Ordú: 51A

Forfheidhmiú breithiúnas agus orduithe : I.R. Uimh. 17 de 2014

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

No51A-S.I. No. 617 Of 2015: District Court (Jurisdiction And The Recognition And Enforcement Of Judgments In Civil Or Commercial Matters) Rules 2015

Nasc gaolmhara
S.I. No. 17 of 2014 - provisions overview

1 — MÍNITHE


1 Mínithe

1. San Ordú seo:-

ciallaíonn “Acht 1926” an tAcht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 (Uimh. 18 de 1926);

ciallaíonn “Acht 1940” an tAcht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940 (Uimh. 23 de 1940);

ciallaíonn “Acht 1986” Acht na gCúirteanna (Uimh. 2), 1986 (Uimh. 26 de 1986);

ciallaíonn “Acht 2009” an tAcht um Fhorfheidhmiú Orduithe Cúirte (Leasú), 2009 (Uimh. 21 de 2009);

folaíonn “fiach” aon iarmhéid d’fhiach a bheidh dlite tar éis cuid den fhiach a bhí dlite i dtosach a bheith íoctha nó gnóthaithe;

ciallaíonn “ordú tráthchoda” ordú ón gCúirt faoi alt 17 d’Acht 1926 chun fiach agus costais a dhéanfar in imeachtaí scrúdaithe a íoc;

folaíonn “breithiúnas” aon ordú nó foraithne cúirte inniúla;

ciallaíonn “dáta fillte” dáta suí na Cúirte ag a mbeidh an scrúdú le déanamh ar an bhféichiúnaí nó, de réir mar a bheidh, ag a mbeidh iarratas chun ordú tráthchoda a athrú sceidealta lena éisteacht.


2 — FORFHEIDHMIÚ FAOI NA hACHTANNA UM FHORFHEIDHMIÚ ORDUITHE CÚIRTE, 1926 GO 2009


2 Ionad Cúirte

2. Féadfar imeachtaí chun breithiúnas a fhorfheidhmiú faoi na hAchtanna um Fhorfheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 go 2009, a thionscnamh, a éisteacht agus a chinneadh ag aon suí den Chúirt don cheantar Cúirte ina bhfuil gnáthchónaí ar an bhféichiúnaí. 

3 Toghairm chun go bhfreastalóidh féichiúnaí agus dearbhú reachtúil

3. (1) Nuair a bheidh fiach dlite ar scór breithiúnas cúirte inniúla agus nuair a cheanglóidh an creidiúnaí ar an bhféichiúnaí freastal os comhair na Cúirte le go ndéanfar scrúdú air nó uirthi ó thaobh acmhainn an fhéichiúnaí faoi alt 15 (arna ionadú le halt 1(1) d’Acht 1986) d’Acht 1926, féadfaidh an creidiúnaí dul ar aghaidh de réir na rialach seo.

(2) Féadfaidh an creidiúnaí nó aturnae an chreidiúnaí toghairm i bhFoirm 51A.01 , Sceideal C, agus an dearbhú reachtúil (i bhFoirm 51A.03, Sceideal C, arna modhnú de réir mar is cuí) a cheanglaítear le halt 15(2) d’Acht 1926 a thaisceadh leis an gCléireach i ndúblach lena n-eisiúint.

(3) Ní foláir don Chléireach dáta fillte a thaifeadadh ar an toghairm agus an t-ábhar a liostú lena éisteacht.

(4) Ní foláir don chreidiúnaí an toghairm a sheirbheáil ar an bhféichiúnaí.

(5) Ní foláir an toghairm a sheirbheáil ar an bhféichiúnaí ar shlí a fhorordaítear in Ordú 41 14 lá ar a laghad nó, más rud é go ndéanfar í a sheirbheáil leis an bpost cláraithe, 21 lá ar a laghad, roimh an dáta fillte.

(6) Ní foláir an chóip bhunaidh den toghairm, agus dearbhú reachtúil i dtaobh sheirbheáil na toghairme, a chomhdú leis an gCléireach ceithre lá ar a laghad roimh an dáta fillte. 

