Ordú: 29

Eiseachadadh

Mínithe

1. San Ordú seo—

ciallaíonn ‘‘Acht 1994’’ an tAcht um Eiseachadadh (Leasú), 1994 (Uimh. 6 de 1994);

ciallaíonn ‘‘breitheamh den Chúirt Dúiche atá sannta do Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath’’ Uachtarán na Cúirte Dúiche agus aon bhreitheamh eile den Chúirt Dúiche atá sannta do Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath arna ainmniú nó arna hainmniú chun críocha an Phríomh-Achta ag Uachtarán na Cúirte Dúiche;

ciallaíonn ‘‘an Príomh-Acht’’ an tAcht um Eiseachadadh, 1965 (Uimh. 17 de 1965);

Cuid II Barántas gabhála (alt 26)

2. Más rud é, ar dheimhniú ón Aire Dlí agus Cirt faoi alt 26 (1) (a) den Phríomh-Acht (arna ionadú le halt 7 d’Acht 1994) a thabhairt ar aird do bhreitheamh den Chúirt Dúiche atá sannta do Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath á dheimhniú go ndearnadh iarraidh de réir Chuid II den Phríomh-Acht chun duine a eiseachadadh, go n-eiseoidh an Breitheamh barántas faoi alt 26 (1) (b) den Phríomh-Acht (arna ionadú leis an alt sin 7) chun an duine sin a ghabháil, is i bhFoirm 29.1, Sceideal B, a bheidh an barántas sin.

Gabháil shealadach (alt 27)

3. (1) Is tríd an bhfaisné is faoi mhionn agus i scríbhinn, i bhFoirm 29.2, Sceideal B, ó chomhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná cigire a dhéanfar iarratas chun barántas faoi alt 27 (1) den Phríomh-Acht (arna ionadú le halt 8 d’Acht 1994) a eisiúint chun duine a ghabháil.

(2) Más rud é, de bhun na faisnéise sin agus gan deimhniú ón Aire Dlí agus Cirt faoi alt 26 (1) (a) den Phríomh-Acht, go n-eiseoidh an Breitheamh barántas chun an duine a ghabháil, is i bhFoirm 29.3, Sceideal B, a bheidh an barántas sin (chun duine a ghabháil go sealadach).

(3) Más rud é go n-eiseoidh Breitheamh barántas faoi alt 27 (1) den Phríomh-Acht, déanfaidh an Cléireach fógra i bhFoirm 29.4, Sceideal B, a chur láithreach chuig an Aire Dlí agus Cirt á chur in iúl don Aire gur eisíodh an barántas.

(4) Más rud é go mbeidh duine a bheidh gafa faoi bharántas arna eisiúint faoin alt sin 27 (1) os comhair Breithimh den Chúirt Dúiche atá sannta do Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath agus go n-athchuirfidh an Breitheamh an duine sin i gcoimeád go dtí go ndéanfar deimhniú ón Aire Dlí agus Cirt faoi alt 26 (1) (a) den Phríomh-Acht a thabhairt ar aird, is i bhFoirm 29.5, Sceideal B, a bheidh an barántas cimithe sa chás

Cimiú duine a bhfuiltear á iarraidh é nó í´ a eiseachadadh (alt 29)

4. (1) Más rud é go mbeidh duine os comhair na Cúirte faoi alt 26 nó 27 den Phríomh-Acht agus go ndéanfaidh an Chúirt ordú faoi alt 29 (1) den Acht sin ag cimiú an duine sin chun príosú in nó, de réir mar a bheidh, chun forais athchuir, le feitheamh ansin ar an ordú ón Aire Dlí agus Cirt chun é nó í a eiseachadadh, is i bhFoirm 29.6, Sceideal B, a bheidh an t-ordú sin ón gCúirt.

(2) Tar éis don Chúirt ordú den sórt sin a dhéanamh, déanfaidh an Cléireach deimhniú maidir leis an gcimiú i bhFoirm 29.7, Sceideal B, a chur láithreach chuig an Aire, faoi fho-alt (3) (b) den alt sin 29.

Toiliú le tabhairt suas

5. Is i scríbhinn, i bhFoirm 29.8 , Sceideal B, a bheidh an toiliú lena thabhairt suas nó lena tabhairt suas arna thabhairt, ag duine a chimeofar faoi alt 29 den Phríomh-Acht, os comhair Breithimh den Chúirt Dúiche atá sannta do Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath faoi alt 31 den Acht sin (arna ionadú le halt 4 d’Acht 1994).

Cuid III Imeachtaí os comhair na Cúirte (alt 47)

6. (1) Más rud é go mbeidh duine a ainmnítear nó a thuairiscítear i mbarántas os comhair na Cúirte Dúiche de bhun Chuid III den Phríomh-Acht, agus go ndéanfaidh an Chúirt ordú faoi alt 47 (1) den Acht sin (arna ionadú le halt 12 d’Acht 1994) chun an duine sin a sheachadadh i gcoimeád comhalta d’fhórsa póilíneachta ón áit inar eisíodh an barántas lena thabhairt nó lena tabhairt go dtí an áit sin, agus go n-athchuirfidh sí é nó í i gcoimeád go dtí go seachadfar é nó í amhlaidh, is i bhFoirm 29.9, Sceideal B, a bheidh an t-ordú ón gCúirt sa chás sin.

