Leasuithe ar: Ordú 21

I.R. Uimh. 94 de 2010: Na Rialacha Cúirte Dúiche (An tAcht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Frithpháirteach), 2008), 2010

1. Na Rialacha Cúirte Dúiche (An tAcht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Frithpháirteach), 2008), 2010 is teideal do na rialacha seo.

2. Tiocfaidh na rialacha seo i ngníomh an 5ú lá d’Aibreán 2010 agus forléireofar i dteannta na Rialacha Cúirte Dúiche, 1997 go 2010 iad.

3. Leasaítear na Rialacha Cúirte Dúiche, 1997 (I.R. Uimh. 93 de 1997):

(i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad theideal Ordú 21:

“Ordú 21

Freastal Finnéithe agus Fianaise a Áirithiú”;

ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach díreach i ndiaidh riail 2 d’Ordú 21:

“3. (1) San Ordú seo, ciallaíonn “Acht 2008” an tAcht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Frithpháirteach), 2008 (Uimh. 7 de 2008).

(2) Maidir le hon iarratas chuig Breitheamh den Chúirt Dúiche ar litir iarrata a eisiúint faoi alt 62(1), alt 67(2), alt 73(1) nó alt 77(1) d’Acht 2008—

(a) i gcás go mbainfidh an t-iarratas le himeachtaí arna dtionscnamh cheana féin i gcoinne duine, déanfar é, mura n-ordóidh nó mura gceadóidh an Breitheamh a mhalairt, trí fhógra iarratais i bhFoirm 21.8, Sceideal B, a bheidh le filleadh go dtí an dáta a bheidh sonraithe ar an toghairm nó an dáta is túisce dá éis a bheidh an duine cúisithe sceidealta chun bheith os comhair na Cúirte Dúiche, agus, mura n-ordóidh nó mura gceadóidh an Breitheamh a mhalairt, déanfar an fógra iarratais a thaisceadh leis an gCléireach agus seirbheálfar cóip de ar an ionchúisitheoir nó ar an duine cúisithe, de réir mar a bheidh, tráth nach déanaí ná dhá lá roimh an dáta sin;

(b) in aon chás eile, déanfar ex parte é ag aon suí den Chúirt trí fhógra iarratais i bhFoirm 21.8, Sceideal B.

(3) Féadfaidh an Breitheamh, sula ndéanfaidh sé nó sí ordú ar iarratas den sórt sin, a cheangal ar an iarratasóir dréacht comhlánaithe d’fhoirm na litreach iarrata, ina mbeidh an fhaisnéis a cheanglaítear a áireamh i litir den sórt sin le hAcht 2008, a thabhairt ar aird, nó a thaisceadh leis an gCléireach, lena bhreithniú ag an mBreitheamh.

(4) I gcás go ndéanfar ordú faoin riail seo, féadfaidh cibé forálacha breise a bheith san ordú a mheasfaidh an Breitheamh den Chúirt Dúiche is gá nó is cuí chun a urasú aon fhianaise lena mbaineann a ghlacadh.

4. Is i bhFoirm 21.9, Sceideal B a bheidh deimhniú de réir alt 58(1)(b) d’Acht 2008. Déanfaidh an Cléireach deimhniú den sórt sin a eisiúint ar litir a fháil ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, nó ó oifigeach nó aturnae don Stiúrthóir a bheidh údaraithe go cuí chuige sin, ina n-iarrfar deimhniú den sórt sin.

5. Maidir le gach iarratas ar chead chun doiciméad a eisiúint agus a sheirbheáil de réir alt 80 d’Acht 2008, déanfar ex parte é agus beidh fianaise ó bhéal mar thaca leis, agus tabharfar ar aird, ar iarratas den sórt sin, dréacht den doiciméad a bheartaítear a eisiúint agus a sheirbheáil (is dréacht a mbeidh an t-ábhar ann de réir alt 80(4) d’Acht 2008) agus aon aistriúchán a cheanglaítear faoi fho-ailt (2) agus (3) d’alt 80 d’Acht 2008. Beidh mar thaca leis an iarratas freisin fianaise ina sainaithneofar an stát eile a gcreidtear an duine a mbeartaítear an doiciméad a sheirbheáil air nó uirthi a bheith ann, aon fhaisnéis a bheidh ar fáil don iarratasóir i dtaobh cá bhfuil an duine a bheartaítear a sheirbheáil, agus aon fhaisnéis eile is gá chun a chumasú don Chúirt a rogha a fheidhmiú de réir alt 80.”;