Leasuithe ar: Ordú 18

I.R. Uimh. 260 de 2010: Na Rialacha Cúirte Dúiche (An tAcht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009) 2010

1. Na Rialacha Cúirte Dúiche (An tAcht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009) 2010 is teideal do na rialacha seo.

2. Tiocfaidh na rialacha seo i ngníomh an 1ú lá d’Iúil 2010 agus forléireofar iad i dteannta na Rialacha Cúirte Dúiche eile go léir ó 1997 go 2010.

3. Leasaítear na Rialacha Cúirte Dúiche 1997 (I.R. Uimh. 93 de 1997):

.....

(ii) trí na fo-rialacha seo a leanas a chur in ionad fho-rialacha (3), (4) agus (5) de riail 5 d’Ordú 18:

“ (3) I gcás ina gcinnfidh an Chúirt duine a ligean faoi bhannaí le hurra amháin nó níos mó, féadfaidh sí a ordú go nglacfar le suim airgid, cóimhéid le méid an bhanna, in ionad an urra sin nó na n-urraí sin. Is suim é sin de bhreis ar aon mhéid a shonraítear de réir riail 1. I gcás, faoin Acht um Nós Imeachta Coiriúil 1967 nó faoin Acht um Bannaí 1997, go gceanglófar ar dhuine a bheidh faoi choimeád, faoi chúirtbhanna, nó ar aon urra nó urraí mar choinníoll de chuid an chúirtbhanna sin, aon airgead a íoc isteach sa Chúirt, nó go gceanglófar aon urrús a nglacfaidh an chúirt leis in ionad íocaíochta den sórt sin a thaisceadh sa Chúirt, féadfar an t-airgead sin a bheidh iníoctha amhlaidh nó an t-urrús sin arna ghlacadh amhlaidh ag an gCúirt a íoc isteach sa Chúirt nó a thaisceadh sa Chúirt de réir alt 5(5) den Acht um Bannaí 1997 trína íoc nó trína thaisceadh le:

(a) Breitheamh den Chúirt Dúiche,

(b) Cléireach Cúirte Dúiche,

(c) feidhmeannach síochána a bheidh ainmnithe chun na críche sin le hordú ón Aire Dlí agus Cirt agus Athchóirithe Dlí,

(d) Rialtóir príosúin, nó

(e) oifigeach príosúin a bheidh ainmnithe chun na críche sin ag Rialtóir príosúin de réir alt 22(3) den Acht um Nós Imeachta Coiriúil 1967,

a thógfaidh cúirtbhanna an duine sin nó an urra sin don Chléireach Cúirte Dúiche, agus thar a cheann nó thar a ceann, don Cheantar Cúirte Dúiche ina ndearnadh an t-ordú ag ligean an duine faoi bhannaí.

(4) Ar na suimeanna a éilítear nó ar an urrús a éilítear a thaisceadh le—

(a) Cléireach an cheantair chúirte ina ndearnadh an t-ordú ag ligean an duine faoi bhannaí, nó

(b) duine a luaitear i bhfo-riail (3) a measfar an taisceadh sin leis nó léi a bheith ina íocaíocht isteach sa chúirt,

agus ar an gcúirtbhanna i bhFoirm 18.118.218.2A18.2B  18.3, de réir mar is cuí, a bheith comhlánaithe, scaoilfear saor an duine mura mbeidh de chúis lena bheith nó lena beith i gcoimeád ach an cion ar ina leith a ligfear faoi bhannaí é nó í.

(5) Déanfaidh an Cléireach nó an duine a luaitear i bhfo-riail (3) a mbeidh an t-airgead sin á fháil aige nó aici admháil a eisiúint i leith gach taiscthe agus comhlánóidh sé nó sí an deimhniú i dtaobh an taiscthe sin ar an gcúirtbhanna.”;

(iii) trí na rialacha seo a leanas a chur in ionad rialacha 7, 8 agus 9 d’Ordú 18:

“7. Déanfaidh duine a luaitear i riail 5(3) aon airgead a bheidh á fháil aige nó aici de réir riail 5 a thaisceadh le Cléireach an cheantair chúirte ina bhfuil an Chúirt a bhfuil an duine sin le láithriú os a comhair.

8. Más rud é go mbeidh an cúirtbhanna faoi choinníoll go láithreoidh an duine sin os comhair Cúirte seachas suí den Chúirt Dúiche, déanfaidh an Cléireach nó an duine a luaitear i riail 5(3) a mbeidh an t-airgead á fháil aige nó aici an t-airgead a thaisceadh leis an gCláraitheoir Contae cuí nó leis an oifigeach cuí den Phríomh-Chúirt Choiriúil nó den Chúirt Choiriúil Speisialta, de réir mar a bheidh.

9. Tabharfaidh an Cléireach nó an duine a luaitear i riail 5(3), de réir mar a bheidh, admháil ar an airgead a thaiscfear don pháirtí a bheidh ag dul sa chúirtbhanna.”;

.....
4. Déanfar na Foirmeacha darb uimhreacha 16.218.2A18.2B 27.927.1228A.1428A.15 agus 28A.16 sa Sceideal a chur in ionad na bhFoirmeacha faoi seach ar a bhfuil na huimhreacha céanna i Sceideal B de na Rialacha Cúirte Dúiche 1997 (I.R. Uimh. 93 de 1997). Déanfar an Fhoirm darb uimhir 27.6B a scriosadh as Sceideal B de na Rialacha Cúirte Dúiche 1997