Ordú: 30

Seirbhís pobail

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

No30-S.I. No. 313 Of 2007: District Court (Community Service) Rules 2007

Mínithe

1. San Ordú seo—

ciallaíonn ‘‘an tAcht’’ an tAcht um Cheartas Coiriúil (Seirbhís Pobail), 1983 (Uimh. 23 de 1983);

tá le ‘‘dúiche chónaithe’’ an bhrí a shanntar dó le halt 6 den Acht;

tá le ‘‘ciontóir’’ an bhrí a shanntar dó le halt 2 den Acht;

ciallaíonn ‘‘oifigeach iomchuí’’ oifigeach promhaidh agus leasa agus é nó í ag cur feidhmeanna faoin Acht i gcrích.

Ordú seirbhíse pobail

2. Is i bhFoirm 30.1, Sceideal B, a bheidh ordú seirbhíse pobail a dhéanfaidh an Chúirt faoi alt 3 den Acht.

Iarratais ó oifigeach iomchuí

3. (1) Is trí thoghairm i bhFoirm 30.2, Sceideal B, a eisiúint agus a sheirbheáil ar an gciontóir a dhéanfar gearán ó oifigeach iomchuí i dtaobh ciona faoi alt 7 (4) den Acht a thabhairt os comhair na Cúirte.

(2) Is trí thoghairm i bhFoirm 30.3, Sceideal B, a eisiúint agus a sheirbheáil ar an gciontóir a dhéanfar iarratas faoi alt 9, 10 (1) nó 11 (1) den Acht, nuair is oifigeach iomchuí a dhéanfaidh é, a thabhairt os comhair na Cúirte.

(3) Comhalta den Gharda Síochána a dhéanfaidh toghairm arna heisiúint faoin riail seo a sheirbheáil ar an gciontóir seacht lá ar a laghad roimh an dá ta a bheidh socraithe chun an toghairm a éisteacht.

Iarratais ó chiontóir

4. (1) Is trí fhógra iarratais i bhFoirm 30.4, Sceideal B, a eisiúint agus a sheirbheáil ar an oifigeach iomchuí a dhéanfar iarratas faoi alt 9, 10 (1) nó 11 (1) den Acht, nuair is ciontóir a dhéanfaidh é, a thabhairt os comhair na Cúirte.

(2) Is trí chóip den fhógra sin a thabhairt don oifigeach iomchuí, nó trína cur chuige nó chuici leis an ngnáthphost réamhíoctha, seacht lá ar a laghad roimh an dáta a bheidh socraithe chun an t-iarratas a éisteacht, a dhéanfar an fógra sin a sheirbheáil.

Taisceadh leis an gCléireach

5. Déanfar cóip bhunaidh gach toghairme agus gach fógra iarratais a sheirbheálfar faoin Ordú seo a thaisceadh leis an gCléireach ceithre lá ar a laghad roimh an dáta a bheidh socraithe chun an t-iarratas a éisteacht.

Ordú ar chiontóir d’athrú a áite nó a háite cónaithe

6. Is i bhFoirm 30.5, Sceideal B, a bheidh ordú ón gCúirt faoi alt 10 (1) den Acht.

Cuirfidh an Cléireach cóipeanna d’orduithe chuig an mBreitheamh

7. (1) I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt ordú seirbhíse pobail agus nach é nó í an Breitheamh a bheidh á dhéanamh amhlaidh an Breitheamh atá sannta don dúiche chónaithe, déanfaidh an Cléireach cóip dheimhnithe den ordú a chur láithreach leis an ngnáthphost chuig an mBreitheamh is deireanaí atá luaite.

(2) I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt ordú seirbhíse pobail, nó a leasóidh sí ordú seirbhíse pobail faoi alt 10 (1) den Acht, déanfaidh an Cléireach dhá chóip dheimhnithe den ordú, nó den ordú arna leasú amhlaidh, a thabhairt láithreach don oifigeach iomchuí a bheidh sonraithe san ordú, nó a chur láithreach chuige nó chuici leis an ngnáthphost iad.

Barántas forghníomhaithe faoi alt 8 (1) (a)

8. Is i bhFoirm 30.6, Sceideal B, a bheidh an barántas, i gcás ina n-ordóidh an Chúirt, de bhun alt 8 (1) (a) den Acht, an ciontóir a phríosúnú nó a choinneáil.