4 Ráiteas acmhainne

4. (1) Chomh maith lena cheangal ar an bhféichiúnaí freastal sa Chúirt ar an dáta fillte le go ndéanfar scrúdú air nó uirthi ó thaobh a acmhainne nó a hacmhainne, ceanglófar freisin le toghairm faoi riail 3 ar an bhféichiúnaí ráiteas acmhainne (Foirm 51A.02, Sceideal C) a bheidh ag gabháil leis an toghairm a chomhlánú agus a chomhdú leis an gCléireach seachtain amháin ar a laghad roimh an dáta fillte.

(2) Féadfaidh an creidiúnaí nó aturnae an chreidiúnaí, ar íoc na táille forordaithe, an ráiteas acmhainne, tráth ar bith tar éis é bheith taiscthe, a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh de nó cóipeanna de a fháil. 

5 Cruthúnais creidiúnaí

5. (1) Tráth a dhéanfar scrúdú de bhun toghairm a sheirbheálfar faoi riail 3(2), ní foláir don chreidiúnaí nó d’aturnae an chreidiúnaí a thabhairt ar aird don Chúirt:

    • (a) an breithiúnas ar a mbeidh an creidiúnaí ag seasamh nó fianaise eile ar an bhfiach bunaidh atá dlite don chreidiúnaí faoin mbreithiúnas,

      (b) deimhniú i bhFoirm 51A.04 , Sceideal C, a bheidh sínithe ag an gcreidiúnaí nó ag aturnae an chreidiúnaí, ina leagtar amach an méid atá neamhíoctha ar dháta an deimhnithe, agus

      (c) fianaise go bhfuil gnáthchónaí ar an bhféichiúnaí sa cheantar Cúirte ina bhfuil an scrúdú á dhéanamh.

(2) Ní foláir cóip den deimhniú dá dtagraítear i bhfo-riail (1)(b)a thabhairt don fhéichiúnaí nó d’aturnae an fhéichiúnaí roimh an dáta fillte. 

6 Ordú tráthchoda

6. (1) Féadfar ordú tráthchoda a sheirbheáil ar an bhféichiúnaí de réir Ordú 41.

(2) Leanfaidh ordú tráthchoda de bheith i bhfeidhm go dtí go mbeidh 12 bhliain caite ó dháta an bhreithiúnais lena mbaineann sé, mura mbeidh an fiach agus na costais is iníoctha láníoctha go cuí.

(3) Ní bheidh tráthchuid ar bith iníoctha ná inghnóthaithe is tráthchuid a fhabhróidh chun bheith dlite faoi ordú tráthchoda tar éis an t-ordú tráthchoda do scor de bheith i bhfeidhm. 

7 Ordú tráthchoda a athrú

7. (1) I gcás gur mian le duine iarratas a dhéanamh chun na Cúirte faoi alt 5 d’Acht 1940 chun téarmaí ordaithe tráthchoda a athrú, ní foláir don duine sin iarratas a dhéanamh chun an Chléirigh chun toghairm a eisiúint i bhFoirm 51A.05, Sceideal C, arna modhnú de réir mar is cuí.

(2) Ní foláir an toghairm chun ordú tráthchoda a athrú a sheirbheáil ar an gcreidiúnaí nó ar an bhféichiúnaí, de réir mar a bheidh, de réir Ordú 41.

(3) Ní foláir an chóip bhunaidh den toghairm agus dearbhú reachtúil á rá go ndearnadh an tseirbheáil a thaisceadh leis an gCléireach ceithre lá ar a laghad roimh an dáta fillte.

(4) Ní foláir don iarratasóir an t-ordú ón gCúirt lena ngéillfear don iarratas chun ordú tráthchoda a athrú a sheirbheáil ar an bpáirtí eile de réir Ordú 41.

(5) Aon ordú lena n-athrófar ordú tráthchoda ní oibreoidh sé chun an t-ordú tráthchoda a dhéanamh infhorfheidhmithe tar éis 12 bhliain a bheith caite ó dháta an bhreithiúnais iomchuí. 

8 Mainneachtain déanamh de réir ordú tráthchoda

8. (1) Nuair is mian le creidiúnaí iarratas a dhéanamh ar thoghairm faoi alt 6(1) d’Acht 1940 (arna ionadú le halt 2 d’Acht 2009), féadfaidh an creidiúnaí dul ar aghaidh de réir na rialach seo.

