Ordú: 26
Barántais a fhormhuiniú, a dhíriú, a fhorghníomhú, a atheisiúin
Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:
No26-S.I. No. 203 Of 2007: District Court (Criminal Justice Act 2006) Rules 2007
No26-S.I. No. 149 Of 2016: District Court (Amendment) Rules 2016
Formhuiniú maidir le scaoileadh saor faoi bhannaí
1. Ar aon bharántas gabhá la faoin gCuid seo de na Rialacha seo a eisiú int dó nó di, féadfaidh Breitheamh, má s cuí leis nó léi, trí fhormhuiniú ar an mbarántas (Foirm 26.1, Sceideal B), a ordú go ndéanfar, ar é nó í a ghabháil, an duine a bheidh ainmnithe sa bharántas a scaoileadh saor ar é nó í a dhul i gcúirtbhanna, le hurraí nó gan urraí, go láithreoidh sé nó sí ag suí den Chúirt a shonrófar san fhormhuiniú, agus socrófar san fhormhuiniú na suimeanna a mbeidh an duine sin agus na hurraí (más ann) le cur faoi cheangal iontu.
Barántais a dhíriú
2. Mura bhforáiltear a mhalairt, is chun an Cheannfoirt nó chun Cigire den Gharda Síochána a ghníomhaíonn don áit inar eisíodh an barántas, a dhíreofar, chun a bhforghníomhaithe, barántais a eiseofar faoin gCuid seo de na Rialacha seo; ar choinníoll go bhféadfaidh an Chúirt, más cuí léi, aon bharántas den sórt sin a dhíriú chun aon Cheannfoirt nó Cigire den Gharda Síochána a ghníomhaíonn d’aon chuid den dúiche chúirte inar eisíodh an barántas.
— Barántais eiseachadta
3. Féadfar barántais a eisíodh faoi alt 26, 27, nó 49 den Acht um Eiseachadadh, 1965, a dhíriú chun aon chomhalta den Gharda Síochána in aon chuid den Stát agus féadfaidh aon chomhalta den Gharda Síochána iad a fhorghníomhú in aon chuid den Stát faoi réir fhorálacha Ordú 29, riail 12, de na Rialacha seo.
4. I nDúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath, féadfar barántais chimithe a dhíriú chun Rialtóir an Phríosúin a mbeidh an duine á chimiú nó á cimiú faoina choimeád nó faoina coimeád.
I gcásanna éigeandála
5. D’ainneoin fhorálacha riail 2 den Ordú seo, in aon chás ar léir don Chúirt ag a mbeidh aon bharántas den sórt sin á eisiúint gur cás éigeandá la é, féadfaidh an Chúirt an barántas sin a dhíriú chun aon chomhalta den Gharda Síochána laistigh dá dúiche, agus féadfaidh an comhalta sin den Gharda Síochána an barántas sin a fhorghníomhú in aon áit laistigh den dúiche ina bhfuil dlínse ag an gCúirt a d’eisigh an barántas sin ach, má bhíonn dó thain ama chuige, déanfaidh an comhalta den Gharda Síochána ar díríodh aon bharántas den sórt sin chuige nó chuici amhlaidh, an céanna a thaispeáint don Cheannfort nó don Chigire a bhfuil an comhalta sin faoina cheannas nó faoina ceannas, nó é a sheachadadh air nó uirthi, agus rachaidh an Ceannfort nó an Cigire sin ar aghaidh i leith an chéanna de réir na nAchtanna a rialaíonn an Garda Síochána.
Féadfar Barántais á irithe a eisiúint nó a fhorghníomhú tráth ar bith
6. Féadfar barántas gabhála, nó barántas chun duine a chimiú atá faoi phianbhreith phríosúnachta gan fíneáil mar rogha, nó barántas cuardaigh, a eisiúint nó a fhorghníomhú aon lá agus aon am.
Barántais a fhorghníomhú
7. (1) Más rud é go bhfaighfear an duine ar eisíodh an barántas ina choinne nó ina coinne nó, i gcás tochsail, go bhfaighfear aon earraí leis an duine sin, in aon áit dá ngníomhaíonn an Ceannfort nó an Cigire ar díríodh an barántas chuige nó chuici, ansin, déanfaidh an Ceannfort nó an Cigire sin, nó aon Cheannfort nó Cigire eile ag gníomhú ina ionad nó ina hionad de thuras na huaire, nó aon chomhalta den Gharda Síochána a bheidh ceaptha ag aon Cheannfort nó Cigire den sórt sin, an barántas a fhorghníomhú.
