Is an Bord um Chúnamh Dlíthiúil a reáchtálann Cúnamh Dlí. Féach ar an eolas thíos ar conas is féidir le daoine iarratas a dhéanamh ar Chúnamh Dlí agus conas is féidir le cleachtóirí iarratas a dhéanamh le bheith ar phainéil Chúnaimh Dlí.
Iarratas a dhéanamh ar Chúnamh Dlí
Iarratas a dhéanamh ar Chúnamh Dlí
Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Bord um Chúnamh Dlí atá freagracht as soláthar de chúnamh dlí sibhialta agus comhairle, idirghabháil teaghlaigh agus seirbhísí a bhaineann le finné leochaileach agus don riarachán ar cúpla scéim cúnaimh dlí ad hoc a bhaineann le hábhair choiriúla. Féach ar a suíomh gréasáin le haghaidh eolas breise le do thoil: Bord um Chúnamh Dlíthiúil
- Tugann cúnamh dlí sibhialta agus comhairle comhairle faoi d’fhadhb dhlíthiúil duit. Is féidir leo cuidiú leat réiteach a fháil ar d’fhadhb, agus má chaitheann tú dul os comhair na cúirte, is féidir leo dlíodóir agus/ nó abhcóide a chur ar fail chun a bheith ina ionadaí duit.
- Is seirbhís saor in aisce é Idirghabháil teaghlaigh a chuireann cuidiú ar fáil do lánúineacha agus tuismitheoirí atá ag scaradh óna chéile nó caidrimh a bhfuil cliste air chun idirbheartaíocht a dhéanamh ar a gcuid comhaontú féin.
- Chomh maith leis seo, reáchtálann siad trí scéim ar Cúnamh Dlí Coiriúla ar son na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais.
Is féidir iarratais le haghaidh Cúnaimh Dlí a dhéanamh ar líne sa roinn seo ar a suíomh gréasáin: Iarratas a dhéanamh le haghaidh cúnamh dlí sibhialta agus comhairle ar líne
Tá níos mó eolais ar Chúnamh Dlí ar fáil ar an suíomh gréasáin Citizens Information
Cleachtóirí: Ag déanamh iarratas le bheith ar an Phainéal Cúnaimh Dlí.
Cleachtóirí: Ag déanamh iarratas le bheith ar an Phainéal Cúnaimh Dlí.
Caithfidh gach Dlíodóir, Comhlacht Dlíodóirí nó Abhcóide atá ag iarraidh a ainm/ a hainm/ a n-ainm chur ar an Phainéall Cúnaimh Dlí iarratas a dhéanamh i scríbhinn.
De réir tiomantas leis feabhsuithe leanúnacha na Seirbhíse Cúirte maidir le conas a chuirimid ár seirbhísí ar fáil d’úsáideoirí cúirte, beidh próiseas nua ina dtabharfar cead do dhlíodóirí iarratas a dhéanamh uair amháin do na contaetha go léir leis na painéil atá siad ag iarraidh a bheith air, ag teacht in áit ar an phróiseas reatha d’iarratas a dhéanamh i ngach contae ar leith atá ag dul ar an phainéal cúnaimh dlí.
Ó mhí na Samhna 2022 amach, ní chaithfidh oifigí cúirte a bhunú agus na painéil ar chúnamh dlí dá gcuid contae a chinntiú a thuilleadh. Beidh dlíodóirí ábalta iarratas a dhéanamh le bheith ar na painéil i gcontae ar bith ag úsáid foirm amháin a phróiseáiltear ag an oifig láraithe i gCaisleán an Bharraigh. Cruthóidh an oifig láraithe na painéil ar chúnamh dlí do gach contae agus cuirfidh siad an t-eolas is déanaí ar fáil don Chláraitheoir Contae i ngach tír. Seolfar na painéil uasdátaithe ar aghaidh chuig an Roinn Dlí agus Cirt chun gur féidir íocaíochtaí a phróiseáil.
Ba cheart aon fhiosrúcháin a bhaineann leis na painéil ón dáta sin a sheoladh ar aghaidh chuig an seoladh ríomhphoist nua: legalaidpanel@courts.ie ach leanfaidh an oifig chúirte áitiúil ag plé leis na fiosrúcháin a bhaineann le teastais dlí agus láithreais ag déileáil le cás ar leith. Baineann fiosrúcháin maidir le híocaíochtaí fós leis an Oifig Náisiúnta um Sheirbhísí Comhroinnte i gCill Airne.
Foirmeacha agus Gnásanna
- Ag críochnú an Fhoirm Iarratas Cúnaimh Dlí
- Foirm Iarratais