(2) Féadfaidh an creidiúnaí nó aturnae an chreidiúnaí toghairm i bhFoirm 51A.06, Sceideal C, arna modhnú de réir mar is cuí agus dearbhú reachtúil (i bhFoirm 51A.03, Sceideal C, arna modhnú de réir mar is cuí) a thaisceadh leis an gCléireach i ndúblach lena n-eisiúint.

(3) Ní foláir don Chléireach dáta fillte a thaifeadadh ar an toghairm agus an t-ábhar a liostú lena éisteacht.

(4) Ní foláir don chreidiúnaí an toghairm a sheirbheáil ar an bhféichiúnaí.

(5) Ní foláir toghairm a eiseofar faoi alt 6(1) d’Acht 1940 a sheirbheáil go pearsanta ar an bhféichiúnaí (mura n-ordóidh an Chúirt í a sheirbheáil ar shlí eile) 14 lá ar a laghad roimh dháta fillte na toghairme.

(6) Ní foláir an chóip bhunaidh den toghairm, agus dearbhú reachtúil i dtaobh sheirbheáil na toghairme, a chomhdú leis an gCléireach ceithre lá ar a laghad roimh an dáta fillte.

(7) Maidir le hiarratas ar ordachán faoi alt 6(2)(e) d’Acht 1940 go ndéanfar toghairm a eiseofar faoi alt 6(1) d’Acht 1940 a sheirbheáil ar an bhféichiúnaí ar shlí seachas trína seirbheáil go pearsanta, féadfar é a dhéanamh ex parte chun na Cúirte ag aon suí den Chúirt.

(8) I gcás go dtabharfar ordachán den sórt sin, féadfar an toghairm, d’ainneoin fho-riail (2), a sheirbheáil de réir an ordacháin.

(9) Mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, féadfaidh an Cléireach fógra i scríbhinn, faoi alt 6(5) d’Acht 1940 don fhéichiúnaí i dtaobh dáta nua a bheidh socraithe chun toghairm a éisteacht, a thabhairt de láimh don fhéichiúnaí sa Chúirt nó é a chur leis an ngnáthphost chuig an bhféichiúnaí.

(10) Mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, maidir le fógra faoi alt 6(3)(b) d’Acht 1940 don fhéichiúnaí i dtaobh dáta nua a bheidh socraithe le haghaidh éisteachta a gceanglófar ar an bhféichiúnaí freastal uirthi, ní foláir gur trí fhógra i scríbhinn a sheirbheálfar go pearsanta ar an bhféichiúnaí a thabharfar é.

(11) Ní foláir cóip d’fhógra a luaitear i bhfo-riail (10) agus dearbhú reachtúil á rá gur seirbheáladh an fógra a thaisceadh leis an gCléireach ceithre lá ar a laghad roimh an dáta nua a bheidh socraithe don éisteacht.

(12) I gcás go n-iarrfaidh an Chúirt, de réir alt 6(7)(b) d’Acht 1940, ar an gcreidiúnaí agus ar an bhféichiúnaí réiteach a lorg trí idirghabháil laistigh de cibé tréimhse a shonróidh an Chúirt, ní foláir don Chúirt an t-imeacht a chur ar atráth i gcoitinne ach cead a bheith ann é a atógáil.

(13) I gcás gur mian leis an gcreidiúnaí an t-imeacht a atógáil, ní foláir dó nó di iarratas a dhéanamh i scríbhinn chun an Chléirigh ar atógáil agus ní foláir dó nó di é a dheimhniú san iarratas sin gur mainníodh teacht ar réiteach trí idirghabháil.

(14) Ní foláir don Chléireach an t-imeacht a athliostú lena éisteacht agus ní foláir dó nó di fógra i dtaobh an athliostaithe a chur leis an ngnáthphost chuig an bhféichiúnaí, chuig aon aturnae a láithrigh ar son an fhéichiúnaí tráth éisteachta tosaigh na toghairme, agus chuig an gcreidiúnaí.

(15) Féadfaidh an creidiúnaí seirbheáil bhreise a dhéanamh ar an bhféichiúnaí de chóip den fhógra de réir fho-riail (2).

