Ordú: 38

Ábhair ilghnéitheacha : S.I. No. 687 of 2005

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

No38-S.I. No. 703 Of 2005: District Court (Taxes Consolidation Act 1997) (Amendment) Rules 2005
No38-S.I. No. 47 Of 2006: District Court (Criminal Justice Act 1994, Section 38) Rules 2006
No38-S.I. No. 653 Of 2011: District Court (Criminal Justice (Money Laundering And Terrorist Financing) Act 2010) Rules 2011

Cumhacht na Cúirte i gcásanna neamhionannais, lochtanna, easnamh, nuair nach léirítear aon chion nó nuair nach bhfuil aon láithreas ann

Neamhionannas idir an fhianaise agus an gearán

1. (1) Faoi réir fhorálacha mhír (3) den Riail seo, ní mheasfar, i gcásanna dlínse achoimre, aon neamhionannas, idir an gearán agus an fhianaise a thabharfar ar aird mar thaca leis, i dtaobh an ama a deirtear a rinneadh nó a tharla an cion nó an chúis ghearáin, a bheith ábhartha, má rinneadh an fhaisnéis nó an gearán sin iarbhír laistigh den tréimhse ama a bhí ceaptha le dlí chun an céanna a dhéanamh; ná ní mheasfar aon neamhionannas, idir an gearán agus an fhianaise a thabharfar ar aird mar thaca leis, i dtaobh na háite arb inti a deirtear a rinneadh nó a tharla an cion nó an chúis ghearáin, a bheith ábhartha, má rinneadh nó má tharla an cion nó an chúis ghearáin sin laistigh de dhlínse an Bhreithimh ag a bhfuil an cás á éisteacht, nó má tá cónaí ar an gcúisí nó, i gcás ciona, má gabhadh é nó í, laistigh den dlínse sin. In aon chás den sórt sin, féadfaidh an Chúirt leasú a dhéanamh ar an toghairm, ar an mbarántas nó ar an doiciméad eile lenar tionscnaíodh na himeachtaí agus dul ar aghaidh chun an t-ábhar a éisteacht agus a chinneadh. 

Lochtanna

(2) Faoi réir fhorálacha mhír (3) den Riail seo, ní dhéanfar ná ní cheadófar aon agóid ar an bhforas go bhfuil locht ó thaobh substainte nó foirme, nó go bhfuil easnamh, ar an toghairm, ar an mbarántas nó ar an doiciméad eile lenar tionscnaíodh na himeachtaí, ná ar an bhforas go bhfuil neamhionannas idir aon doiciméad den sórt sin agus an fhianaise a tugadh ar aird ar thaobh an ionchúisitheora le linn éisteacht an cháis in imeachtaí achoimre nó le linn cheistiú na bhfinnéithe le linn réamhscrúdú ciona indíotáilte, ach féadfaidh an Chúirt aon toghairm, barántas nó doiciméad eile den sórt sin a leasú, nó dul ar aghaidh san ábhar amhail is nach mbeadh aon locht, easnamh nó neamhionannas den sórt sin ann. 

Rogha na Cúirte

(3) Ar choinníoll, áfach, más dóigh leis an gCúirt gur neamhionannas, locht nó easnamh é a chuir míthreoir ar an gcúisí nó a rinne dochar dó nó di nó a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do thuillteanais an cháis, go bhféadfaidh sí diúltú aon leasú den sórt sin a dhéanamh agus go bhféadfaidh sí an gearán a dhíbhe gan dochar dá athdhéanamh, nó de bhua tuillteanais, mar is cuí leis an gCúirt; nó, má dhéanann sí leasú den sórt sin, féadfaidh sí, ar cibé téarmaí is cuí léi, na himeachtaí a chur ar atráth go dtí aon lá ina dhiaidh sin an tráth céanna nó in aon áit eile. 

Gan aon chion léirithe nó Gan aon láithreas ann

(4) Más dóigh leis an gCúirt nach léirítear aon chion de réir dlí sa ghearán atá os a comhair, nó mura láithreoidh an t-ionchúisitheoir ná an cúisí, féadfaidh sí, más cuí léi, an gearán a scriosadh amach maille le costais nó gan costais a dhámhachtain.


