Ordú: 43

Éilimh agus páirtithe a uamadh : I.R. Uimh. 17 de 2014

Nasc gaolmhara
S.I. No. 17 of 2014 - provisions overview

1 — MÍNITHE

1 Mínithe

1. San Ordú seo—

ciallaíonn “deimhniú breithe” sliocht deimhnithe as Clár na mBreitheanna ina dtaispeánfar dáta breithe an duine;

ciallaíonn “duine faoi mhíchumas” leanbh nó duine mímheabhrach.

2 — ÉILIMH A UAMADH

2 Éilimh a uamadh

2. (1) Féadfar dhá éileamh nó níos mó a dhéanamh i ndoiciméad tionscnaimh amháin, mar mhalairt ar a chéile nó ar shlí eile, chomh fada is nach mbeidh na héilimh ar neamhréir lena chéile ná bunaithe ar líomhaintí fíorais a bheidh ar neamhréir lena chéile.

(2) D’ainneoin fho-riail (1), más dealraitheach don Chúirt nach féidir éilimh a uamadh in imeacht sibhialta a thriail le chéile go caoithiúil, féadfaidh an Chúirt trialacha ar leithligh a ordú nó féadfaidh sí aon éileamh a eisiamh, agus féadfaidh sí na leasuithe is gá a ordú, agus féadfaidh sí cibé ordú a dhéanamh maidir le costais a mheasfaidh an Chúirt is cóir.

3 — PÁIRTITHE IOLRACHA A UAMADH

3 Éilitheoirí a uamadh

3. (1) Féadfar na daoine go léir a uamadh in aon imeacht sibhialta amháin mar éilitheoirí a n-éileofar go bhfuil aon cheart chun faoisimh ar marthain iontu de dhroim na n-idirbheart céanna, cibé acu i gcomhpháirt nó go leithleach nó mar mhalairt ar a chéile é, i gcás, dá dtionscnódh na daoine sin go léir imeachtaí sibhialta ar leithligh, go n-eascródh comhcheist dlí nó fíorais, ach ní fhéadfaidh an méid iomlán a dhámhfar in imeacht sibhialta i dtaobh aon fhoirm éilimh amháin a bheith níos mó ná an t-uasmhéid a bhfuil dlínse ag an gCúirt a dhámhachtain in imeacht sibhialta, is cuma faoin líon éilitheoirí a fhéadfaidh scair den mhéid sin a bheith acu nó a bhféadfar cuid den mhéid sin a dhámhachtain dóibh.

(2) D’ainneoin fho-riail (1), más deimhin leis an gCúirt, ar iarratas ó fhreagróir trí fhógra foriarratais, go bhféadfaidh uamadh na ndaoine sin go léir treampán nó moill a chur ar an triail, féadfaidh an Chúirt trialacha ar leithligh a ordú, nó cibé ordú eile a dhéanamh a mheasfaidh sí is cóir.

(3) Nuair a bheidh an leas céanna ag go leor daoine in éileamh amháin (cibé acu mar éilitheoirí nó mar fhreagróirí), féadfaidh duine amháin nó níos mó de na daoine sin agra a dhéanamh, nó féadfar agra a dhéanamh ar an duine nó ar na daoine sin, nó féadfaidh an Chúirt a údarú dó nó di nó dóibh cosaint a dhéanamh, sna himeachtaí sibhialta, thar ceann nó chun tairbhe na ndaoine leasmhara go léir.

(4) Ní bheidh feidhm ag fo-riail (2) maidir le héilimh i dtort.

(5) Ní fhéadfar éilitheoir a dhéanamh de dhuine ar bith gan a thoiliú nó a toiliú. 

4 Freagróirí a uamadh

4. (1) Féadfar na daoine go léir a uamadh in aon imeacht sibhialta amháin mar fhreagróirí a líomhnófar go bhfuil an ceart chun aon fhaoisimh ar marthain ina gcoinne, cibé acu i gcomhpháirt nó go leithleach nó mar mhalairt ar a chéile é.

(2) Nuair a bheidh an t-éilitheoir in amhras i dtaobh an duine a mbeidh sé nó sí i dteideal sásamh a fháil uaidh nó uaithi, féadfaidh sé nó sí beirt fhreagróirí nó níos mó a uamadh, ionas go bhféadfar an cheist i dtaobh cén duine de na freagróirí, más aon duine acu é nó í, atá faoi dhliteanas, agus i dtaobh mhéid an dliteanais sin, a chinneadh amhail idir na páirtithe go léir.