(16) I gcás gur deimhin leis an gCúirt (i) go ndearnadh an t-ordú tráthchoda a sheirbheáil go cuí ar an bhféichiúnaí agus (ii) gur mhainnigh an féichiúnaí an t-ordú tráthchoda a chomhlíonadh, agus gur deimhin léi freisin, thar amhras réasúnach, ar an bhfianaise arna tíolacadh, gur shuigh an creidiúnaí—

    • (a) maidir leis an mainneachtain an tsuim a íoc ar ina leith a bheidh an féichiúnaí tar éis mainneachtain a dhéanamh, nach neamhábaltacht an fhéichiúnaí í a íoc ba chúis leis an mainneachtain ach gur diúltú toiliúil nó faillí inmhilleáin aige nó aici ba chúis léi, agus

      (b) nach bhfuil earraí ar bith ag an bhféichiúnaí a d’fhéadfaí a thógáil i bhforghníomhú faoi aon phróis de chuid na Cúirte a thug an breithiúnas, an t-ordú nó an fhoraithne i leith an fhéich,

agus más rud é go ndéanfaidh an Chúirt ordú faoi alt 6(7)(c) nó alt 6(7)(d) d’Acht 1940, ní foláir an t-ordú sin a bheith i bhFoirm 51A.0751A.08,, Sceideal C, de réir mar is cuí.

(17) I gcás go ndéanfar ordú faoi alt 6(7)(c) d’Acht 1940, maidir le haon mhainneachtain ar thaobh an fhéichiúnaí coinníoll iarchuir a chomhlíonadh, féadfar í a chruthú trí dhearbhú reachtúil ón gcreidiúnaí arna thaisceadh leis an gCléireach, agus féadfar barántas a eisiúint ar an gcruthúnas sin a thaisceadh ach féadfaidh an Cléireach, in aon chás, an t-ábhar a atógáil os comhair na Cúirte.

(18) Ní foláir barántas chun ordú gabhála agus príosúnachta a fhorfheidhmiú de bhun alt 6(7) d’Acht 1940 a bheith i bhFoirm 51A.09 , Sceideal C agus féadfar é a chur leis an bhfoirm ina mbeidh ordú faoi alt 6(7)(c) nó alt 6(7)(d) d’Acht 1940.

(19) I gcás gur mian le féichiúnaí iarratas a dhéanamh chun na Cúirte faoi alt 6(9) d’Acht 1940, ní foláir dó nó di iarratas a dhéanamh chun an Chléirigh chun an t-ábhar a atógáil.

(20) Ní foláir don Chléireach an t-ábhar a athliostú lena éisteacht agus ní foláir dó nó di fógra i dtaobh an athliostaithe a chur leis an ngnáthphost chuig an gcreidiúnaí agus chuig an bhféichiúnaí.

(21) I gcás gur mian le féichiúnaí iarratas a dhéanamh chun na Cúirte faoi alt 6(10) d’Acht 1940, ní foláir dó nó di iarratas a dhéanamh chun an Chléirigh chun an t-ábhar a atógáil.

(22) Ní foláir don Chléireach an t-ábhar a athliostú lena éisteacht agus ní foláir dó nó di fógra a thabhairt don chreidiúnaí, don fhéichiúnaí agus do Rialtóir an phríosúin ina mbeidh an féichiúnaí príosúnaithe i dtaobh athliostú an ábhair leis an ngnáthphost agus ar cibé modh eile is cuí leis an gCléireach.

(23) Ní fhéadfar ordú ar bith faoi fho-riail (16) a dhéanamh i gcoinne féichiúnaí ar comhalta de na Buan-Óglaigh nó cúltacaire é nó í atá de thuras na huaire arna ghlaoch nó arna glaoch amach ar buanseirbhís. 

9 Ní eiseofar barántas ar bith, ná ní dhéanfar barántas a chur ar ais, i gcás go dtaiscfear achomharc

9. (1) Más rud é:

    • (a) go bhfuiltear tar éis fógra achomhairc i gcoinne ordú gabhála agus príosúnachta faoi alt 6(7) d’Acht 1940 a thaisceadh; agus

      (b) go bhfuiltear tar éis dul i gcúirtbhanna (má cheanglaítear sin); agus

      (c) nach bhfuiltear tar éis an barántas chun an t-ordú a fhorfheidhmiú a eisiúint,

ní ceadmhach an barántas a eisiúint go dtí go gcinnfear an t-achomharc nó go dtí go mainneoidh an t-achomharcóir coinníollacha an chúirtbhanna a chomhlíonadh, de réir mar a bheidh.

