Order 31A

Proceedings Under The Police (Property) Act, 1897

The below amendment(s) have been made to this instrument which can be viewed by clicking on the link(s):

No31A-S.I. No. 94 Of 2010: District Court (Criminal Justice (Mutual Assistance) Act 2008) Rules 2010

Míniu

1. San Ordú seo—

ciallaíonn ‘‘an tAcht’’ an Police (Property) Act, 1897 (60 agus 61 Vict., c.30).

Iarratas ar ordú chun maoin a dhiú scairt

2. (1) Féadfar iarratas de bhun alt 1 den Acht ar ordú chun maoin a tháinig i seilbh an Gharda Síochána a dhiúscairt a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don dúiche chúirte ina bhfuil an mhaoin nó ina bhfuil cónaí ar an éilitheoir ar an maoin tráth an iarratais.

(2) Sula ndéanfar an t-iarratas sin, déanfar fógra i bhFoirm 31A.1, Sceideal B, a eisiúint agus a sheirbheáil, agus

(a) más rud é gur comhalta den Gharda Síochána é nó í an t-iarratasóir, is comhalta den Gharda Síochána a dhéanfaidh an fógra a sheirbheáil de réir fhorálacha iomchuí Ordú 10 de na Rialacha seo ar gach éilitheoir ar an maoin atá ar eolas;

(b) más rud é gur éilitheoir ar an maoin é nó í an t-iarratasóir agus go mbeidh an mhaoin sin tagtha i seilbh an Gharda Síochána i dtaca le cúiseamh coiriúil, déanfar an fógra a sheirbheáil ar an gcomhalta den Gharda Síochána a thug an cúiseamh sin ar aghaidh nó, mura féidir an comhalta sin a fháil amach, agus i ngach cás eile ar éilitheoir ar an maoin é nó í an t-iarratasóir, déanfar an fógra a sheirbheáil ar cheannfort an Gharda Síochána don dúiche ina bhfuil an mhaoin. Féadfar an tseirbheáil faoin bhfomhír seo a dhéanamh leis an bpost réamhíoctha cláraithe nó trí chóip den fhógra a thabhairt don chomhalta nó don cheannfort sin nó trína fágáil sa stáisiún Garda Síochána dó nó di. Déanfaidh an t-é ilitheoir sin an fógra a sheirbheáil freisin leis an bpost réamhíoctha cláraithe ar aon éilitheoir eile ar an maoin atá ar eolas.

(3) Más rud é go mbeidh an tseirbheáil á déanamh leis an bpost réamhíoctha cláraithe, déanfar an fógra a sheirbheáil lá is fiche ar a laghad roimh an dáta a bheidh socraithe chun an t-iarratas a é isteacht. I ngach cás eile, déanfar an fógra a sheirbheáil seacht lá ar a laghad roimh an dáta sin.

(4) I ngach cás, nuair a bheidh an tseirbheáil déanta, déanfar an fógra bunaidh, mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh é (agus, Más cuí, an deimhniú postá la), a thaisceadh leis an gCléireach ceithre lá ar a laghad roimh an dáta é isteachta.

(5) Más rud é, in aon iarratas lena mbaineann an tOrdú seo, nach féidir leis an gcomhalta den Gharda Síochána is iarratasóir úinéir na maoine nó aon éilitheoir ar an maoin a fháil amach, féadfar an t-iarratas sin a dhéanamh ex parte ar an bhfógra a thaisceadh leis an gCléireach roimh ré.

Ordú ón gCú irt

3. Is i bhFoirm 31A.2, Sceideal B, a bheidh an t-ordú ón gCúirt ag géilleadh don iarratas.