(3) Maidir le duine a bhfuil cónaí air nó uirthi lasmuigh den dúiche Chúirte, ar laistigh di nach foláir na himeachtaí sibhialta a thionscnamh faoi aon achtachán nó faoi na Rialacha seo, ach a bhfuil cónaí air nó uirthi laistigh den Stát, gur duine é nó í is páirtí riachtanach cuí in imeacht sibhialta a thionscnófar go cuí sa Chúirt i gcoinne duine laistigh den dúiche Chúirte, féadfar an fógra éilimh nó doiciméad eile a sheirbheáil ar an duine céadluaite gan cead speisialta ón gCúirt.

(4) Ní gá go mbeidh leas ag gach freagróir i leith chur in aghaidh an fhaoisimh uile nó gach faoisimh a lorgófar, ná i leith gach cúise caingne a áirítear in imeacht sibhialta inar freagróir é nó í a chosaint; ach féadfaidh an Chúirt aon ordú is cóir léi a dhéanamh, chun nach gcuirfear treampán ná costas nach gá ar aon fhreagróir as bheith faoi cheangal freastal ar aon éisteacht nó iarratas nach bhfuil leas ar bith aige nó aici inti nó ann.

5 Freagróirí i leith éileamh i gconradh

5. Féadfaidh an t-éilitheoir, dá rogha féin, na daoine go léir nó aon duine de na daoine a bheidh go leithleach, nó i gcomhpháirt agus go leithleach, faoi dhliteanas maidir le haon chonradh amháin, lena n-áirítear páirtithe i mbillí malairte agus i nótaí gealltanais, a uamadh mar fhreagróirí san imeacht sibhialta céanna. 

6 Féadfaidh Cúirt páirtithe riachtanacha a uamadh

6. (1) Ní fhéadfar éileamh nó cúis chaingne ar bith a threascairt mar gheall ar mhainneachtain daoine áirithe a uamadh mar pháirtithe.

(2) Féadfaidh an Chúirt i ngach imeacht sibhialta déileáil leis an ábhar faoi chonspóid a mhéid a bhaineann sé le cearta agus le leasanna na bpáirtithe a bheidh os comhair na Cúirte iarbhír.

(3) Féadfaidh an Chúirt, ag aon chéim d’imeachtaí sibhialta, ar iarratas nó gan iarratas ó aon pháirtí, agus ar cibé téarmaí is cóir leis an gCúirt, ordú a dhéanamh:

(a) go scriosfar amach ainm aon pháirtí, cibé acu is éilitheoir nó freagróir é nó í, a uamadh go mícheart, nó

(b) go gcuirfear isteach, mar éilitheoir nó mar fhreagróir, ainm aon duine ba chóir a bheith uamtha mar pháirtí, nó a bhféadfaidh sé gur gá é nó í a bheith os comhair na Cúirte chun a chumasú don Chúirt na ceisteanna uile a bhaineann leis an imeacht sibhialta a bhreithniú agus a shocrú.

(4) Ní fhéadfar duine a chur isteach mar éilitheoir:

(a) gan a thoiliú nó a toiliú i scríbhinn, nó

(b) má bhíonn an duine faoi mhíchumas, gan caomhnóir ad litem nó neaschara a cheapadh, is caomhnóir nó neaschara nach foláir dó nó di a thoiliú nó a toiliú a thabhairt i scríbhinn chun gníomhú sa cháil sin.

(5) Maidir le gach duine a gcuirfear a ainm nó a hainm isteach mar fhreagróir, ní foláir an fógra éilimh a sheirbheáil air nó uirthi ar an tslí a fhorordaítear le hordú ón gCúirt nó thairis sin ar shlí a cheadaítear le hOrdú 41.

(6) Ní foláir a mheas maidir le himeacht sibhialta gur tionscnaíodh é i gcoinne duine a cuireadh isteach mar fhreagróir:

(a) ar an dáta ar a ndearna éilitheoir iarratas a chomhdú chun an páirtí a uamadh nó

(b) i gcás go ndéanfaidh an Chúirt amhlaidh uaithi féin, tráth a dhéanfaidh an Chúirt an t-ordú lena gcuirfear an duine sin isteach mar fhreagróir.

(7) Ní fhéadfaidh an Chúirt uaithi féin freagróir a chur isteach gan toiliú i scríbhinn ó na héilitheoirí go léir.

4 — PÁIRTITHE FAOI MHÍCHUMAS

7 Féadfaidh Cúirt neaschara nó caomhnóir ad litem a cheapadh

7. (1) Nuair a bheidh imeachtaí sibhialta tionscanta thar ceann nó i gcoinne duine faoi mhíchumas, féadfaidh an Chúirt neaschara nó caomhnóir ad litem a cheapadh chun gníomhú ar son nó thar ceann an duine faoi mhíchumas.