(2) Más rud é, in aon chás den sórt sin, go gcuirfidh an Chúirt na himeachtaí ar atráth agus go n-athchuirfidh sí an duine sin i gcoimeád faoi alt 47 (4) den Phríomh-Acht (arna ionadú le halt 12 d’Acht 1994), is i bhFoirm 29.10, Sceideal B, a bheidh an barántas cimithe.

Toiliú go ndéanfar duine a sheachadadh (alt 48)

7. Is i scríbhinn, i bhFoirm 29.11, Sceideal B, a bheidh an toiliú ó dhuine lena mbaineann ordú faoi alt 47 (1) den Phríomh-Acht go seachadfar é nó í faoin ordú, arna thabhairt os comhair Breithimh den Chúirt Dúiche atá sannta do Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath faoi alt 48 (1) den Phríomh-Acht (arna ionadú le halt 4 d’Acht 1994).

Barántas sealadach (alt 49)

8. (1) Is tríd an bhfaisné is faoi mhionn agus i scríbhinn, i bhFoirm 29.12, Sceideal B, ó chomhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná cigire, a dhéanfar iarratas chuig Breitheamh den Chúirt Dúiche chun barántas sealadach a eisiúint chun duine a ghabháil faoi alt 49 (1) den Phríomh-Acht.

(2) Nuair a dhéanfaidh an Breitheamh, de bhun na faisnéise sin, barántas sealadach a eisiúint chun an duine sin a ghabháil, is i bhFoirm 29.13, Sceideal B, a bheidh an barántas sin.

(3) Más rud é go ndéanfaidh Breitheamh den Chúirt Dúiche atá sannta do Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath duine a athchur i gcoimeád go ceann seacht lá ar a mhéad faoi alt 49 (6) den Phríomh-Acht (arna ionadú le halt 13 d’Acht 1994), is i bhFoirm 29.14, Sceideal B, a bheidh an barántas cimithe sa chás sin.

Foirm an chúirtbhanna (alt 7A)

9. Más rud é go ndéanfar duine a bheidh gafa faoi Chuid II nó III den Phríomh-Acht a ligean faoi bhannaí le hordú ón Ard-Chúirt faoi alt 7A den Acht sin (arna chur isteach le halt 5 d’Acht 1994) agus go n-ordóidh an t-ordú go rachfar i gCúirtbhanna os comhair Breithimh den Chúirt Dúiche nó os comhair Rialtóra nó Leas-Rialtóra príosúin nó forais athchuir, féadfaidh an Cúirtbhanna sin a bheith i bhFoirm 29.15, Sceideal B, nó aon mhodhnú uirthi is gá chun téarmaí agus coinníollacha an Ordaithe sin ó n Ard-Chúirt a chomhlíonadh.

Forálacha is infheidhme maidir le barántais

10. (1) Faoi réir fhorálacha mhíreanna (2) agus (3) den riail seo, beidh feidhm, maidir le barántais a eiseofar faoin bPríomh-Acht, ag na forálacha sna Rialacha seo is infheidhme maidir le barántais in imeachtaí i leith cionta.

(2) Féadfar barántas gabhá la a eiseofar faoi alt 26, 27 nó 49 den Phríomh-Acht a dhíriú chuig aon chomhalta den Gharda Síochána in aon chuid den Stát.

(3) Féadfaidh aon chomhalta den Gharda Síochána barántas lena mbaineann mír (2) den riail seo a fhorghníomhú in aon chuid den Stát, agus féadfar é a fhorghníomhú amhlaidh d’ainneoin nach mbeidh sé i seilbh an chomhalta ag an am; agus déanfar an barántas a thaispeáint don duine a gabhadh, agus tabharfar cóip den bharántas dó nó di, tráth na gabhála sin, nó, mura mbíonn an barántas i seilbh an chomhalta an tráth sin, laistigh de cheithre huaire an chloig is fiche ina dhiaidh sin.

Fianaise trí mhionnscríbhinn

11. In aon imeachtaí a thabharfar os comhair na Cúirte faoi na hAchtanna um Eiseachadadh, 1965 go 1994 (seachas iarratas chun barántas gabhála a eisiúint), féadfaidh an Chúirt, tráth ar bith, ar cibé cúiseanna is cuí lé i agus ar cibé coinníollacha is réasúnach léi, a cheadú fianaise aon fhinné a thabhairt trí mhionnscríbhinn agus a cheadú mionnscríbhinn an fhinné sin a léamh ag an éisteacht. Ní thabharfaidh an Chúirt cead den sórt sin, áfach, má dhealraíonn sé go dteastaíonn ó aon pháirtí sna himeachtaí bona fide go dtabharfar an finné ar aird lena chroscheistiú nó lena croscheistiú agus go bhféadfar an finné sin a thabhairt ar aird.