Ordú 90

Aerloingseoireacht (Eurocontrol)

Mínithe

1. San Ordú seo—

ciallaíonn ‘‘Acht 1963’’ an tAcht Aerloingseoireachta (Eurocontrol), 1963 (Uimh. 15 de 1963);

ciallaíonn ‘‘Acht 1983’’ an tAcht Aerloingseoireachta (Eurocontrol), 1983 (Uimh. 38 de 1983);

tá le ‘‘cinneadh’’ an bhrí a shanntar dó in alt 1 d’Acht 1983;

tá le ‘‘an Eagraíocht’’ an bhrí a shanntar dó in alt 2 d’Acht 1963.

Ionad

2. Déanfar imeachtaí a thionscnófar os comhair na Cúirte de bhun alt 7 d’Acht 1983 chun suim a ghnóthú atá dlite don Eagraíocht i leith saoráidí agus seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthraíonn an comhlacht sin, nó aon duine eile, a thionscnamh, a éisteacht agus a chinneadh roimh shuíonna den Chúirt chun gnó sibhialta a dhéanamh don cheantar Cúirte

 

— ina bhfuil cónaí an chosantóra suite nó, de réir mar a bheidh, ina bhfuil oifig chláraithe an chosantóra suite, nó

— mura bhfuil an cónaí sin nó, de réir mar a bheidh, an oifig chláraithe sin, suite sa Stát, ina bhfuil áit ghnó ag an gcosantóir,

— mura bhfuil an cónaí sin nó, de réir mar a bheidh, an oifig chláraithe sin, suite sa Stát, nó mura bhfuil aon áit ghnó aige nó aici sa Stát, ina bhfuil sócmhainní ag an gcosantóir, nó

— mura bhfuil an cónaí sin nó, de réir mar a bheidh, an oifig chláraithe sin suite sa Stát, nó mura bhfuil aon áit ghnó nó sócmhainní aige nó aici sa Stát, ina bhfuil a ceanncheathrú ag an Eagraíocht de thuras na huaire.

Imeachtaí trí thoghairm shibhialta

3. Déanfar imeachtaí den sórt sin a thionscnamh trí thoghairm shibhialta a eisiúint i bhFoirm 39.2, Sceideal C, chun fiach nó éileamh ar shuim leachtaithe a ghnóthú agus beidh feidhm mutatis mutandis ag forálacha na Rialacha seo a bhaineann leis na himeachtaí sin maidir leis na himeachtaí sin.

Cóipeanna d’fhoraitheanta agus de thoghairmeacha sibhialta

4. (1) Déanfaidh duine a mbeidh cóip dheimhnithe de chinneadh chun críocha alt 9 d’Acht 1983 á lorg aige nó aici cóip dhú blach den fhoraithne iomchuí, mar aon le cóip dhúblach den mhionnscríbhinn i dtaobh féich (más cuí) a chomhlánú agus a thaisceadh leis an gCléireach agus íocfaidh sé nó sí aon táille Chúirte fhorordaithe. Nuair a bheidh an fhoraithne sínithe ag an mBreitheamh, coimeádfaidh an Cléireach an mhionnscríbhinn agus an fhoraithne bhunaidh, agus déanfaidh sé nó sí na cóipeanna a dheimhniú agus a eisiúint chuig iarratasóir an chéanna.

(2) Ar iarratas a dhéanamh faoin alt sin 9 agus ar an táille Chúirte fhorordaithe a íoc, déanfaidh an Cléireach cóip den toghairm shibhialta bhunaidh (lena n-áirítear an dearbhú reachtúil i dtaobh seirbheála) a ullmhú, a dheimhniú agus a eisiúint chuig iarratasóir an chéanna.

Deimhniú faoi alt 9 (c)

5. Is i bhFoirm 90.1, Sceideal C, a bheidh an deimhniú a eiseoidh an Cléireach faoi alt 9 (c) d’Acht 1983.