(2) Féadfaidh an Chúirt neaschara nó caomhnóir ad litem a mhalartú, agus duine eile a cheapadh ina áit nó ina háit. 

8 Féadfaidh leanbh agra a dhéanamh trína neaschara

8. (1) Féadfaidh leanbh agra a dhéanamh trína neaschara arna cheapadh nó arna ceapadh chuige sin.

(2) I gcás go ndéanfaidh leanbh agra trína neaschara, ní foláir go gcomhdófar, mar aon leis an bhfógra éilimh, údarás i scríbhinn a bheidh sínithe ag an neaschara beartaithe (Foirm 43.01, Sceideal C) lena n-údarófar an t-imeacht sibhialta a thosú agus a sheoladh thar ceann an linbh agus ainm an neaschara bheartaithe a úsáid mar neaschara. 

9 Féadfaidh leanbh cosaint a dhéanamh trí chaomhnóir ad litem

9. (1) Féadfaidh leanbh cosaint a dhéanamh trína chaomhnóir nó trína caomhnóir ad litem arna cheapadh nó arna ceapadh chuige sin.

(2) I gcás go ndéanfaidh leanbh cosaint trína chaomhnóir nó trína caomhnóir ad litem, ní foláir go gcomhdófar, mar aon leis an láithreas agus leis an gcosaint, údarás i scríbhinn a bheidh sínithe ag an gcaomhnóir beartaithe ad litem lena n-údarófar cosaint an imeachta shibhialta a sheoladh thar ceann an linbh agus ainm an chaomhnóra bheartaithe ad litem a úsáid mar chaomhnóir ad litem. 

10 Féadfaidh duine mímheabhrach agra a dhéanamh trí chúramaí nó trí neaschara agus féadfaidh sé nó sí cosaint a dhéanamh trí chúramaí nó trí chaomhnóir ad litem

10. Féadfaidh duine mímheabhrach, cibé acu a breithníodh ina dhuine mímheabhrach nó ina duine mímheabhrach ag ionchoisne é nó í nó nár breithníodh, agra a dhéanamh trína chúramaí nó trína cúramaí nó trína neaschara, agus féadfaidh sé nó sí cosaint a dhéanamh trína chúramaí nó trína cúramaí nó trí chaomhnóir ad litem arna cheapadh nó arna ceapadh chuige sin. 

11 Duine faoi mhíchumas do chomhréiteach éilimh

11. (1) Más rud é, in imeacht sibhialta, go ndéanfaidh duine faoi mhíchumas éileamh nó go ndéanfar éileamh thar a cheann nó thar a ceann, nó go ndéanfar éileamh ina choinne nó ina coinne, ní bheidh comhréiteach íocaíocht airgid ná glacadh le tairiscint ar bith, cibé uair a bheidh sé nó sí déanta, a mhéid a bhaineann sé nó sí leis an éileamh sin, bailí gan ceadú ón gCúirt.

(2) Ní foláir gur trí fhógra foriarratais (a fhéadfaidh a bheith i bhFoirm 43.02, Sceideal C, fairis na modhnuithe is gá) arna chomhdú tráth nach déanaí ná 28 lá tar éis an chomhréitigh, na híocaíochta nó an ghlactha a dhéanfar iarratas ar cheadú.

(3) Ní cheanglófar mionnscríbhinn ar bith a bheith mar thaca leis an bhfógra foriarratais.

(4) Féadfaidh an Chúirt an ceanglas i dtaobh fógra foriarratais a ligean thar ceal más rud é go ndéanfar an t-iarratas ar cheadú ag éisteacht an imeachta shibhialta.

(5) Ní foláir, ar an iarratas, fianaise a thabhairt ar dháta an chomhréitigh, na híocaíochta nó an ghlactha agus ar dháta breithe an duine faoi mhíchumas, agus ní foláir na dátaí a shonrú in aon ordú lena gceadófar an comhréiteach, an íocaíocht nó an glacadh.

(6) Más rud é go gceadófar tairiscint comhréitigh a ghlacadh, ní foláir a mheas go ndearna an duine faoi mhíchumas an tairiscint nó gur ghlac sé nó sí léi tráth an cheadaithe. 

12 Féadfaidh Cúirt a ordú go ndéanfar dámhachtain do leanbh a infheistiú

12. (1) Féadfaidh an Chúirt, faoi réir fhorálacha Ordú 12A, a ordú go ndéanfar aon airgead nó maoin phearsanta eile a ndearbhófar leanbh a bheith ina theideal nó ina teideal in imeachtaí os comhair na Cúirte, nó na fáltais ó aon ordú íoca le leanbh arna eisiúint faoin Acht um Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta, 2003, a urrú nó a infheistiú chun sochair an linbh ar an tslí a mheasfaidh an Chúirt is inmholta.

