Ordú: 42

Cosaint, sonraí agus frithéileamh : I.R. Uimh. 17 de 2014

Nasc gaolmhara 
S.I. No. 17 of 2014 - provisions overview

1 — LÁITHREAS AGUS COSAINT

1 Láithreas agus cosaint

1. (1) Ní foláir do fhreagróir a bhfuil ar intinn aige nó aici imeachtaí sibhialta a chosaint láithreas agus cosaint, i bhFoirm 42.01,, Sceideal C, a thabhairt don éilitheoir nó don aturnae ar son an éilitheora, nó a chur leis an bpost chuige nó chuici, tráth nach déanaí ná 28 lá tar éis an fógra éilimh a sheirbheáil air nó uirthi, agus ní foláir dó nó di san am céanna cóip dá láithreas a chomhdú leis an gCléireach.

(2) I gcás go ndéanfar fógra éilimh nó doiciméad tionscnaimh eile (nó fógra ina thaobh) a sheirbheáil lasmuigh den Stát de réir na Rialacha seo agus aon ordú ón gCúirt, is í an tréimhse ama seo a leanas an tréimhse ama ar lena linn nach foláir do fhreagróir a ndearnadh seirbheáil air nó uirthi lasmuigh den Stát a láithreas agus a chosaint nó a cosaint a sheirbheáil ar an éilitheoir agus cóip dá láithreas a chomhdú leis an gCléireach:

(a) cúig seachtaine tar éis an fógra éilimh nó an doiciméad tionscnaimh eile (nó fógra ina thaobh) a sheirbheáil gan lá na seirbheála a áireamh i gcás go ndéanfar an fógra éilimh, an doiciméad tionscnaimh eile nó an fógra a sheirbheáil i gcríoch Eorpach de chuid Ballstát eile den Aontas Eorpach, nó

(b) sé seachtaine tar éis an fógra éilimh nó an doiciméad tionscnaimh eile (nó fógra ina thaobh) a sheirbheáil gan lá na seirbheála a áireamh i gcás go ndéanfar an fógra éilimh, an doiciméad tionscnaimh eile nó an fógra a sheirbheáil in aon chríoch de chuid Ballstát den Aontas Eorpach nach críoch Eorpach.

(3) Maidir le cosaint, ní foláir—

(a) ráiteas a bheith inti á rá go bhfuil ar intinn ag an bhfreagróir an fógra éilimh a chosaint; agus

(b) ainm agus seoladh an fhreagróra agus seoladh le haghaidh seirbheála san Aontas Eorpach a shonrú inti, is seoladh ag a bhféadfar doiciméid a cheanglaítear a sheirbheáil ar an bhfreagróir a fhágáil; agus

(c) i gcás gur aturnae a dhéanfaidh an chosaint ar son an fhreagróra, ainm nó gnólacht an aturnae agus a sheoladh gnó nó a seoladh gnó laistigh den Aontas Eorpach a shonrú inti agus freisin, i gcás gur gníomhaire de chuid duine eile é nó í an t-aturnae, ainm nó gnólacht agus seoladh gnó an phríomhaí a shonrú inti.

(4) I gcás go ndéanfar toghairm shibhialta, is toghairm shibhialta nach gceanglófar cosaint i scríbhinn (nó fógra ina taobh) a sheachadadh léi, a sheirbheáil lasmuigh den Stát de réir na Rialacha seo agus aon ordú ón gCúirt, féadfaidh an freagróir fógra a thabhairt á rá go bhfuil ar intinn aige nó aici láithriú agus an t-éileamh a chonspóid trí láithreas a sheirbheáil i bhFoirm 42.02, Sceideal C, ar an éilitheoir agus trí chóip dá láithreas a chomhdú leis an gCléireach laistigh den tréimhse a shonraítear i bhfo-riail (2). Maidir le freagróir a ndéanfar toghairm shibhialta, is toghairm shibhialta nach gceanglófar cosaint i scríbhinn a sheachadadh léi, a sheirbheáil air nó uirthi sa Stát, ní cheanglófar air nó uirthi láithreas den sórt sin a sheirbheáil ná a chomhdú. 

2 Láithreas agus cosaint ar éileamh i leith féich

2. (1) Ní foláir láithreas agus cosaint in éileamh i leith féich a bheith i bhFoirm 42.03, Sceideal C. Ní foláir do fhreagróir a bhfuil ar intinn aige nó aici éileamh i leith féich a chosaint a láithreas agus a chosaint nó a cosaint a thabhairt don éilitheoir nó don aturnae ar son an éilitheora, nó a chur leis an bpost chuige nó chuici, tráth nach déanaí ná 28 lá ón tráth a sheirbheálfar an fógra éilimh air nó uirthi, agus ní foláir dó nó di san am céanna cóip dá láithreas a chomhdú leis an gCléireach.

