Ordú 78

Aistrithe ar cheadúnais a bheidh ag ainmnithe

Ionad

1. (1) Maidir le hiarratas ó chomhlacht corpraithe chun ceadúnas a bheidh ag ainmní a aistriú de bhun alt 28 den Acht Deocha Meisciúla, 1960, féadfar é a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don cheantar cúirte ina bhfuil an t-áitreabh lena mbaineann an t-iarratas.

Fógra a sheirbheáil agus a thaisceadh

(2) Déanfar fógra faoin iarratas a sheirbheáil ar an oifigeach i bhfeighil an Gharda Síochána don limistéar ceadúnúcháin ina bhfuil an t-áitreabh lena mbaineann an t-iarratas agus déanfar cóip de, arna formhuiniú ó thaobh seirbheá la, a thaisceadh leis an gCléireach ocht n-uaire an chloig is daichead ar a laghad roimh dháta éisteachta an iarratais.

Foirm an fhormhuinithe

(3) Is de réir Fhoirm 78.1, Sceideal C, a bheidh an formhuiniú aistrithe arna dhéanamh ag an gCúirt ar an gceadúnas.