(2) Ní foláir don Chléireach cóip d’aon ordú arna dhéanamh faoin riail seo a chur, más cuí, chuig an gCuntasóir. 

13 Íocaíochtaí eatramhacha

13. (1) Mura gcinnfidh an Chúirt a mhalairt, ní fhéadfar íocaíocht eatramhach ar bith as aon airgead arna urrú nó arna infheistiú thar ceann linbh a dhéanamh ach amháin faoi ordú ón gCúirt arna dhéanamh ar iarratas ó neaschara an linbh nó ó chaomhnóir ad litem ar an leanbh.

(2) Féadfar iarratas ar íocaíocht eatramhach a dhéanamh trí fhoriarratas (a fhéadfaidh a bheith i bhFoirm 43.03, Sceideal C) ag aon suí den Chúirt don dúiche Chúirte ina ndearnadh na himeachtaí sibhialta a éisteacht. 

14 Dul ar aghaidh ina ainm féin nó ina hainm féin ar é nó í do theacht i lán-aois

14. Nuair a thiocfaidh leanbh i lán-aois fad a bheidh imeachtaí lena mbainfidh an tOrdú seo fós os comhair na Cúirte, féadfaidh aturnae nó neaschara an duine, nó caomhnóir ad litem ar an duine, ba leanbh iarratas a dhéanamh ex parte ag aon suí den Chúirt don cheantar Cúirte ina bhfuil na himeachtaí á n-éisteacht ar ordú go bhféadfaidh an t-éilitheoir nó an freagróir, a bhí ina leanbh tráth, dul ar aghaidh nó cosaint a dhéanamh ina ainm féin nó ina hainm féin. 

15 Íocaíocht as suimeanna arna n-infheistiú ar theacht i lán-aois

15. (1) Aon duine a fhéachfaidh, ar theacht i lán-aois dó nó di, go n-íocfar aon airgead a ndearnadh a urrú nó a infheistiú chun sochair dó nó di nuair ba leanbh an duine, féadfaidh sé nó sí, i gcás go bhforálfar amhlaidh san ordú lena n-ordaítear an dámhachtain don leanbh a infheistiú, iarratas a dhéanamh ar íocaíocht amach trí iarraidh i scríbhinn chun an Chléirigh (a fhéadfaidh a bheith i bhFoirm 43.04, Sceideal C) agus:

(a) trína dheimhniú breithe nó trína deimhniú breithe agus trí dhoiciméad céannachta de chineál éigin, lena n-áirítear grianghraf den duine is leordhóthanach chun an duine a chéannú mar an duine atá i dteideal íocaíochta, a thabhairt ar aird don Chléireach, agus

(b) trí chóip dheimhnithe dá dheimhniú breithe nó dá deimhniú breithe a chomhdú leis an gCléireach.

(2) Más rud é go mbeidh an Cléireach sásta le deimhniú breithe agus le doiciméad céannachta eile an duine a bheidh tugtha ar aird, agus le haon fhaisnéis eile a éileoidh an Cléireach dá rogha féin, féadfaidh an Cléireach íocaíocht as iarmhéid aon airgid a bheidh fágtha chun creidmheasa don duine a údarú.

(3) In aon chás ina mbeidh amhras, féadfaidh an Cléireach an iarraidh ar íocaíocht amach a liostú os comhair na Cúirte.

(4) In aon chás eile, féadfar iarratas ar íocaíocht amach a dhéanamh ex parte chun na Cúirte.

(5) Ar iarraidh nó ar iarratas faoin riail seo a éisteacht, féadfaidh an Chúirt le hordú a ordú go n-íocfar amach leis an duine aon suim airgid is deimhin leis an gCúirt a bheidh dlite dó nó di, mar aon le haon ús nó gnóchan infheistíochta a bheidh fabhraithe, nó féadfaidh sí aon ordú eile a dhéanamh a mheasfaidh an Chúirt is cóir maidir leis an iarratas. 

16 Doiciméid a sheirbheáil

16. Ach amháin mar a n-ordaíonn an Chúirt a mhalairt, ní foláir gur de réir fhorálacha Ordú 41 a dhéanfar doiciméid a sheirbheáil ar dhuine faoi mhíchumas.

