Ordú 73

Díolúintí le haghaidh teaghmas speisialta

Ionad

1. (1) Maidir le hiarratas ó shealbhóir ceadúnais i leith áitribh in aon líomatáiste nach bhfuil i gcontaebhuirg Bhaile Átha Cliath ar ordú díolúine i leith teagmhais speisialta de bhun alt 10 den Acht Deochanna Meisciúla, 1962, féadfar é a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don cheantar cúirte ina bhfuil an t-áitreabh dá mbeifear ag lorg an ordaithe.

Fógra a sheirbheáil

(2) Déanfar fógra faoin iarratas a sheirbheáil ar an oifigeach i bhfeighil an Gharda Síochána don líomatáiste lena mbaineann an t-iarratas seacht lá ar a laghad roimh dháta éisteachta an iarratais.

Fógra nuachtáin

(3) Cuirfidh an t-iarratasóir faoi deara freisin go bhfoilseofar fógra faoin iarratas atáthar ar intinn a dhéanamh, seacht lá ar a laghad roimh an éisteacht sin, i nuachtán a léitear sa líomatáiste.

Fógra, etc., a thaisceadh

(4) Déanfar cóip den fhógra iarratais, mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh é agus cóip den nuachtán, a thaisceadh leis an gCléireach ceithre lá ar a laghad roimh dháta na héisteachta sin.

Ordú ón gCúirt

(5) Más rud é go ngéillfear don iarratas, is de réir Fhoirm 73.1, Sceideal C, a bheidh an tOrdú.

Cúlghairm

2. (1) Más rud é gur géilleadh d’iarratas dá dtagraítear i riail 1 den Ordú seo, féadfar iarratas dá éis sin a dhéanamh ag aon suí den Chúirt in aon cheantar cúirte sa dúiche inar géilleadh don iarratas bunaidh, aon tráth roimh thosach feidhme na tréimhse lena mbaineann an t-iarratas bunaidh, go ndéanfar an céanna a chúlghairm.

Fógra a Thaisceadh

(2) Déanfar fógra faoin iarratas a thaisceadh leis an gCléireach roimh dháta éisteachta an iarratais.

Ordú ón gCúirt

(3) Is de réir Fhoirm 73.2, Sceideal C, a bheidh an t-ordú ón gCúirt a éistfidh an t-iarratas sin.

Fógra don Gharda Síochána

(4) Tabharfaidh an Cléireach fógra faoi dhéanamh an ordaithe sin don oifigeach i bhfeighil an Gharda Síochána don líomatáiste lena mbaineann an t-ordú cúlghairthe.

Foirm an deimhnithe atá le tabhairt ag an gCléireach

3. Is de réir Fhoirm 73.3, Sceideal C, a bheidh an deimhniú a cheanglaítear ar an gCléireach a thabhairt de bhun alt 25 den Acht Deochanna Meisciúla, 1962, arna ionadú sa 1ú Sceideal d’Acht na gCúirteanna (Uimh. 2), 1986, chun críche iarratas lena mbaineann rialacha 1 agus 2 den Ordú seo.