Ordú 61

Tástálacha fola a úsáid le linn tuismíocht a bheith á cinneadh

Mínithe

1. San Ordú seo—

ciallaíonn ‘‘an tAcht’’ an tAcht um Stádas Leanaí, 1987 (Uimh. 26 de 1987); ciallaíonn ‘‘na Rialacháin’’ na Rialacháin um Thástálacha Fola (Tuismíocht), 1988 (I.R. Uimh. 215 de 1988); ciallaíonn ‘‘foirm an ordaithe’’ Foirm 1 sa Sceideal a ghabhann leis na Rialacháin;

tá le ‘‘samplóir’’ an bhrí a shanntar dó i Rialachán 3 de na Rialacháin;

Iarratas ar ordú chun tástálacha fola a úsáid

2. (1) Más rud é, in aon imeachtaí sibhialta os comhair na Cúirte, go mbeidh tuismíocht aon duine i gceist, sula ndéanfar iarratas faoi alt 38 (1) den Acht ó pháirtí sna himeachtaí ar ordú chun tástálacha fola a úsáid, déanfar fógra i bhFoirm 61.1, Sceideal C, a eisiúint agus a sheirbheáil. Déanfar an fógra sin a sheirbheáil leis an bpost réamhíoctha cláraithe ar an bpáirtí nó ar na páirtithe eile sna himeachtaí agus ar gach duine a bhfuil an t-ordú á iarraidh ina leith nó, más rud é gur duine lena mbaineann alt 39 (3) den Acht an duine sin, ar an duine ag a bhfuil a chúram nó a cúram nó a urlámh nó a hurlámh agus déanfar é a sheirbheáil ceithre lá dhéag ar a laghad roimh dháta éisteachta an iarratais.

(2) Déanfar an chóip bhunaidh de gach fógra den sórt sin a sheirbheálfar, mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh é, a thaisceadh leis an gCléireach dhá lá ar a laghad roimh an dáta éisteachta sin.

(3) Más rud é go mbeartóidh an Chúirt, ar fhoriarratas uaithi féin, ordú a thabhairt chun tástálacha fola a úsáid nó más rud é go ndéanfar iarratas ar ordú den sórt sin le linn na himeachtaí a éisteacht, agus más rud é go mbeidh gach ceann de na páirtithe sna himeachtaí agus gach duine a bhfuil an t-ordú beartaithe nó iarrtha ina leith (nó a ionadaí nó a hionadaí dlíthiúil nó eile, de réir mar a bheidh) i láthair sa Chúirt an tráth sin, féadfaidh an Chúirt déanamh gan an ceanglas fógra iarratais a sheirbheáil.

(4) Is i bhFoirm 61.2, Sceideal C, a bheidh an t-ordú ón gCúirt agus déanfar é a sheirbheáil leis an ngnáthphost réamhíoctha ar gach duine ar tugadh é ina leith nó, más rud é gur duine lena mbaineann alt 39 (3) den Acht an duine sin, ar an duine ag a bhfuil a chúram nó a cúram nó a urlámh nó a hurlámh.

Ordú ag cúlghairm nó ag athrú ordaithe

3. Más rud é , faoi alt 38 (3) den Acht, go ndéanfaidh an Chúirt ordú a tugadh roimhe sin faoi alt 38 (1) den Acht a chú lghairm nó a athrú, is i bhFoirm 61.3, Sceideal C, a bheidh an t-ordú ag cúlghairm amhlaidh nó ag athrú amhlaidh agus déanfar é a sheirbheáil leis an ngnáthphost réamhíoctha ar gach duine a ndéanfaidh an t-ordú sin difear dó nó di go díreach nó, más rud é gur duine lena mbaineann alt 39 (3) den Acht an duine sin, ar an duine ag a bhfuil a chúram nó a cúram nó a urlámh nó a hurlámh.

Fógra go bhfuil ar intinn finné a ghairm

4. (1) Is i bhFoirm 61.4, Sceideal C, a bheidh fógra faoi alt 40 (5) den Acht ó pháirtí in imeachtaí sibhialta á rá go bhfuil ar intinn ag an bpáirtí sin duine a ghairm mar fhinné. Déanfar an fógra sin a sheirbheáil leis an bpost réamhíoctha cláraithe ar na páirtithe eile sna himeachtaí, nó ar cibé páirtí díobh a ordóidh an Chúirt, ceithre lá dhéag ar a laghad roimh an suí den Chúirt a mbeartaítear an duine a bheidh ainmnithe san fhógra a ghairm mar fhinné.

 

(2) Déanfar an chóip bhunaidh de gach fógra den sórt sin a sheirbheálfar, mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh é, a thaisceadh leis an gCléireach dhá lá ar a laghad roimh an suí sin den Chúirt.

Cuirfidh an Cléireach foirm an ordaithe chuig an samplóir

5. Más rud é go dtabharfaidh an Chúirt ordú faoi alt 38 (1) den Acht, déanfaidh an Cléireach Cuid 1 agus an roinn chuí de Chuid II d’fhoirm ordaithe mar a fhorordaítear sna Rialachá in a chomhlánú agus a shíniú agus cuirfidh sé nó sí an fhoirm sin leis an ngnáthphost réamhíoctha chuig an samplóir a bheidh ainmnithe san ordú.