Leasuithe ar: Ordú 28

I.R. Uimh. 544 de 2006: Na Rialacha Cúirte Dúiche (Promhadh Ciontóirí) 2006

I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh le halt 91 den Acht Cúirteanna Breithiúnais 1924, le halt 72 den Acht Cúirteanna Breithiúnais 1936, le halt 34 d’Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961 agus le halt 24 den Acht Léiriúcháin 2005, déanann Coiste Rialacha na Cúirte Dúiche, leis seo, le comhthoiliú an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, na rialacha cúirte seo a leanas:—

1. Na Rialacha Cúirte Dúiche (Promhadh Ciontóirí) 2006 is teideal do na rialacha seo.

2. Tiocfaidh na rialacha seo i ngníomh an 20ú lá de Shamhain, 2006 agus léifear iad i dteannta na Rialacha Cúirte Dúiche eile go léir a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire.

3. Leasófar na Rialacha Cúirte Dúiche 1997 (I.R. Uimh. 93 de 1997) tríd an riail seo a leanas a chur isteach díreach i ndiaidh riail 5 d’Ordú 28:

‘‘6. Ach amháin i gcás ina dtreoróidh nó ina gceadóidh an Chúirt a mhalairt, is trí fhaisnéis faoi mhionn agus i scríbhinn ón Oifigeach Promhaidh i bhFoirm 28.5, Sceideal B, a dhéanfaidh Oifigeach Promhaidh iarratas faoi alt 5 den Probation of Offenders Act 1907 chun téarmaí nó coinníollacha cúirtbhanna ina mbeifear dulta de réir riail 1 a athrú. Féadfar an t-iarratas sin a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don cheantar cúirte ina mbeidh an ciontóir faoi cheangal leis an gcúirtbhanna láithriú. I gcás ina n-eiseoidh an Chúirt toghairm chuig an duine a bheidh faoi cheangal leis an gcúirtbhanna láithriú os a comhair chun cúis a shuíomh le nach ceart an t-athrú sin a dhéanamh, is i bhFoirm 28.6, Sceideal B, a bheidh an toghairm sin, agus seirbheálfar í ar an duine a bheidh faoi cheangal leis an gcúirtbhanna agus ar gach urra (más ann) ar a laghad ceithre lá roimh an dáta a bheidh socraithe chun an céanna a éisteacht.

7. Féadfaidh Oifigeach Promhaidh iarratas a dhéanamh chun cúirtbhanna a urscaoileadh, is cúirtbhanna ina mbeifear dulta de réir riail 1, ag aon suí den Chúirt don cheantar cúirte ina mbeidh an ciontóir faoi cheangal leis an gcúirtbhanna láithriú. Sula ndéanfar an t-iarratas sin eiseofar fógra faoin iarratas i bhFoirm 28.7, Sceideal B, a sheirbheálfar ar an duine a bheidh faoi cheangal leis an gcúirtbhanna agus ar gach urra (más ann) ar a laghad ceithre lá roimh an dáta a bheidh socraithe chun an t-iarratas a éisteacht. I gcás inar cuí leis an gCúirt é, féadfaidh sí déanamh gan an ceanglas an fógra sin a thabhairt.

8. Ar aon iarratas chun téarmaí nó coinníollacha an chúirtbhanna a athrú, nó chun cúirtbhanna a urscaoileadh, déanfar an cúirtbhanna bunaidh a thabhairt ar aird sa Chúirt. I gcás ina n-athróidh an Chúirt téarmaí nó coinníollacha an chúirtbhanna, déanfaidh na daoine a bheidh faoi cheangal an cúirtbhanna arna athrú amhlaidh a athadmháil os comhair na Cúirte ar an athrú sin a dhéanamh. I gcás ina n-urscaoilfidh an Chúirt an cúirtbhanna, déanfaidh an Breitheamh an t-urscaoileadh a fhormhuiniú ar an gcúirtbhanna.’’

4. Déanfar na Foirmeacha darb uimhreacha 28.528.6agus 28.7 sa Sceideal a ghabhann leis na Rialacha seo a chur leis na Foirmeacha i Sceideal B de na Rialacha Cúirte Dúiche 1997 (I.R. Uimh. 93 de 1997).