(2) I gcás go mbeidh barántas chun an t-ordú a fhorfheidhmiú eisithe ach nach mbeidh sé forghníomhaithe nuair a dhéanfar fógra achomhairc a thaisceadh, ní foláir don Chléireach:

    • (a) fógra láithreach a thabhairt don Cheannfort den Gharda Síochána ar díríodh an barántas chuige nó chuici á rá go bhfuiltear tar éis fógra achomhairc a thaisceadh (agus tar éis dul i gcúirtbhanna, más amhlaidh a bheidh); agus

      (b) a iarraidh láithreach ar an gCeannfort an barántas a chur ar ais lena chealú ag an gCúirt.

10 Áiritheoidh Cléireach go gcuirfear barántas ar ais i gcás go ndéanfar an méid atá dlite a íoc leis nó léi

10. I gcás go mbeidh barántas chun ordú gabhála agus príosúnachta a fhorfheidhmiú faoi alt 6(7) d’Acht 1940 eisithe ach nach mbeidh sé forghníomhaithe agus go mbeidh méid is ionann agus riaráistí na dtráthchodanna agus na gcostas a bheidh sonraithe san ordú íoctha leis an gCléireach, ní foláir don Chléireach:

    • (a) fógra láithreach a thabhairt don Cheannfort den Gharda Síochána ar díríodh an barántas chuige nó chuici á rá go bhfuiltear tar éis íocaíocht a dhéanamh; agus

      (b) a iarraidh láithreach ar an gCeannfort an barántas a chur ar ais lena chealú ag an gCúirt.

11 Fógra ó Rialtóir príosúin do Chléireach

11. Ní foláir don Rialtóir príosúin ina mbeidh an féichiúnaí faoi phríosúnacht de bhua barántas faoi riail 8, ar an bhféichiúnaí a ghlacadh isteach sa phríosún, fógra i scríbhinn gur glacadh an féichiúnaí a thabhairt láithreach don Chléireach a bheidh sonraithe sa bharántas. 

12 Tabharfaidh Cléireach fógra do Rialtóir nuair a bheidh íocaíocht faighte agus nuair a bheidh féichiúnaí i gcoimeád

12. Más rud é, tar éis féichiúnaí a ghabháil agus a phríosúnú faoi alt 6(7) d’Acht 1940, go n-íocfar leis an gCléireach méid is ionann agus riaráistí na dtráthchodanna agus na gcostas a bheidh sonraithe san ordú gabhála agus príosúnachta, ní foláir don Chléireach:

    • (a) deimhniú íoca a thabhairt don duine a rinne an íocaíocht thar ceann an fhéichiúnaí;

      (b) deimhniú dá shamhail a chur ar aghaidh láithreach go dtí Rialtóir an phríosúin ina mbeidh an féichiúnaí faoi phríosúnacht agus go dtí an creidiúnaí nó go dtí aturnae an chreidiúnaí.

3 — FORFHEIDHMIÚ EILE


13 Freastal cuideachta

13. (1) Beidh feidhm ag an Riail seo más rud é—

    • (a) go ndéanfaidh an Chúirt trí thoghairm fhinné nó ar shlí eile ordú in aon imeacht chun go dtabharfaidh cuideachta aon doiciméad nó ní ar aird; agus

      (b) tar éis an t-ordú a sheirbheáil, go mainneoidh an chuideachta an doiciméad nó an ní a thabhairt ar aird de réir an ordaithe.

(2) Sna himthosca dá dtagraítear i bhfo-riail (1), féadfaidh an Chúirt—

    • (a) ordú a dhéanamh go ndéanfaidh oifigeach ainmnithe don chuideachta an doiciméad nó an ní a thabhairt ar aird; agus

      (b) a ordú don chuideachta aon chostais agus caiteachais a bheidh tagtha den mhainneachtain a íoc.

14 Comhlíonadh ionadach

14. (1) Más rud é go gceanglófar le hordú a bheidh déanta i gcoinne duine ar an duine gníomh a dhéanamh agus nach ndéanfaidh an duine an gníomh, féadfaidh an Chúirt—

    • (a) a ordú go ndéanfaidh duine arna cheapadh nó arna ceapadh ag an gCúirt an gníomh; agus

      (b) a ordú don duine ar ina choinne nó ina coinne a bheidh an t-ordú déanta aon chostais agus caiteachais a bheidh tagtha den mhainneachtain a íoc.

15 Forfheidhmiú arna dhéanamh ag duine nach páirtí nó i gcoinne cuideachta nó duine nach páirtí

15. (1) Féadfaidh duine nach páirtí, a gheobhaidh ordú nó a mbeidh ordú déanta ina fhabhar nó ina fabhar, an t-ordú a fhorfheidhmiú ar an modh céanna amhail is dá mba pháirtí an duine sin.

(2) Más rud é go bhféadfar ordú a fhorfheidhmiú i gcoinne duine nach páirtí, féadfar an t-ordú a fhorfheidhmiú i gcoinne an duine ar an modh céanna amhail is dá mba pháirtí an duine sin.

(3) Más rud é go bhféadfar ordú a fhorfheidhmiú i gcoinne cuideachta nach páirtí, beidh feidhm ag na próisis forfheidhmithe maidir le hoifigeach de chuid na cuideachta amhail is dá mba pháirtí an chuideachta. 

16 Neamhchomhlíonadh coinníll

16. Maidir le duine a bheidh i dteideal ordú a fháil faoi réir coinníoll a chomhlíonadh agus a mhainneoidh an coinníoll a chomhlíonadh, ní foláir a mheas go bhfuil tairbhe an ordaithe tréigthe aige nó aici agus, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, féadfaidh aon duine eile a mbeidh leas aige nó aici ann aon bhearta a dhéanamh, is bearta is ceart a dhéanamh de dheasca an ordaithe nó a d’fhéadfaí a dhéanamh dá mba rud é nach raibh an t-ordú déanta. 

17 Ordú mar chabhair d’fhorfheidhmiú

17. (1) Féadfaidh an Chúirt aon ordú a dhéanamh is dóigh léi is cóir mar chabhair d’fhorfheidhmiú barántais forghníomhaithe.

(2) Féadfaidh Cláraitheoir Contae nó duine eile a mbeidh barántas forghníomhaithe dírithe chuige nó chuici iarratas a dhéanamh ar ordú faoi fho-riail (1). 

18 Beidh feidhm ag forálacha Ordú 26

18. Beidh feidhm ag na forálacha in Ordú 26 (a bhaineann le barántais in imeachtaí coiriúla) maidir le barántais a eiseofar faoin Ordú seo. 

19 Breithiúnais ón gCúirt a chlárú

19. (1) Féadfar aon bhreithiúnas nó ordú i leith costas, arna eisiúint nó arna dhéanamh ag an gCúirt lena bhforáiltear go n-íocfar suim airgid, a chlárú (faoi alt 25 d’Acht na gCúirteanna, 1981) i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte ar an tslí chéanna ar a bhféadfar breithiúnas ón Ard-Chúirt a chlárú san Oifig sin.

(2) Maidir leis an gcleachtas agus leis an nós imeachta a úsáidtear i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte i ndáil le breithiúnais ón Ard-Chúirt a chlárú, beidh feidhm acu maidir le breithiúnas nó le hordú ón gCúirt a chlárú agus ní foláir déanamh dá réir i ndáil leis an gclárú sin. 

20 Orduithe íoca BMDP agus breithiúnais ó chúirteanna AE a fhorfheidhmiú

20. (1) Beidh feidhm ag forálacha na Rialacha seo a bhaineann le forfheidhmiú aon bhreithiúnais ó chúirt, fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le haon ordú íoca arna eisiúint ag an mBord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta faoi alt 38(1) den Acht um Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta, 2003.

(2) Féadfar aon Fhoirm i Sceideal C ina bhfuil tagairt do bhreithiúnas a oiriúnú chun tagairt a dhéanamh d’ordú íoca.

(3) Beidh feidhm ag forálacha an Ordaithe seo a bhaineann le forfheidhmiú aon bhreithiúnais ó chúirt, i gcás go ndéanfar, agus a mhéid a dhéanfar, foráil dó amhlaidh leis na Rialacha seo, maidir le breithiúnas nó le hionstraim eile a eiseoidh cúirt i mBallstát den Aontas Eorpach seachas an Stát.