(2) Ní foláir go sonrófar i gcosaint in éileamh i leith féich:

(a) cibé acu atá an t-éileamh faoi dhíospóid i dtaobh dliteanais agus méid araon;

(b) cibé acu atá an t-éileamh faoi dhíospóid i dtaobh méid, agus ina thaobh sin amháin, agus, más amhlaidh atá, an méid a n-admhaítear é a bheith dlite;

(c) cibé acu a admhaítear don éileamh go hiomlán, agus, má admhaítear amhlaidh, cibé acu a bheartaíonn an freagróir íocaíocht a dhéanamh láithreach nó an dteastaíonn am uaidh nó uaithi chun íocaíocht a dhéanamh.

3 Láithreas agus cosaint in éilimh seachas éilimh i leith féich

3. (1) Ach amháin i gcás go n-éileoidh an freagróir sonraí breise faoi ráiteas éilimh, maidir le freagróir i leith éileamh seachas éileamh i leith féich a dhéanann éileamh iomlán éilitheora, nó cuid d’éileamh éilitheora, a chonspóid nó a dhíospóid, ní foláir dó nó di láithreas agus cosaint a sheirbheáil i bhFoirm 42.01, Sceideal C, ar an éilitheoir ag an seoladh le haghaidh seirbheála a bheidh sonraithe san fhógra éilimh agus ní foláir dó nó di cóip den láithreas a chomhdú leis an gCléireach.

(2) Ní foláir go sonrófar i gcosaint cé acu de na fíorais arna sonrú i ráiteas éilimh—

(a) a admhaítear;

(b) a shéantar;

(c) nach n-admhaítear.

(3) Maidir le freagróir nach sonróidh sa chosaint cibé acu—

(a) a admhaítear;

(b) a shéantar;

(c) nach n-admhaítear—

fíoras arna shonrú i ráiteas éilimh, ní foláir a mheas go n-admhaítear an fíoras.

(4) Ní foláir do fhreagróir a shonróidh go séantar fíoras arna shonrú i ráiteas éilimh—

(a) cúiseanna a thabhairt go bhfuil an fíoras á shéanadh; agus

(b) más rud é go bhfuil ar intinn ag an bhfreagróir fíoras a chruthú, is fíoras atá éagsúil leis an bhfíoras arna shonrú sa ráiteas éilimh, ní foláir dó nó di a shonrú, mar aon leis na sonraí is gá, an fíoras a bhfuil ar intinn ag an bhfreagróir é a chruthú.

(5) Ní foláir don fhreagróir aon fhíoras nó ábhar, mar aon le sonraí, a shonrú go sonrach, is fíoras nó ábhar—

(a) a fhágfaidh nach féidir seasamh ar éileamh an éilitheora; nó

(b) a fhéadfaidh breith gan fhios ar an éilitheoir, mura ndéanfar é a shonrú go sonrach; nó

(c) lena n-ardófar ceisteanna fíorais nach n-eascraíonn as an ráiteas éilimh.

(6) Más rud é go n-eascróidh an chosaint le haon achtachán nó faoi aon achtachán, ní foláir go ndéanfar an fhoráil shonrach ar a mbeifear ag seasamh a shainaithint sa chosaint.

(7) Ní foláir cosaint a roinnt ina míreanna a bheidh uimhrithe go comhleanúnach, agus ní foláir gach fíoras nó ábhar a shonrófar, a mhéid is indéanta, a bheith i mír ar leithligh.

(8) Ní foláir liosta den chomhfhreagras go léir agus de na doiciméid eile go léir (seachas aon doiciméid a bheidh sainaitheanta sa ráiteas éilimh cheana féin) ar a mbeidh an freagróir ag seasamh ag an triail a bheith i gcosaint lena n-áirítear an dáta más ann agus tuairisc ghairid ar gach doiciméad.

(9) Ní fhéadfaidh an freagróir seasamh ar thairiscint mar chosaint mura n-íocfaidh an freagróir leis an gCléireach, laistigh de sheacht lá tar éis láithreas agus cosaint a chomhdú, an méid a líomhnaítear a tairgeadh.

(10) D’ainneoin fho-riail (1), ní cheanglófar ar fhreagróir, a mbeidh láithreas agus cosaint taifeadta aige nó aici in éileamh i leith féich a chomhlíonann ceanglais riail 2, cosaint a sheirbheáil agus a chomhdú a chomhlíonann ceanglais na rialach seo mura mbeidh ordú déanta san iarratas ar bhreithiúnas trí mhionnscríbhinn lena ndiúltófar breithiúnas agus lena dtabharfar cead cosaint a dhéanamh, agus sa chás sin, ní foláir don fhreagróir cosaint a sheirbheáil agus a chomhdú a chomhlíonann ceanglais na rialach seo laistigh de 21 lá tar éis an t-ordú a dhéanamh. 

