Ordú 98

Leas sóisialach

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

 

No 98-S.I. No. 17 Of 2016: District Court (Children And Family Relationships Act 2015) Rules 2016

 

Imeachtaí le haghaidh — ranníoca faoi chomhair sochair nó liúntais

 

Minithe

 

1. San Ordú seo—

ciallaíonn ‘‘an tAcht’’ an tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1993 (Uimh. 27 de 1993);

ciallaíonn ‘‘liúntas’’

 

— liúntas banchéile thréigthe faoi alt 152 den Acht,

— liúntas tuismitheora aonair faoi alt 158 den Acht, nó

— liúntas leasa forlíontach faoi alt 171 den Acht;

 

ciallaíonn ‘‘ordú astaithe tuillimh’’ ordú faoi alt 287 den Acht;

ciallaíonn ‘‘sochar’’ sochar banchéile thréigthe faoi alt 110 den Acht;

ciallaíonn ‘‘údarás inniúil’’,

 

— i ndáil le sochar banchéile thréigthe, le liúntas banchéile thréigthe agus le liúntas tuismitheora aonair, an tAire Leasa Shóisialaigh agus,

— i ndáil le liúntas leasa forlíontach, an bord sláinte a dheonaigh an liúntas sin d’fhaighteoir.

 

Iarratas ar ordú ranníoca

 

2. (1) Maidir le hiarratas chun na Cúirte ó údarás inniúil de bhun fhoalt (2) d’alt 286 den Acht ar ordú á ordú don duine atá faoi dhliteanas ranníoc a dhéanamh faoi fho-alt (1) den alt sin (dá ngairtear an gaol faoi dhliteanas anseo ina dhiaidh seo) ranníoc a dhéanamh faoi chomhair sochair nó liúntais atá á íoc ag an údarás sin le faighteoir, féadfar é a thionscnamh, a éisteacht nó a chinneadh ag aon suí den Chúirt chun gnó sibhialta a dhéanamh don cheantar cúirte ina bhfuil gnáthchónaí ar an ngaol faoi dhliteanas nó ina seolann sé nó sí aon ghairm, gnó nó slí bheatha.

 

— foirm an iarratais agus fógra iarratais a sheirbheáil

 

(2) Sula ndéanfar iarratas den sórt sin, déanfar fógra i bhFoirm 98.1, Sceideal C (nó cibé modhnú uirthi sin is cuí) a eisiúint agus a sheirbheáil ar an bhfreagróir, is é sin le rá, an gaol faoi dhliteanas, leis an bpost réamhíoctha cláraithe lá is fiche ar a laghad roimh an dáta a bheidh socraithe chun an t-iarratas a éisteacht.

 

— fógra, etc., a thaisceadh

 

(3) Nuair a bheidh an tseirbheáil déanta, déanfar an fógra bunaidh, mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh é agus an deimhniú postála, a thaisceadh leis an gCléireach ceithre lá ar a laghad roimh an dáta éisteachta.

 

Ordú ón gCúirt — foirm an ordaithe agus é a sheirbheáil

 

3. (1) Más rud é, ar iarratas den sórt sin a éisteacht, go ndéanfaidh an Chúirt ordú faoi alt 286 (4) den Acht, is i bhFoirm 98.2, Sceideal C (nó cibé modhnú uirthi sin is cuí) a bheidh an t-ordú. Cuirfidh an t-iarratasóir faoi deara an t-ordú sin a sheirbheáil ar an bhfreagróir leis an bpost réamhíoctha cláraithe.

 

— é a athrú nó a fhorghníomhu

 

(2) Chun críocha ordú arna dhéanamh faoi fho-alt (4) d’alt 286 den Acht a athrú nó a fhorghníomhú, measfar an t-ordú, mar a fhoráiltear i bhfo-alt (5) den alt sin, a bheith ina ordú íocaíochta i dtráthchodanna arna dhéanamh faoi alt 17 den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926. Chun na gcríoch sin, beidh feidhm ag forálacha iomchuí Ordú 53 (Forghníomhú Breithiú nas) de na Rialacha seo agus na foirmeacha a fhorordaítear iontu, fara aon oiriúnú is gá, i ndáil le gach ordú den sórt sin arna dhéanamh faoin alt sin 286 (4).

 

— ní bheidh feidhm ag r.6 (2), 7 (4) d’Ordú 53 maidir leis

 

(3) Ní bheidh feidhm ag forálacha rialacha 6 (2) agus 7 (4) den Ordú sin 53, a bhaineann faoi seach le ré feidhme orduithe tráthchoda agus orduithe athrúcháin, maidir le horduithe arna ndéanamh faoin alt sin 286 (4).

 

— astú tuillimh

 

(4) Más rud é, chun íocaíochtaí faoi ordú arna dhéanamh de bhun an ailt sin 286 (4) a áirithiú, go ndéanfaidh údarás inniúil iarratas faoi alt 287 den Acht ar ordú astaithe tuillimh, mura ndéanfar an t-iarratas sin tráth éisteachta an iarratais faoi alt 286 (2), féadfar é a dhéanamh ag aon suí den Chúirt chun gnó sibhialta a dhéanamh don cheantar cúirte ina bhfuil gnáthchónaí ar an ngaol faoi dhliteanas nó ina seolann sé nó sí aon ghairm, gnó nó slí bheatha. Beidh feidhm ag forálacha iomchuí Chuid IX den Acht i ngach cás den sórt sin.

 

Is iad na nósanna imeachta agus na foirmeacha is iomchuí a sholáthraítear in Ordú 56 (seachas riail 2) de na Rialacha seo na nósanna imeachta a leanfar agus na foirmeacha a ú sá idfear i ndáil le hiarratais den sórt sin, agus beidh feidhm ag an Ordú sin agus ag na foirmeacha sin, fara aon mhodhnuithe is gá, i ngach cás den sórt sin.

 

Tagairtí a fhorléiriu

 

4. Déanfar tagairtí in Orduithe 53 agus 56 de na Rialacha seo agus sna foirmeacha a fhorordaítear iontu do ‘‘creidiúnaí’’ agus ‘‘creidiúnaí cothabhála’’ nó do ‘‘féichiúnaí’’ agus ‘‘féichiúnaí cothabhála’’, a mhéid a bhaineann siad le hiarratais nó le horduithe lena mbaineann riail 3 den Ordú seo, a fhorléiriú mar thagairtí do ‘‘údarás inniúil’’ agus ‘‘gaol faoi dhliteanas’’, faoi seach.