Ordú 81

An chúirt bhliantúil um cheadúnú

1. Tionólfaidh Breitheamh den Chúirt Dúiche cúirt, dángairfear an Chúirt Bhliantúil um Cheadúnú, i ngach ceantar cúirte i ndúiche an Bhreithimh lá an tsuí deiridh den Chúirt don cheantar cúirte sin chun gnó na Cúirte, ag feidhmiúa dlínse achomaire di, a sheoladh, a thionólfar i mí Mheán Fómhair gach bliain.

2. Éistfidh agus cinnfidh gach Cúirt Bhliantúil um Cheadúnú a dúradh

na hiarratais sin go léir a dhéanfar chuici ar dheimhnithe, ar cheadúnais, ar orduithe, nó ar athnuachaintí orthu, agus agóidí i gcoinne na deimhnithe, na ceadúnais nó na horduithe sin a dheonú nó a athnuachan, a ndéantar foráil ina leith in Orduithe 63 go 89 de na Rialacha seo agus a cheanglaítear a dhéanamh ag an gCúirt Bhliantúil um Cheadúnú;

aon iarratas, agóid nó ábhar eile a cheanglaítear le reacht nó le Rialacha Cúirte a dhéanamh nó a thabhairt ag an gCúirt sin;

agus féadfaidh an Breitheamh aon Chúirt den sórt sin a chur ar atráth, ó am go ham, de réir mar is gá sna himthosca.

3. Chun críocha an Ordaithe seo, is é an suí a thionólfar an Déardaoin deiridh i mí Mheán Fómhair gach bliain lá an tsuí deiridh den Chúirt sa mhí sin i nDúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath.