Ordú: 42A

Nós imeachta tríú páirtí : I.R. Uimh. 17 de 2014

Nasc gaolmhara
S.I. No. 17 of 2014 - provisions overview

1 Éileamh i gcoinne duine nach páirtí cheana féin

1. Más rud é, in aon imeachtaí sibhialta, go ndéanfaidh freagróir

(a) aon ranníoc nó slánaíocht a éileamh i gcoinne aon duine nach páirtí cheana féin (“tríú páirtí” san Ordú seo), nó

(b) aon fhaoiseamh nó leigheas a éileamh i gcoinne tríú páirtí ar faoiseamh nó leigheas é a bhaineann nó a ghabhann le hábhar bunaidh na n-imeachtaí agus atá beagnach mar an gcéanna le faoiseamh nó le leigheas éigin arna éileamh ag an éilitheoir, nó

(c) a cheangal gur chóir aon cheist nó saincheist a bhaineann nó a ghabhann le hábhar bunaidh na n-imeachtaí a chinneadh ní amháin amhail idir an t-éilitheoir agus an freagróir ach amhail idir ceachtar acu nó an bheirt acu agus tríú páirtí freisin,

féadfaidh an freagróir laistigh de dheich lá ón tráth a sheirbheálfar an fógra éilimh nó an fógra iarratais air nó uirthi (gan dáta na seirbheála a áireamh) fógra (“fógra tríú páirtí” san Ordú seo) (i bhFoirm 42A.0142A.02,, Sceideal C, de réir mar a bheidh) a eisiúint agus a sheirbheáil ar an tríú páirtí, ina mbeidh ráiteas i dtaobh chineál an éilimh i gcoinne an fhreagróra agus i dtaobh chineál agus fhorais éileamh an fhreagróra i gcoinne an tríú páirtí nó i dtaobh na ceiste nó na saincheiste a bheidh le cinneadh. 

2 Cóip d’fhógra éilimh a bheidh le seirbheáil

2. Ní foláir don fhreagróir cóip den fhógra éilimh nó den fhógra iarratais a sheirbheáil ar an tríú páirtí i dteannta an fhógra tríú páirtí. 

3 Cóip a bheidh le comhdú

3. Ní foláir don fhreagróir laistigh de dheich lá ón tráth a sheirbheálfar an fógra éilimh nó an fógra iarratais air nó uirthi (gan dáta na seirbheála a áireamh) cóip den fhógra tríú páirtí a sheirbheáil ar an éilitheoir nó ar aturnae an éilitheora agus cóip den fhógra tríú páirtí a chomhdú leis an gCléireach. 

4 Seirbheáil

4. Beidh feidhm ag forálacha Ordú 41 a bhaineann le doiciméid a sheirbheáil maidir le fógra tríú páirtí a sheirbheáil. 

5 Tríú páirtí a thiocfaidh chun bheith ina pháirtí nó ina páirtí tar éis seirbheáil a dhéanamh air nó uirthi

5. I gcás go ndéanfar fógra tríú páirtí a sheirbheáil ar an tríú páirtí, beidh an tríú páirtí, amhail ón tráth seirbheála, ina pháirtí nó ina páirtí san imeacht sibhialta agus beidh na cearta céanna aige nó aici is a bheadh dá ndéanfadh an freagróir, a d’eisigh an fógra tríú páirtí, nó an t-éilitheoir é nó í a agairt ar an ngnáthshlí. 

6 Láithreas agus cosaint ar fhógra tríú páirtí

6. (1) I gcás go ndéanfaidh tríú páirtí an t-éileamh ón bhfreagróir ina choinne nó ina coinne nó an t-éileamh ón éilitheoir i gcoinne an fhreagróra a dhíospóid, beidh feidhm ag Ordú 42 amhail is dá mb’fhógra éilimh arna sheirbheáil ag an bhfreagróir ar an tríú páirtí an fógra tríú páirtí.

(2) Ní foláir don tríú páirtí, laistigh de 28 lá tar éis an fógra tríú páirtí a sheirbheáil, fógra láithris agus cosanta i dtaobh an fhógra tríú páirtí (i bhFoirm 42.01  42.03, Sceideal C, fairis na modhnuithe is gá) nó láithreas agus fógra lena n-éilítear sonraí, a thabhairt don fhreagróir nó d’aturnae an fhreagróra agus don Chléireach, nó é a chur chucu leis an bpost, agus beidh feidhm mutatis mutandis ag forálacha Ordú 41 (a bhaineann le cosaint agus le frithéileamh) agus Ordú 45 (a bhaineann le taisceadh) maidir leis na himeachtaí ar an bhfógra tríú páirtí. 

7 An Chúirt do chur imeachtaí ar ceal

7. Féadfaidh an Chúirt, ag aon chéim, imeachtaí ar fhógra tríú páirtí a chur ar ceal. 

8 I gcás nach ndéanfar cosaint ar bith a sheachadadh

8. I gcás go mainneoidh tríú páirtí cosaint a sheachadadh, beidh sé nó sí faoi cheangal aon bhreithiúnas (lena n-áirítear le toiliú) nó breith sna himeachtaí a mhéid is iomchuí maidir le haon éileamh, ceist nó saincheist a bheidh sonraithe san fhógra tríú páirtí. 

9 Féadfaidh Cúirt géilleadh do bhreithiúnas nó d’ordú

9. Más rud é, in aon imeachtaí sibhialta, go mbeidh freagróir tar éis fógra tríú páirtí a sheirbheáil, féadfaidh an Chúirt, ag an triail nó dá éis sin, nó má chinnfear na himeachtaí ar shlí seachas le triail, ar iarratas le foriarratas, géilleadh do cibé breithiúnas nó ordú i bhfabhar aon pháirtí nó páirtithe, nó i gcoinne aon pháirtí nó páirtithe, de réir mar a éileoidh cineál an cháis. 

10 Ní eiseofar forghníomhú gan chead

10. Más rud é, in imeachtaí sibhialta, go dtabharfar breithiúnas nó go ndéanfar ordú i gcoinne freagróra agus go dtabharfar breithiúnas nó go ndéanfar ordú i bhfabhar an fhreagróra sin i gcoinne tríú páirtí, ní fhéadfar forghníomhú a eisiúint i gcoinne an tríú páirtí gan cead ón gCúirt go dtí go sásófar an breithiúnas nó an t-ordú i gcoinne an fhreagróra. 

11 Éileamh i gcoinne duine ar páirtí é nó í cheana féin

11. Más rud é, in aon imeachtaí sibhialta, go ndéanfaidh freagróir éileamh i gcoinne aon duine ar páirtí é nó í cheana féin agus ar éileamh é:

(a) maidir le haon ranníoc nó slánaíocht, nó

(b) maidir le haon fhaoiseamh nó leigheas a bhaineann nó a ghabhann le hábhar bunaidh na n-imeachtaí agus atá beagnach mar an gcéanna le faoiseamh nó le leigheas éigin arna éileamh ag an éilitheoir, nó

(c) gur chóir aon cheist nó saincheist a bhaineann nó a ghabhann le hábhar bunaidh na n-imeachtaí a chinneadh ní amháin amhail idir an t-éilitheoir agus an freagróir ach amhail idir ceachtar acu nó an bheirt acu agus an duine sin freisin,

féadfaidh an freagróir, laistigh de dheich lá ón tráth a sheirbheálfar an fógra éilimh nó an fógra iarratais air nó uirthi (gan an dáta seirbheála a áireamh) fógra san fhoirm fhorordaithe (Foirm 42A.03  Sceideal C) a eisiúint agus a sheirbheáil ar an bpáirtí eile sin, ina mbeidh ráiteas i dtaobh chineál agus fhorais éileamh an fhreagróra nó i dtaobh na ceiste nó na saincheiste a bheidh le cinneadh. Ní bheidh feidhm ag an riail seo maidir le haon éileamh a d’fhéadfaí a dhéanamh le frithéileamh.