— i gcodanna eile den Stát
(2) Más rud é nach féidir an duine sin nó earraí an duine sin, de réir mar a bheidh, a fháil in aon áit dá ngníomhaíonn an Ceannfort nó an Cigire sin, ach go bhféadfar é nó í nó iad a fháil in áit eile laistigh den Stát, féadfaidh an Ceannfort nó an Cigire sin, nó aon Cheannfort nó Cigire eile ag gníomhú ina ionad nó ina hionad de thuras na huaire, an áit a gcreideann sé nó sí an duine sin nó na hearraí sin (de réir mar a bheidh) a bheith le fáil ann a dheimhniú ar an mbarántas (Foirm 26.2, Sceideal B), agus tarchuirfidh sé nó sí an barántas láithreach chun an Cheannfoirt den Gharda Síochána a ghníomhaíonn don áit sin is deireanaí a luadh, agus forghníomhófar an barántas ansin amhail is dá mba chun an Cheannfoirt nó chun Cigire a ghníomhaíonn don áit sin is deireanaí a luadh a eisíodh é ar an gcéad ásc.
(3) Beidh feidhm ag forálacha na rialach seo d’ainneoin nach ndeimhneoidh an Ceannfort nó an Cigire sin ar an mbarántas an áit a gcreideann sé nó sí an duine sin nó na hearraí sin a bheith le fáil ann, más féidir an áit sin a fhionnachtain ar shlí seachas ón deimhniú sin.
Earraí a urghabhfar a dhíol ar ceant agus aon bharrachas a íoc leis an úinéir
*8. (1) Más rud é go ndéanfar aon earraí a urghabháil faoi bharántas tochsail, féadfaidh an Ceannfort nó an Cigire den Gharda Síochána chun ar díríodh an barántas na hearraí sin a dhíol, nó a údarú d’aon sáirsint nó comhalta den Gharda Síochána iad a dhíol, ar ceant, laistigh de cibé tréimhse a bheidh ceaptha go speisialta leis an mbarántas nó, mura mbeidh aon tréimhse ceaptha amhlaidh, ansin, laistigh de chúig lá ón lá a urghabhadh iad, mura mbeidh an tsuim a bheidh le tobhach leis an mbarántas, mar aon leis na caiteachais ar thógáil agus coimeád na n-earraí sin, íoctha sula ndíolfar na hearraí. Más rud é go ndíolfar na hearraí sin, íocfar le húinéir na n-earraí an barrachas, más ann, tar éis an méid a ordaíodh a thobhach, mar aon leis na caiteachais réasúnacha go léir a tabhaíodh iarbhír i ndáil leis na hearraí sin a chur ar ceant, mar aon leis an gcaiteachas ar thógáil agus coimeád an chéanna, a choimeád. Ní gá don duine a bheidh ag seoladh an cheant ceadúnas a fháil chun gníomhú mar cheantálaí.
Más rud é nach nglanfaidh an díol an méid a bheidh le tobhach
(2) Má s rud é nach bhfaighfear as díol na n-earraí sin suim is leor, tar éis na caiteachais sin a íoc, chun go nglanfaí an méid a ordaíodh a thobhach leis an mbarántas, deimhneoidh an duine chun ar díríodh an barántas an ní sin air agus cuirfidh sé nó sí an barántas agus an deimhniú sin formhuinithe air ar ais chun na Cúirte a d’eisigh é.
Cuirfidh íocaíocht bac ar fhorghníomhú
(3) Má dhéanann aon duine ar eisíodh aon bharántas den sórt sin ina choinne nó ina coinne an tsuim a luadh sa bharántas sin a íoc leis an duine, nó a thairiscint don duine, ag a bhfuil an barántas le forghníomhí, nó má dhéanann sé nó sí admháil an Chléirigh ar an tsuim sin a thabhairt ar aird, agus go n-íocfaidh sé nó sí freisin mé d na gcaiteachas ar aon tochsal suas go dtí tráth an íoca sin nó na tairisceana sin, ní dhéanfaidh an duine ag a bhfuil an barántas sin le forghníomhú é a fhorghníomhú.
