Ordú 63

Ceantálaithe agus gníomhairí tithe

1. San Ordú seo, ciallaíonn ‘‘an tAcht’’ an tAcht um Cheantálaithe agus Gníomhairí Tithe, 1947 (Uimh. 10 de 1947), arna leasú.

Ionad —

Iarratas ar dheimhniú cáiliúcháin

2. (1) Féadfar iarratas ar dheimhniú cáiliúcháin de bhun Chuid III den Acht a dhéanamh ag aon suí den Chúirt sa cheantar cúirte ina mbeidh beartaithe ag an iarratasóir gnó a sheoladh nó, i gcás ina mbeartóidh an t-iarratasóir gnó a sheoladh i níos mó ná aon cheantar cúirte amháin, sa cheantar cúirte a mbeidh beartaithe ag an iarratasóir a phríomháit ghnó nó a príomháit ghnó a bheith aige nó aici.

Fógra a sheirbheáil

(2) Déanfar fógra faoin iarratas a sheirbheáil ar an gCeannfort den Gharda Síochána a bhfuil an phríomháit ghnó ina dhúiche nó ina dúiche ocht lá is fiche ar a laghad roimh dháta é isteachta an iarratais.

Fógra nuachtáin

(3) Cuirfidh an t-iarratasóir faoi deara freisin go bhfoilseofar fógra faoin iarratas atáthar ar intinn a dhéanamh, ocht lá is fiche ar a laghad roimh an éisteacht sin, i nuachtán a léitear sa cheantar cúirte a mbeidh beartaithe ag an iarratasóir a phríomháit ghnó nó a príomháit ghnóa bheith aige nó aici.

Fógra agus nuachtán a thaisceadh

(4) Déanfar cóip den fhógra faoin iarratas, mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh é agus cóip den nuachtán, a thaisceadh leis an gCléireach seacht lá ar a laghad roimh dháta é isteachta an iarratais.

An t-iarratasóir do thabhairt deimhnithe a cheanglaítear leis an Acht

(5) Ar an iarratas a é isteacht, tabharfaidh an t-iarratasóir don Chúirt an deimhniú a cheanglaítear le halt 12 (3) nó 12 (4) (b) den Acht (arna gcur isteach le halt 12 den Acht um Cheantálaithe agus Gníomhairí Tithe, 1967), de réir mar a bheidh.

Ordú ón gCúirt

(6) Más rud é go ngéillfear don iarratas, is de réir Fhoirm 63.1, Sceideal C, a bheidh an deimhniú.

Fógra agóide

3. Is de réir Fhoirm 63.2, Sceideal C, a bheidh fógra agóide de bhun alt 11 (5) den Acht in aghaidh deimhniú cáiliúcháin a dheonú. Déanfar an fógra sin a sheirbheáil ar an iarratasóir agus déanfar cóip, mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh é, a thaisceadh leis an gCléireach seacht lá ar a laghad roimh dháta éisteachta an iarratais.