Leasuithe ar: Ginearálta

I.R. Uimh. 581 de 2009: Na Rialacha Cúirte Dúiche (Oifigí Cúirte Comhcheangailte) 2009

1. Na Rialacha Cúirte Dúiche (Oifigí Cúirte Comhcheangailte) 2009 is teideal do na rialacha seo.

2. Tiocfaidh na rialacha seo i ngníomh an 11ú lá d’Eanáir 2010 agus forléireofar iad i dteannta na Rialacha Cúirte Dúiche 1997 go 2009.

3. Leasaítear na Rialacha Cúirte Dúiche, 1997 (I.R. Uimh. 93 de 1997) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “Cléireach” sna forálacha a bhaineann le “Léiriú Téarmaí”:

“ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, ciallaíonn “Cléireach” Cle´ireach Cu´irte Du´iche a bheidh ag gabha´il leis an gCu´irt Du´iche de réir alt 46 den Acht Oifigigh Cúirte 1926 agus a bheidh sannta d’aon cheantar cúirte amháin nó níos mó de réir alt 48 den Acht sin nó duine a bheidh ceaptha go sealadach chun dualgais agus feidhmeanna Cléirigh den sórt sin a chomhlíonadh, agus i gcás ina mbeidh gnó á sheoladh ag Cléireach Cúirte Dúiche in oifig chúirteanna chomhcheangailte arna bunú faoi alt 14 d’Acht na gCúirteanna agus na nOifigeach Cúirte 2009, aon tagairt sna Rialacha seo d’oifig an Chléirigh sin nó don oifig Cúirte Dúiche lena mbaineann an gnó sin is tagairt í don oifig chúirteanna chomhcheangailte sin nó folaíonn sí tagairt don oifig chúirteanna chomhcheangailte sin, agus féadfar aon fhoirm i Sceideal na bhFoirmeacha a mhodhnú dá réir sin.”