5 — IONTAOBHAITHE, SEICEADÓIRÍ AGUS RIARTHÓIRÍ

17 Iontaobhaithe, seiceadóirí agus riarthóirí

17. (1) Féadfaidh iontaobhaithe, seiceadóirí agus riarthóirí agra a dhéanamh, agus féadfar agra a dhéanamh orthu, thar ceann, nó mar ionadaithe, na maoine nó an eastáit arb iontaobhaithe nó ionadaithe ina leith iad, gan aon duine de na daoine a bhfuil leas tairbhiúil aige nó aici san iontaobhas nó san eastát a uamadh, agus ní foláir a mheas go ndéanann siad ionadaíocht do na daoine a bhfuil leas tairbhiúil acu san iontaobhas nó san eastát.

(2) Féadfaidh an Chúirt, ag aon chéim de na himeachtaí, a ordú go ndéanfar páirtithe d’aon duine de na daoine a bhfuil leas tairbhiúil aige nó aici san iontaobhas nó san eastát i dteannta nó in ionad na bpáirtithe a bhí ann roimhe sin.

6 — COMHPHÁIRTITHE

18 Féadfaidh comhpháirtithe agra a dhéanamh nó féadfar agra a dhéanamh orthu in ainm gnólachta

18. Féadfaidh beirt nó níos mó, a éileoidh nó a bheidh faoi dhliteanas mar chomhpháirtithe agus a bheidh ag seoladh gnó sa Stát, agra a dhéanamh nó féadfar agra a dhéanamh orthu in ainm an ghnólachta, a raibh na daoine sin ina gcomhpháirtithe ann an tráth a d’fhabhraigh an chúis chaingne, agus in ainmneacha na ndaoine sin. 

19 Féadfaidh Cúirt a ordú go soláthrófar sonraí na gcomhpháirtithe go léir

19. Féadfaidh aon pháirtí in imeacht sibhialta arna dhéanamh ag comhpháirtithe nó ina gcoinne, is comhpháirtithe a dhéanfaidh agra in ainm gnólachta, iarratas a dhéanamh trí fhógra foriarratais chun na Cúirte go ndéanfar ráiteas, ina mbeidh ainmneacha, tuairiscí agus áiteanna cónaithe na ndaoine a bhí, an tráth a d’fhabhraigh an chúis chaingne, ina gcomhpháirtithe sa ghnólacht, a sholáthar agus a fhíorú de réir mar a ordóidh an Chúirt. 

20 Ní foláir d’éilitheoirí sonraí na gcomhpháirtithe go léir a sholáthar

20. (1) Nuair a eiseoidh comhpháirtithe fógra éilimh in ainm a ngnólachta, ní foláir do na héilitheoirí nó dá n-aturnaetha, ar éileamh i scríbhinn a bheith faighte ó aon fhreagróir, ainmneacha, tuairiscí agus áiteanna cónaithe na ndaoine go léir a chomhdhéanann an gnólacht, ar thar a cheann a thionscnófar an chaingean, a dhearbhú láithreach i scríbhinn.

(2) Más rud é go mainneoidh na héilitheoirí nó a n-aturnaetha déanamh de réir éileamh faoi fho-riail (1), féadfar, ar iarratas chuige sin, bac a chur ar na himeachtaí go léir ar an éileamh ar cibé téarmaí a ordóidh an Chúirt.

(3) Nuair a sholáthrófar sonraí na gcomhpháirtithe, féadfar dul ar aghaidh leis an éileamh ar an tslí chéanna, agus leanfaidh na hiarmhairtí céanna as go huile agus go hiomlán, ionann is dá mba rud é gur ainmníodh gach duine de na comhpháirtithe mar éilitheoirí san fhógra éilimh ach, mar sin féin, ní foláir go leanfar leis na himeachtaí sibhialta in ainm an ghnólachta. 

21 Seirbheáil ar chomhpháirtithe

21. I gcás go n-agrófar daoine mar chomhpháirtithe in ainm a ngnólachta, ní foláir an fógra éilimh a sheirbheáil de réir Ordú 41, riail 10. 

22 Láithreas agus cosaint

22. I gcás go n-agrófar daoine mar chomhpháirtithe in ainm a ngnólachta, ní foláir go dtaispeánfar ar an láithreas ina nduine agus ina nduine ainmneacha na ndaoine ar thar a gceann a bheidh sé á chomhdú; ach féadfaidh an chosaint a bheith in ainm an ghnólachta agus féadfar, mar sin féin, leanúint leis na himeachtaí uile ina dhiaidh sin in ainm an ghnólachta. 

23 Feidhm maidir le himeachtaí idir gnólacht agus comhpháirtí

23. (1) Beidh feidhm ag forálacha an Ordaithe seo maidir le himeachtaí sibhialta idir gnólacht agus comhalta amháin nó níos mó dá chomhaltaí, agus le himeachtaí sibhialta idir gnólachtaí a bhfuil comhalta amháin nó níos mó i gcoiteannas acu, ar choinníoll go bhfuil gnó á sheoladh laistigh den Stát ag an ngnólacht nó ag na gnólachtaí.

