Ordú: 25

Barántais a eisiúint i bhforghníomhú orduithe cúirte : I.R. Uimh. 41 de 1998

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:
No25-S.I. No. 19 Of 2016: District Court (Fines) Rules 2015

Barántais chimithe — pianbhreith phríosúnachta

1. Más rud é go mbeidh pianbhreith phríosúnachta curtha ar dhuine, eiseoidh an Chúirt an barántas cimithe (Foirm 25.1, 25.2, 25.325.4, Sceideal B, de réir mar a bheidh) láithreach, má bhíonn an príosúnú le déanamh láithreach; ach mura bhfuil an príosúnú le déanamh láithreach, féadfaidh an Chúirt an barántas cimithe sin a eisiúint láithreach, á ordú nach bhforghníomhófar é go dtí an tráth a bheidh an príosúnú le déanamh, nó féadfaidh sí an barántas sin a eisiúint an tráth, nó aon uair i ndiaidh an trátha, a bheidh socraithe chun an príosúnú a thosú.

2. I ngach cás dlínse achomaire, aon uair a bheidh ordú déanta, ar aon duine a chiontú i gcion,

— i gcás mainneachtain pionós a íoc

(a) chun suim phionósach a íoc agus nach mbeidh an tsuim sin íoctha, féadfaidh an Chúirt barántas cimithe chun príosúnachta a eisiúint mar gheall ar neamhíoc na suime sin (Foirm 25.525.6, Sceideal B, de réir mar a bheidh) aon tráth nach déanaí ná sé mhí ó dheireadh na tréimhse a bheidh socraithe leis an ordú sin chun an tsuim sin a íoc;

— ar neamhchomhlíonadh coinníll

(b) chun coinníoll a chomhlíonadh agus nach mbeidh an coinníoll sin comhlíonta, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ón ionchúisitheoir, barántas cimithe chun príosúnachta a eisiúint mar gheall ar neamhchomhlíonadh an choinníll (Foirm 25.7, Sceideal B) aon tráth nach déanaí ná sé mhí ó dheireadh na tréimhse ama a bheidh socraithe leis an ordú sin chun an coinníoll sin a chomhlíonadh.

— I gcás pianbhreithe ar fionraí.

3. Más rud é go ndéanfaidh an Chúirt, ar phianbhreith phríosúnachta a ghearradh, forghníomhú na pianbhreithe sin a chur ar fionraí go coinníollach, féadfaidh sí, ar iarratas ón ionchúisitheoir, barántas cimithe (Foirm 25.8, Sceideal B) a eisiúint ar a bheith deimhin di nár chomhlíon an cúisí na téarmaí ar ar cuireadh an phianbhreith sin ar fionraí.

Srian le barántas a eisiúint

4. Más rud é go mbeidh forghníomhú pianbhreithe príosúnachta curtha ar fionraí go coinníollach, le hordú, ní eiseofar aon bharántas, chun an phianbhreith sin a chur i bhfeidhm, tráth is déanaí ná sé mhí tar éis dheireadh na tréimhse ama a bheidh socraithe leis an ordú sin chun an coinníoll sin a chomhlíonadh.

— mar gheall ar dhíspeagadh Cúirte

5. Más rud é, faoi alt 9 den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, nó, de réir mar a bheidh, faoi alt 6 den Summary Jurisdiction (Ireland) Amendment Act, 1871, go ndéanfaidh Breitheamh, le bará ntas, duine a chimiú chun príosúin mar gheall ar aon díspeagadh ar an gCúirt, is i bhFoirm 25.9, Sceideal B, a bheidh an barántas sin.

Cúiteamh etc. —
Ní eiseofar aon bharántas mura bhforchuirtear fíneáil

6. Ach amháin nuair a bheidh sin údaraithe go sainráite le reacht, ní eiseofar aon bharántas cimithe chun íoc aon chúitimh, costas nó caiteachas a fhorfheidhmiú murar forchuireadh fíneáil ina theannta sin.

Barántais tochsail

7. Más rud é go ndéanfar ordú á ordú aon phionós nó suim eile airgid a thobhach trí thochsal, féadfaidh an Chúirt air sin (mura gceadó far aon am chun a íoctha) nó tar éis dheireadh na tréimhse ama a cheadófar chun a íoctha, barántas (Foirm 25.10, Sceideal B) a eisiúint chun an pionós sin nó an tsuim airgid sin a thobhach trí thochsal murar comhlíonadh an t-ordú.

Barántais más rud é go ndéanfar cúirtbhannaí a eistréatadh

8. Más rud é go ndéanfaidh an Chúirt ordú ag eistréatadh Cúirtbhanna, is de réir Fhoirm 25.5 agus Fhoirm 25.7, faoi seach, i Sceideal B, a bhforáiltear dóibh in Ordú 27  de na Rialacha seo, a bheidh an barántas tochsail agus an barántas chun cimiú chun príosúin i bhforghníomhú an ordaithe sin.

Ní eiseofar barántas más rud é go dtaiscfear fógra achomhairc

*9. (1) Más rud é go dtaiscfear achomharc i gcoinne ordaithe agus go rachfar i gCúirtbhanna agus nach mbeidh an barántas eisithe chun an t-ordú a fhorghníomhú, ní eiseofar an barántas sin go dtí go gcinnfear an t-achomharc nó go dtí go mainneoidh an t-achomharcóir coinníoll an chúirtbhanna a chomhlíonadh, de réir mar a bheidh.

— Más rud é go n-eiseofar é, áiritheoidh an Cléireach go gcuirfear ar ais é

(2) Más rud é go mbeidh an barántas sin eisithe ach nach mbeidh sé forghníomhaithe, tabharfaidh an Cléireach fógra láithreach don Cheannfort den Gharda Síochána ar díríodh an barántas chuige nó chuici go bhfuiltear tar éis achomharc a thaisceadh agus dul i gCúirtbhanna agus cuirfidh an Ceannfort an barántas ar ais chun an Chléirigh lena chealú ag an gCúirt.

— Má s rud é go bhforghníomhófar é, scaoilfear an t-achomharcóir ar fhógra achomhairc a thabhairt

(3) Más rud é go mbeidh an barántas sin eisithe agus forghníomhaithe sula dtabharfar fógra achomhairc nó sula rachfar i gCúirtbhanna, déanfar an t-achomharcóir, ar fhógra achomhairc a thabhairt agus ar é nó í a dhul i gCúirtbhanna, a scaoileadh láithreach ó choimeád nó as príosún. Más rud é gur barántas tochsail an barántas sin, tabharfar an tochsal sin ar ais don úinéir.

Ordú ar fionraí

(4) Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt le reacht nó le rialacha Cúirte, beidh an t-ordú a ndéanfar achomharc ina choinne ar fionraí iomlán go dtí go gcinnfear an t-achomharc nó go dtí go mainneoidh an t-achomharcóir coinníoll an Chúirtbhanna a chomhlíonadh, de réir mar a bheidh. Ní thuigfear an riail seo do ghabháil treise ar aon reachta údaróidh nó a ordóidh go sainráite aon suim a thobhach d’ainneoin achomhairc.

Déanfaidh an Cléireach nóta i dtaobh na heisiúna

10. Aon uair a eiseofar barántas chun ordú a rinne an Chúirt a fhorfheidhmiú, cuirfidh an Cléireach nóta ar leabhar na miontuairiscí, ar dhuilleog na gcúiseamh, ar chlár na bhfíneálacha, de réir mar is cuí, i dtaobh eisiúint, chineál agus dháta an bharántais.

 

*Petty Sessions (Ireland) Act, 1851 [a. 23].