Ordú chun iontrálacha i Leabhair Bhaincéara a iniúchadh agus a chóipeáil

Iarratas air
—ionad

2. (1) Féadfaidh páirtí in imeachtaí os comhair na Cúirte iarratas a dhéanamh, ag aon suí den Chúirt don dúiche Chúirte inar tionscnaíodh na himeachtaí, ar ordú faoi alt 7 den Banker’s Books Evidence Act, 1879 (42 & 43 Vict. C. 11) lena n-údaraítear don pháirtí sin iontrálacha i leabhair bhaincéara a iniúchadh agus cóipeanna a thógáil díobh chun aon chríche de chríocha na n-imeachtaí sin. 

—Fógra ina thaobh

(2) Sula ndéanfar iarratas den sórt sin, eiseofar fógra i bhFoirm 38.1 , Sceideal B, a thaiscfear leis an gCléireach sula ndéanfar an t-iarratas. 

Ordú ón gCúirt

(3) Is i bhFoirm 38.2, Sceideal B a bheidh an t-ordú ón gCúirt ag géilleadh don iarratas agus, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, seirbheálfar é ar an mbanc iomchuí trí lá glan sula mbeifear le géilleadh don ordú. Féadfar an tseirbheáil a dhéanamh trí chóip den ordú a sheachadadh ar an oifig den bhanc ina gcoimeádtar na taifid iomchuí. 

Ionad d’iarratas faoi alt 7A

(4) Maidir le hiarratas chun na Cúirte Dúiche, ó chomhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná Ceannfort, faoi fhorálacha alt 7A den Banker’s Books Evidence Act, 1879 (42 & 43 Vict. C. 11) arna chur isteach le halt 131 d’Acht an Bhainc Ceannais, 1989, agus arna leasú le halt 14 den Acht um Eolas Áirithe a Nochtadh chun Críocha Cánachais agus chun Críoch Eile, 1996, féadfar é a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don dúiche Chúirte ina líomhnaítear go ndearnadh an cion atá i gceist agus féadfar é a éisteacht ar shlí eile seachas go poiblí. 

—Fógra ina thaobh

(5) Sula ndéanfar iarratas den sórt sin, eiseofar fógra i bhFoirm 38.10, Sceideal B, a thaiscfear leis an gCléireach sula ndéanfar an t-iarratas. 

—Ordú

(6) Is i bhFoirm 38.11, Sceideal B a bheidh an t-ordú ón gCúirt lena ndeonaítear an t-iarratas agus, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, seirbheálfar é ar an mbanc iomchuí trí lá glan sula mbeifear le déanamh de réir an ordaithe. Féadfar an tseirbheáil a dhéanamh trí chóip den ordú a sheachadadh ar an oifig den bhanc ina gcoimeádtar na taifid iomchuí.


Nós imeachta faoin Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997

Ionad d’iarratas faoi alt 908A

(7) Maidir le hiarratas ó oifigeach údaraithe do na Coimisinéirí Ioncaim faoi fhorálacha alt 908A den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997 arna chur isteach le halt 207 den Acht Airgeadais, 1999, agus arna leasú le halt 68 den Acht Airgeadais, 2000 agus le halt 132 den Acht Airgeadais, 2002, is trí fhaisnéis faoi mhionn agus i scríbhinn i bhFoirm 38.12, Sceideal B a dhéanfar é chuig an mBreitheamh den Chúirt Dúiche don Dúiche Chúirte Dúiche a líomhnaítear, maidir leis an gcion atá i gceist, go bhfuil sé á dhéanamh inti, go bhfuiltear tar éis é a dhéanamh inti, nó go bhfuiltear nó go rabhthas ar tí é a dhéanamh inti, nó a bhfuil an foras airgeadais ar ina leith a bhfuil an t-ordú á lorg suite inti, agus féadfar é a éisteacht ar shlí eile seachas go poiblí. 

—Ordú

(8) Is i bhFoirm 38.13, Sceideal B a bheidh an t-ordú ón gCúirt lena ndeonaítear an t-iarratas agus, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, seirbheálfar é ar an bhforas airgeadais iomchuí trí lá glan sula mbeifear le déanamh de réir an ordaithe. Féadfar an tseirbheáil a dhéanamh trí chóip den ordú a sheachadadh ar an oifig den fhoras airgeadais ina gcoimeádtar na taifid iomchuí.