(2) Ní fhéadfar aon fhorghníomhú a eisiúint in imeachtaí a luaitear i bhfo-riail (1) gan cead ón gCúirt, is cead nach foláir a lorg trí fhoriarratas iar bhfógra chun an pháirtí dá ndéanfar difear.

7 —DAOINE A ÚSÁIDEANN AINMNEACHA GNÓ AGUS A SHEOLANN GNÍOMHAÍOCHTAÍ MAR CHLUB

24 Duine a bhíonn ag trádáil faoi ainm gnó

24. (1) Aon duine a bhfuil gnó á sheoladh aige nó aici sa Stát in ainm nó i dteideal seachas a ainm féin nó a hainm féin, agus arb ainm nó teideal é nach bhfuil cláraithe faoin Acht um Chlárú Ainmneacha Gnó, 1963, féadfar é nó í a agairt san ainm nó sa teideal faoina seolann sé nó sí gnó.

(2) Féadfaidh an t-éilitheoir i gcás den sórt sin iarratas a dhéanamh trí fhógra foriarratais chun na Cúirte ar ordú lena n-ordófar don duine a ndealraíonn sé go bhfuil an gnó á rialú nó á bhainistiú aige nó aici ainm, tuairisc agus áit chónaithe an duine, a bhí ag seoladh an ghnó lena mbaineann an tráth a d’fhabhraigh an chúis chaingne, a sholáthar agus a fhíorú de réir mar a ordóidh an Chúirt.

(3) I gcásanna a bhfuil feidhm ag fo-riail (1) maidir leo, féadfar fógra éilimh nó aon doiciméad eile a sheirbheáil trína sheirbheáil de réir Ordú 41 ar an duine a bhfuil gnó á sheoladh aige nó aici, nó ar an duine a ndealraíonn sé go bhfuil an gnó á rialú nó á bhainistiú aige nó aici tráth na seirbheála, san áit ina bhfuil an gnó á sheoladh.

(4) Ní foláir a mheas gur seirbheáil éifeachtach ar an duine a agraítear seirbheáil de réir fho-riail (3) cibé acu atá nó nach bhfuil an duine sin sa Stát nó lasmuigh den Stát agus ní bheidh gá le cead ón gCúirt chun an fógra éilimh nó an doiciméad eile a eisiúint. 

25 Duine a sheolann gníomhaíocht mar chlub

25. (1) Féadfar agra a dhéanamh in ainm an chlub ar dhaoine a sheolann aon ghníomhaíocht sa Stát mar chlub, i dteannta aon slí eile trína bhféadfar agra a dhéanamh orthu, cibé acu atá nó nach bhfuil an club cláraithe faoin Registration of Clubs (Ireland) Act 1904.

(2) Féadfaidh an t-éilitheoir i gcás den sórt sin iarratas a dhéanamh trí fhógra foriarratais chun na Cúirte ar ordú lena n-ordófar do na daoine a ndealraíonn sé go bhfuil an ghníomhaíocht á rialú nó á bainistiú acu ainmneacha, tuairisc agus áiteanna cónaithe na ndaoine, arbh iad na hoifigigh nó na hiontaobhaithe don chlub iad, nó ainmneacha, tuairisc agus áiteanna cónaithe na ndaoine a raibh an ghníomhaíocht a bhí á seoladh ag an gclub á rialú acu ar shlí eile, an tráth a d’fhabhraigh an chúis chaingne, a sholáthar agus a fhíorú de réir mar a ordóidh an Chúirt.

(3) I gcásanna a bhfuil feidhm ag fo-riail (1) maidir leo, féadfar fógra éilimh nó aon doiciméad eile a sheirbheáil trína sheirbheáil de réir Ordú 41 ar dhuine de na daoine a ndealraíonn sé, tráth na seirbheála, gur oifigeach nó iontaobhaí don chlub é nó í, nó go bhfuil an ghníomhaíocht atá á seoladh ag an gclub á rialú aige nó aici in áit ina seoltar an ghníomhaíocht. 

26 Beidh feidhm ag forálacha a bhaineann le gnólachtaí maidir le héileamh i gcoinne duine a bhíonn ag trádáil faoi ainm gnó nó i gcoinne club

26. A mhéid a cheadóidh cineál an cháis é, beidh feidhm maidir leis na cásanna go léir lena mbaineann riail 24 nó riail 25 ag forálacha na Rialacha seo a bhaineann le himeachtaí i gcoinne gnólachtaí.

