Breitheamh imeachtaí ar atráth faoin riail seo, féadfaidh sé nó sí cead a bhealaigh nó a bealaigh a thabhairt d’aon duine atá i gcoimeád sna himeachtaí nó maidir leis na himeachtaí, nó féadfaidh sé nó sí an duine sin a chimiú chun príosúin trí bharántas, nó féadfaidh sé nó sí, dá rogha féin, an duine sin a scaoileadh ar é nó í a dhul i gcúirtbhanna le hurra nó le hurraí nó gan urra nó urraí agus i cibé suim nó suimeanna a chinnfidh an Breitheamh. Is i bhFoirm 102.4, Sceideal D, a bheidh an cúirtbhanna sin agus, ar é a chomhlánú, taiscfear é leis an gCléireach.
Cás sonraithe a ullmhú
 
12. Más rud é go ngéillfidh Breitheamh d’iarratas de bhun alt 2 d’Acht 1857 nó d’iarraidh de bhun alt 52 d’Acht 1961, nó go gcinnfidh sé nó sí de bhun an ailt sin 52 ceist dlí a tharchur, gan iarraidh a fháil, chun na hArd-Chúirte lena cinneadh, ullmhóidh agus síneoidh an Breitheamh sin an cás sonraithe laistigh de shé mhí ó dháta an iarratais, na hiarrata nó an chinnte. D’fhonn comhaontú na bpáirtithe a fháil i dtaobh na bhfíoras, féadfaidh an Breitheamh, más cuí leis nó léi, tráth ar bith laistigh de dhá mhí ón dáta sin, dréacht den chás a chur faoi bhráid na bpáirtithe sin, nó dréacht a fháil ó na páirtithe sin. Má bhíonn díospóid idir na páirtithe i dtaobh na bhfíoras, socróidh an Breitheamh na fíorais sin.
 
Gheobhaidh an t-iarratasóir an cás ón gCléireach
 
*13. Nuair a bheidh an cás sonraithe agus sínithe, gheobhaidh an t-achomharcóir nó an páirtí a d’iarr an cás sonraithe an cás sonraithe láithreach ó n gCléireach.
 
Más rud é go ndéanfar cás a shonrú gan iarraidh
— tabharfaidh an Cléireach fógra do na páirtithe agus tarchuirfidh sé nó sí an cás chun na hArd-Chúirte
 
*14. I gcás ina ndéanfaidh Breitheamh, gan iarraidh a fháil, ceist dlí a éireoidh in imeachtaí os a chomhair nó os a comhair a tharchur chun na hArd-Chúirte lena cinneadh, agus nuair a bheidh an cás sonraithe agus sínithe, tabharfaidh an Cléireach fógra láithreach i scríbhinn i bhFoirm 102.5, Sceideal D, do gach páirtí sna himeachtaí, agus tarchuirfidh sé nó sí an cás sonraithe ansin chuig Príomh-Oifig na hArd-Chúirte.
Diúltú cás a shonrú
 
15. Más rud é go measfaidh Breitheamh gur iarratas suaibhreosach é iarratas, nó gur iarraidh shuaibhreosach í iarraidh, ar chás sonraithe, féadfaidh sé nó sí diúltú cás a shonrú agus déanfaidh sé nó sí, ar iarraidh ó n achomharcó ir nó ón bpáirtí a d’iarr an cás sonraithe, deimhniú diúltaithe i bhFoirm 102.6, Sceideal D, a shíniú agus a chur faoi deara é a sheachadadh air nó uirthi, agus a chur faoi deara cóip de a sheirbheáil ar gach páirtí eile sna himeachtaí. Ní dhiúltóidh Breitheamh cás a shonrú má dhéanann an tArd-Aighne, an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, Aire den Rialtas nó Aire Stáit, nó na Coimisinéirí Ioncaim iarratas nó iarraidh ar chás sonraithe, nó má dhéantar an t-iarratas nó an iarraidh faoina threoir nó faoina treoir nó faoina dtreoir.

(A) * Tá forálacha breise a bhaineann le cásanna arna sonrú don Chúirt Uachtarach faoin Acht in Ordú 110 de Rialacha na nUasChúirteanna, 1986 (I.R. Uimh. 15 de 1986).
(B) * Tá forálacha breise a bhaineann le cásanna arna sonrú don Ard-Chúirt in Ordú 62 de Rialacha na nUasChúirteanna, 1986 (I.R. Uimh. 15 de 1986).