Fógra don Chróinéir maidir le toradh imeachtaí


3. Ar chríochnú imeachtaí coiriúla sa Chúirt Dúiche maidir le bás duine, cuirfidh an Cléireach, de bhun alt 25(3) den Acht Cróinéirí, 1962 (Uimh. 9 de 1962), toradh na n-imeachtaí in iúl (i bhFoirm 38.3, Sceideal B) don chróinéir a mbeidh ionchuisne maidir leis an mbás ar bun aige nó aici.


Nós imeachta faoin Acht um Cheartas Coiriúil, 1994


4. 4. I rialacha 5 go 8 a leanas go léir, ciallaíonn ‘‘an tAcht’’ an tAcht um Cheartas Coiriúil, 1994 (Uimh. 15 de 1994). 

Údarás chun airgead tirim a choinneáil

5. Maidir le hiarratas chun na Cúirte ar ordú faoi fhorálacha fho-alt (2) d’alt 38 den Acht lena n-údaraítear airgead tirim arna urghabháil a choinneáil go ceann tréimhse is faide ná ocht n-uaire an chloig is daichead, is comhalta den Gharda Síochána nó oifigeach custam agus máil a dhéanfaidh é trí fhaisnéis faoi mhionn i bhFoirm 38.4, Sceideal B. Is i bhFoirm 38.5, Sceideal B a bheidh an t-ordú ón gCúirt air sin. 

—Airgead tirim a choinneáil tuilleadh

6. (1) Maidir le hiarratas chun na Cúirte faoi fhoráil fho-alt (3) d’alt 38 den Acht ar ordú lena n-údaraítear airgead tirim arna urghabháil a choinneáil tuilleadh, is trí fhógra i bhFoirm 38.6, Sceideal B a dhéanfar é. 

—Fógra i dtaobh iarratais

(2) Déanfar fógra i dtaobh an iarratais a sheirbheáil ar aon duine dá ndéanfaidh an t-ordú difear seacht lá ar a laghad roimh dháta na héisteachta. Déanfar cóip den fhógra i dtaobh an iarratais mar aon le dearbhú reachtúil maidir le seirbheáil an chéanna a thaisceadh leis an gCléireach ocht n-uaire an chloig is daichead ar a laghad roimh dháta na héisteachta. 

Ordú

(3) Is i bhFoirm 38.7, Sceideal B a bheidh an t-ordú ón gCúirt ar an iarratas. 

Airgead a scaoileadh

7. (1) Maidir le hiarratas chun na Cúirte faoi fhorálacha fho-alt (5) d’alt 38 den Acht ar ordú á ordú airgead tirim, arna choinneáil de bhua fhorálacha an ailt sin, a scaoileadh, is trí fhógra i bhFoirm 38.8, Sceideal B a dhéanfar é. 

Fógra i dtaobh iarratais

(2) Déanfar fógra i dtaobh an iarratais a sheirbheáil ar an gcomhalta den Gharda Síochána nó ar an oifigeach custam agus máil ar ar iarratas uaidh nó uaithi a ndearnadh an t-ordú coinneála seacht lá ar a laghad roimh dháta na héisteachta. Déanfar cóip den fhógra i dtaobh an iarratais mar aon le dearbhú reachtúil maidir le seirbheáil an chéanna a thaisceadh leis an gCléireach ocht n-uaire an chloig is daichead ar a laghad roimh dháta na héisteachta. 

—Ordú

(3) Is i bhFoirm 38.9, Sceideal B a bheidh an t-ordú ón gCúirt ar an iarratas. 

Ionad

8. Féadfar iarratais chun na Cúirte faoin Acht a thionscnamh, a éisteacht agus a chinneadh os comhair Breithimh den Chúirt Dúiche ag aon suí den Chúirt laistigh de Dhúiche an Bhreithimh sin.


Deimhnithe faoin Acht um Chiontóirí Gnéis, 2001


9. (1) Maidir le deimhniú chun críocha alt 14 den Acht um Chiontóirí Gnéis, 2001, is i bhFoirm 38.14, Sceideal B a bheidh sé agus síneoidh cléireach den Chúirt Dúiche é.