8 —MALARTÚ PÁIRTITHE

27 Ní rachaidh éileamh ar ceal ar bhás ná ar fhéimheacht

27. (1) Ní rachaidh éileamh ar ceal mar gheall ar bhás ná ar fhéimheacht páirtí, más rud é go mairfidh nó go leanfaidh an chúis chaingne.

(2) Ní bheidh éileamh ná imeacht sibhialta lochtach mar gheall ar aon eastát nó teideal a shannadh, a bhunú nó a chineachadh pendente lite (nó fad a bheidh riar eastáit ar feitheamh).

(3) Cibé acu a mhairfidh an chúis chaingne nó nach mairfidh, ní rachaidh éileamh ar ceal mar gheall ar bhás aon pháirtí idir tráth an fhíoraisc nó tráth cinnte na saincheisteanna fíorais agus tráth an bhreithiúnais, ná idir tráth fógartha an bhreithiúnais nó an ordaithe agus tráth a thaifeadta.

(4) In aon chás den sórt sin, féadfar an breithiúnas nó an t-ordú ón gCúirt a thaifeadadh d’ainneoin an bháis. 

28 Féadfaidh Cúirt ionadaí pearsanta a uamadh

28. (1) Beidh feidhm ag an riail seo i gcás go n-éagfaidh páirtí in imeachtaí sibhialta nó i gcás go ndéanfar é nó í a bhreithniú ina fhéimheach nó ina féimheach, nó go ndéanfar eastát páirtí in imeachtaí sibhialta a chineachadh trí oibriú dlí.

(2) I gcás a bhfuil feidhm ag an riail seo maidir leis, féadfaidh an Chúirt, más rud é go measfaidh sí gur gá é chun na ceisteanna a bheidh i dtreis a shocrú go hiomlán, a ordú, maidir le hionadaí pearsanta páirtí, lena shannaí nó lena sannaí, lena iontaobhaí nó lena hiontaobhaí, nó leis an gcomharba eile ar a leas:

(a) go ndéanfar páirtí dó nó di sna himeachtaí sibhialta; nó

(b) go seirbheálfar fógra air nó uirthi i dtaobh na n-imeachtaí sibhialta,

agus sin ar cibé téarmaí is dóigh leis an gCúirt is cóir, agus féadfaidh an Chúirt cibé orduithe a dhéanamh is cóir léi chun na himeachtaí sibhialta a chur de láimh. 

29 Leanúint d’imeachtaí sibhialta fad a bheidh riar eastáit ar feitheamh

29. I gcás go ndéanfar aon eastát nó teideal chun aon mhaoine a shannadh, a bhunú nó a chineachadh pendente lite (nó fad a bheidh riar eastáit ar feitheamh), féadfaidh an duine a mbeidh an t-eastát nó an teideal sin tagtha nó cineachta chuige nó chuici leanúint d’imeacht sibhialta, nó féadfar leanúint d’imeacht sibhialta i gcoinne an duine sin. 

30 Páirtithe a mhalartú ar bhás nó ar fhéimheacht nó ar theagmhas eile

30. (1) Beidh feidhm ag an riail seo más rud é:

(a) gur bás nó féimheacht páirtí nó teagmhas eile a bheidh tarlaithe tar éis an t-imeacht sibhialta a thionscnamh is cúis le malartú nó le tarchur leasa nó dliteanais dhlíthiúil; nó

(b) go mbeidh duine a bhfuil leas aige nó aici san éileamh nó san imeacht sibhialta tagtha chun bheith ann tar éis an t-imeacht sibhialta a thionscnamh.

(2) Más rud é, i gcás a bhfuil feidhm ag fo-riail (1) maidir leis, gur gá nó gurb inmhianaithe:

(a) go ndéanfaí páirtí de dhuine nach páirtí cheana féin; nó

(b) go ndéanfaí páirtí i gcáil eile de dhuine is páirtí cheana féin,

féadfaidh an Chúirt, le hordú a dhéanfar ex parte, a ordú go seolfar na himeachtaí idir na páirtithe leanúnacha, agus páirtí nó páirtithe nua, i gcás gur deimhin leis an gCúirt gur tharla malartú nó tarchur leasa nó dliteanais dhlíthiúil mar a shonraítear i bhfo-riail (1)(a), nó gur tháinig duine ag a bhfuil leas chun bheith ann mar a shonraítear i bhfo-riail (1)(b). 