Má dhéantar íocaíocht tar éis cimiú, déanfar an príosú nach a scaoileadh
(4) Aon uair a íocfaidh duine a gabhadh faoi aon bharántas cimithe an tsuim a luadh sa bharántas nó cibé suim is lú ná sin a chinnfear de réir fhorálacha alt 3 den Criminal Justice Administration Act, 1914, nó a chuirfidh sé nó sí faoi deara í a íoc, le Rialtóir an phríosúin ina bhfuil sé ina phríosúnach nó sí ina príosúnach, glacfaidh an Rialtóir sin an tsuim sin agus air sin scaoilfidh sé nó sí an duine sin mura bhfuil sé nó sí i gcoimeád an rialtóra ar aon ábhar eile.
Admháil ar an bpríosúnach
9. Más rud é go n-eiseofar barántas chun duine a chimiú chun príosúin, seachadfaidh an t-oifigeach nó an comhalta den Gharda Síochána, nó an duine eile, a bhfuil de dhualgas air nó uirthi an duine sin a thabhairt chun an phríosúin, an barántas sin agus an príosúnach sin ar Rialtóir an phríosúin a ainmníodh sa bharántas, agus ansin tabharfaidh an Rialtóir admháil ar an bpríosúnach sin (Foirm 26.3, Sceideal B) don oifigeach, don chomhalta nó don duine eile sin ach, má tá an príosúnach sin i gcoimeád an Rialtóra cheana féin, ní sheachadfar ach an barántas, nó féadfar an barántas a tharchur leis an bpost. Faoi réir fhorálacha alt 3 den Criminal Justice Administration Act, 1914, coinneoidh an Rialtóir an príosúnach sin go ceann cibé tréimhse, agus i cibé slí, a luadh sa bharántas agus, i gcás atráthú nó athchur, nó i gcás barántas coirp a eisiúint, cuirfidh an Rialtóir faoi deara an príosúnach a thabhairt os comhair na Cúirte a bheidh sonraithe agus ag cibé am agus i cibé áit a bheidh ainmnithe sa bharántas.
Suimeanna a íoc leis an gCléireach
10. (1) Más rud é go n-eiseofar barántas chun pionós a thobhach, íocfaidh an comhalta den Gharda Síochána a mbeidh an barántas sin á fhorghníomhú aige nó aici an tsuim a thoibheofar faoin mbarántas leis an gCléireach cuí de réir fhorálacha an Fines Act (Ireland), 1851.
(2) Más rud é go n-eiseofar barántas chun aon suim seachas pionós a thobhach, íocfaidh an comhalta den Gharda Síochána a mbeidh an barántas sin á fhorghníomhú aige nó aici an tsuim a thoibheofar faoin mbarántas le Cléireach na Cúirte ó nar eisíodh an barántas agus íocfaidh an Cléireach sin í leis an duine atá i dteideal í a fháil, i cibé slí agus faoi réir cibé cuntais (más ann) a ordóidh an Chúirt.
Barántais nár forghníomhaíodh a chur ar ais
11. Más rud é go ndéanfar barántas, seachas — barántas chun duine a ghabháil a chúisítear i gcion indíotáilte,
— barántas chun duine a ghabháil a mhainnigh láithriú de réir toghairme i leith ciona,
— barántas binse chun duine a ghabháil a mhainnigh láithriú i gcomhlíonadh téarmaí cúirtbhanna, nó
— barántas cuardaigh,
— féadfaidh an Chúirt barántas a atheisiúint
a dhíriú, a tharchur nó a fhormhuiniú lena fhorghníomhú, chun duine ar bith agus nach mbeidh ar a chumas nó a cumas an duine ar eisíodh an barántas ina choinne nó ina coinne a fháil, nó a fhionnachtain cá bhfuil an duine sin, nó cá bhfuil earraí aige nó aici, cuirfidh an duine sin ag a bhfuil an barántas le forghníomhú an barántas ar ais chun na Cúirte a d’eisigh é (laistigh de cibé tréimhse ama a bheidh ceaptha leis an mbarántas nó laistigh de thréimhse ama réasúnach, nach faide ná sé mhí, más rud é nach mbeidh aon tréimhse ama ceaptha amhlaidh), agus deimhniú (Foirm 26.4, Sceideal B) formhuinithe air á rá cén fáth nár forghníomhaíodh é, agus féadfaidh an Chúirt an barántas sin a atheisiúint, tar éis di aon duine a cheistiú faoi mhionn, más cuí leis an gCúirt é sin a dhéanamh, i dtaobh neamhfhorghníomhú an bharántais, nó féadfaidh sí aon bharántas eile a eisiúint chun na críche céanna ó am go ham de réir mar is fóirsteanach.
*Petty Sessions (Ireland) Act, 1851 [a. 32].