(2) Maidir le hordú lena bhforchuirtear maoirseacht iarscaoilte saor de bhun alt 29 den Acht um Chiontóirí Gnéis, 2001, féadfaidh sé a bheith i bhFoirm 38.15 Sceideal B agus déanfar cóip den Ordú sin a tharchur chuig Gobharnóir an Phríosúin nó chuig an duine atá i bhfeighil na háite coinneála eile chuig a ndéantar an cúisí a chimiú.


Nós imeachta faoi Acht na nDídeanaithe, 1996


10. I Rialacha 11 go 15 a leanas go léir, ciallaíonn ‘‘an tAcht’’ Acht na nDídeanaithe, 1996 (Uimh. 17 de 1996). 

Cimiú chun coinneála

11. Más rud é, maidir le duine a coinníodh de bhun fho-alt (8) nó fho-alt (13) (a) d’alt 9 den Acht, go dtabharfar é nó í os comhair Breithimh den Chúirt Dúiche atá sannta don dúiche Chúirte Dúiche ina bhfuil an duine á choinneáil nó á coinneáil agus go ndéanfaidh an Chúirt é nó í a chimiú chun áite coinneála mar a fhoráiltear i bhfo-alt (10)(b)(i) nó i bhfo-alt (13)(b) nó i bhfo-alt (14)(a) de réir mar a bheidh, d’alt 9 den Acht, is i bhFoirm 38.16, Sceideal B a bheidh an t-ordú coinneála. 

Scaoileadh saor coinníollach

12. Más rud é, maidir le duine a coinníodh de bhun fho-alt (8) nó fho-alt (13)(a) d’alt 9 den Acht, go dtabharfar é nó í os comhair Breithimh den Chúirt Dúiche atá sannta don dúiche Chúirte Dúiche ina bhfuil an duine á choinneáil nó á coinneáil agus go ndéanfar é no í a scaoileadh saor de bhun fhorálacha fho-alt (10)(b)(ii) nó fho-alt (13)(b) de réir mar a bheidh, d’alt 9 den Acht, is i bhFoirm 38.17, Sceideal B a bheidh an t-ordú scaoilte saor. 

Athrú ar scaoileadh saor coinníollach
—iarratas
—seirbhís
—ordú

13. Más rud é, maidir le duine a scaoileadh saor ó choinneáil ar cheann amháin de na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (10)(b)(ii) d’alt 9 den Acht, féadfaidh an duine, oifigeach inimirce nó comhalta den Gharda Síochána iarratas a dhéanamh, i bhFoirm 38.18, Sceideal B, de bhun fho-alt (10)(d) nó fho-alt (13)(b) d’alt 9 den acht, chuig Breitheamh den Chúirt Dúiche atá sannta don dúiche Chúirte Dúiche ina gcónaíonn an duine, ar athrú a dhéanamh ar choinníoll ar ar scaoileadh saor an duine. Féadfar an t-iarratas sin a sheirbheáil mar a fhoráiltear le hOrdú 10 de na Rialacha seo agus déanfar é a sheirbheáil ceithre lá glan ar a laghad roimh an dáta a éistfear an t-iarratas. Taiscfear bunchóip an iarratais leis an gCléireach ocht n-uaire an chloig is daichead ar a laghad roimh dháta na héisteachta. Is i bhFoirm 38.19, Sceideal B a bheidh an t-ordú ón gCúirt ar an iarratas. 

Ordú scaoilte saor

14. Más rud é, maidir le duine a coinníodh de bhun fhorálacha alt 9 den Acht, go dtabharfar é nó í, faoi fhorálacha fho-alt (10)(c) nó fho-alt (13)(b) d’alt 9 den Acht, os comhair Breithimh den Chúirt Dúiche atá sannta don dúiche Chúirte Dúiche ina bhfuil an duine á choinneáil nó á coinneáil agus go n-ordóidh an Chúirt an duine sin a scaoileadh saor, is i bhFoirm 38.20, Sceideal B a bheidh an t-ordú scaoilte saor. 

Ordú

15. Más rud é, maidir le duine arna choinneáil nó arna coinneáil de bhun fhorálacha alt 9 den Acht, go dtabharfar é nó í os comhair Breithimh den Chúirt Dúiche atá sannta don dúiche Cúirte Dúiche inar coinníodh an duine, is i bhFoirm 38.21, Sceideal B a bheidh an t-ordú ón mBreitheamh faoi fhorálacha fho-alt (14)(b) d’alt 9 den Acht.