31 Ordú faoi riail 30 a sheirbheáil

31. (1) Mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, ní foláir ordú a gheofar faoi riail 30 a sheirbheáil ar gach páirtí de na páirtithe leanúnacha (nó ar a n-aturnaetha), agus ar gach páirtí nua (murab é nó í an duine a mbeidh an t-iarratas á dhéanamh aige nó aici an t-aon pháirtí nua a bheidh ann).

(2) Faoi réir rialacha 32 agus 33, beidh ordú faoi riail 30, ó thráth na seirbheála, ina cheangal ar an duine ar a seirbheálfar é, agus ní foláir do gach duine ar a seirbheálfar ordú faoi riail 30 agus nach páirtí sna himeachtaí sibhialta cheana féin, más freagróir é nó í, láithreas a chomhdú agus a sheirbheáil agus cosaint a sheirbheáil laistigh den tréimhse ama chéanna, agus ar an tslí chéanna, amhail is dá seirbheálfaí an fógra éilimh air nó uirthi. 

32 Iarratas chun ordú faoi riail 30 a urscaoileadh nó a athrú

32. Más rud é go seirbheálfar ordú faoi riail 30:

(a) ar dhuine nach bhfuil faoi mhíchumas; nó

(b) ar dhuine, fiú má tá sé nó sí faoi mhíchumas féin, a bhfuil caomhnóir ad litem air nó uirthi sna himeachtaí sibhialta,

féadfaidh an duine iarratas a dhéanamh chun na Cúirte chun an t-ordú faoi riail 30 a urscaoileadh nó a athrú tráth ar bith laistigh de dheich lá óna mbeidh an t-ordú seirbheáilte air nó uirthi faoi riail 30. 

33 Ordú faoi riail 30 a sheirbheáil ar dhuine faoi mhíchumas

33. I gcás go seirbheálfar ordú faoi riail 30 ar dhuine faoi mhíchumas agus nach bhfuil caomhnóir ad litem air nó uirthi san imeacht sibhialta, féadfaidh an duine iarratas a dhéanamh chun na Cúirte chun an t-ordú faoi riail 30 a urscaoileadh nó a athrú tráth ar bith laistigh de dheich lá tar éis caomhnóir ad litem a cheapadh ar an duine agus, go dtí go mbeidh an tréimhse deich lá caite, ní bheidh feidhm ná éifeacht ar bith ag an ordú faoi riail 30 i gcoinne an duine faoi mhíchumas. 

34 Ordú ar mhainneachtain dul ar aghaidh tar éis páirtí d’fháil bháis

34. (1) Más rud é:

(a) go n-éagfaidh éilitheoir in imeacht sibhialta, agus

(b) go mairfidh an chúis chaingne,

ach go mainneoidh an duine a bheidh i dteideal dul ar aghaidh dul ar aghaidh,

féadfaidh an freagróir (nó an duine a bhféadfar leanúint den chaingean, den imeacht nó den ábhar ina choinne nó ina coinne) iarratas a dhéanamh trí fhoriarratas iar bhfógra go gcuirfear d’iallach ar an éilitheoir (nó ar an duine a bheidh i dteideal dul ar aghaidh) dul ar aghaidh laistigh de thréimhse a bheidh le socrú ag an gCúirt.

(2) I gcás go ndéanfaidh an Chúirt ordú ar iarratas faoi fho-riail (1), féadfaidh an chúirt ordú a dhéanamh, mura rachfar ar aghaidh laistigh den tréimhse ama a bheidh socraithe ag an gCúirt, go ndéanfar an t-éileamh a dhíbhe maille le costais.

9 —COMHDHLÚTHÚ

35 Comhdhlúthú nó éisteacht le chéile

35. (1) Más rud é go mbeidh dhá imeacht shibhialta nó níos mó ar feitheamh sa Chúirt, agus—

(a) go n-eascróidh comhcheist dlí nó fíorais éigin sa dá imeacht nó sna himeachtaí go léir;

(b) maidir leis na cearta chun faoisimh a éileofar iontu, gur cearta iad i leith an idirbhirt chéanna nó i leith na sraithe céanna d’idirbhearta nó gur cearta iad a eascróidh as an gcéanna; nó

(c) gurb inmhianaithe, ar aon chúis eile, ordú a dhéanamh faoin riail seo—

féadfaidh an Chúirt a ordú go ndéanfar na himeachtaí a chomhdhlúthú, nó a éisteacht ag an am céanna nó a éisteacht díreach i ndiaidh a chéile, nó a ordú go gcuirfear bac ar aon cheann díobh go dtí go ndéanfar cinneadh maidir le haon cheann eile díobh.

(2) Aon ordú chun go n-éistfear dhá imeacht nó níos mó le chéile nó go n-éistfear díreach i ndiaidh a chéile iad, beidh sé faoi réir rogha na Cúirte.