Ordú: 45A

Urrús i leith costas : I.R. Uimh. 17 de 2014

Nasc gaolmhara
S.I. No. 17 of 2014 - provisions overview

1 Iarratas ar urrús

1. (1) Féadfaidh páirtí a éileoidh urrús i leith costas ar pháirtí eile iarratas a dhéanamh i scríbhinn chun an pháirtí eile sin le haghaidh urrús i leith costas.

(2) I gcás nach ngeallfaidh an páirtí óna lorgaíodh urrús i scríbhinn go soláthróidh sé nó sí urrús, féadfaidh an t-iarratasóir ar urrús iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar ordú go ndéanfar urrús i leith costas a sholáthar.

(3) Ar an iarratas a éisteacht, féadfaidh an Chúirt a ordú don éilitheoir costais ordaithe lena ndíbhtear an t-éileamh a thaisceadh sa Chúirt, nó féadfaidh sí cibé ordú eile is cuí léi a dhéanamh.

(4) Más rud é go ndéanfar ordú lena gceanglófar ar pháirtí urrús a thabhairt i leith costas, ní foláir an t-urrús a thabhairt ar an tslí agus ag an tráth a ordóidh an Chúirt. 

2 Más rud é go bhfuil an t-éilitheoir lasmuigh den Stát nó más náisiúnach eachtrach é nó í

2. (1) Ní bheidh freagróir i dteideal ordú lena gcuirfear d’iallach ar éilitheoir urrús a thabhairt i leith costas ar an aon fhoras amháin gur lasmuigh den Stát atá cónaí ar an éilitheoir mura suífidh an freagróir chun sástacht na Cúirte go bhfuil cosaint de bhua tuillteanas aige nó aici.

(2) Ní fhéadfar ordú ar bith le haghaidh urrús i leith costas a dhéanamh i gcoinne duine nádúrtha is náisiúnach de Bhallstát eile, agus a chónaíonn i mBallstát eile, den Aontas Eorpach ná i gcoinne páirtí a dhéanfaidh iarratas, faoi fhorálacha an Rialacháin Dlínse nó Choinbhinsiún 1968 (gach ceann díobh mar a mhínítear in Ordú 41B), ar bhreithiúnas arna thabhairt i mBallstát eile nó i Stát Conarthach eile a fhorfheidhmiú, ar an aon fhoras amháin gur náisiúnach eachtrach an t-éilitheoir nó nach bhfuil sainchónaí ná cónaí ar an éilitheoir sa Stát. 

3 Mainneachtain urrús a thabhairt

3. Más rud é go mainneoidh éilitheoir an t-urrús a cheanglófar le hordú a thabhairt, féadfaidh an Chúirt fógra éilimh an éilitheora a dhíbhe. 

4 Athrú nó cealú

4. Féadfaidh an Chúirt aon ordú lena gceanglófar ar éilitheoir urrús a thabhairt i leith costas a chur ar ceal nó a athrú.