4 Láithreas agus cosaint a chomhdú agus a sheirbheáil go déanach

4. Féadfaidh freagróir láithreas agus cosaint a sheirbheáil agus láithreas a chomhdú tráth ar bith tar éis fógra éilimh a sheirbheáil le toiliú ón éilitheoir i scríbhinn, ach ní fhéadfar láithreas agus cosaint a sheirbheáil, ach amháin le cead ón gCúirt, más rud é go mbeidh breithiúnas faighte ag an éilitheoir d’éagmais láithris. 

5 Cosaint a leasú i gcás go dtabharfar sonraí

5. D’ainneoin rialacha 2 agus 3, féadfaidh freagróir, a mbeidh sonraí breise faoi ráiteas éilimh an éilitheora éilithe aige nó aici, cosaint leasaithe a sheirbheáil agus a chomhdú:

(a) tráth nach déanaí ná 28 lá tar éis sonraí breise faoi ráiteas éilimh an éilitheora a bheith faighte; nó

(b) tráth ar bith eile le cead ón gCúirt.

2 — MALARTÚ ATURNAE


6 Fógra i dtaobh aturnae a mhalartú, a cheapadh nó a urscaoileadh

6. (1) Aon pháirtí a dhéanfaidh agra nó cosaint trí aturnae, féadfaidh sé nó sí a aturnae nó a haturnae a mhalartú nó a urscaoileadh, agus an t-agra nó an chosaint a dhéanamh i bpearsa.

(2) Aon pháirtí a dhéanfaidh agra nó cosaint i bpearsa, féadfaidh sé nó sí aturnae a cheapadh gan ordú chuige sin.

(3) Ní foláir fógra i dtaobh aon mhalartú, urscaoileadh nó ceapadh maidir le haturnae (Foirm 42.04 nó 42.05, Sceideal C, de réir mar is cuí) a chomhdú leis an gCléireach, agus a sheirbheáil ar an bpáirtí freasúrach, nó ar a aturnae nó ar a haturnae (más ann), agus ar an aturnae a bheidh urscaoilte.


3 — FÓGRA LENA nÉILÍTEAR CÓIPDHOICIMÉID NÓ SONRAÍ BREISE


7 Ní bheidh feidhm ag an gCuid seo maidir le héilimh i leith féich ná maidir le héilimh bheaga

7. Ní bheidh feidhm ag an gCuid seo maidir le héilimh bheaga agus mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, ní bheidh feidhm ag an gCuid seo maidir le héilimh i leith féich. 

8 Cóipdhoiciméid nó sonraí breise ó éilitheoir

8. Féadfaidh freagróir, tráth ar bith sula seachadfar cosaint nó tráth seachadta cosanta, iarratas a dhéanamh chuig an éilitheoir i scríbhinn:

(a) ar chóipeanna de na doiciméid go léir nó d’aon cheann de na doiciméid a liostaítear sa ráiteas éilimh ar a mbeidh an t-éilitheoir ag seasamh nó dá dtagraítear sa ráiteas éilimh (Foirm 42.06, Sceideal C);

(b) lena n-éilítear ar an éilitheoir sonraí breise a sholáthar a ndearbhaíonn an freagróir ina leith gur gá iad le réasún i dtaobh ábhair shonraithe sa ráiteas éilimh (Foirm 42.07, Sceideal C).

9 Cóipdhoiciméid nó sonraí breise ó fhreagróir

9. Féadfaidh éilitheoir, laistigh de 28 lá tar éis cosaint a sheachadadh, iarratas a dhéanamh chuig an bhfreagróir i scríbhinn:

(a) ar chóipeanna de na doiciméid go léir nó d’aon cheann de na doiciméid a liostaítear sa chosaint ar a mbeidh an freagróir ag seasamh nó dá dtagraítear sa chosaint (Foirm 42.06, Sceideal C);

(b) lena n-éilítear ar an bhfreagróir sonraí breise a sholáthar a ndearbhaíonn an t-éilitheoir ina leith gur gá iad le réasún (Foirm 42.07, Sceideal C).

10 Mainneachtain cóipeanna nó sonraí a thabhairt

10. (1) Más rud é go mainneoidh páirtí déanamh de réir fógra lena n-éilítear cóipeanna de dhoiciméid liostaithe nó lena n-éilítear sonraí breise laistigh de 21 lá óna mbeidh an fógra seirbheáilte, féadfaidh an Chúirt ordú a dhéanamh lena gceanglófar ar an bpáirtí na cóipeanna nó na sonraí is gá a sholáthar laistigh de thréimhse ama a shonróidh an Chúirt.

(2) Féadfar foráil a dhéanamh le hordú den sórt sin go ndéanfar, má mhainnítear déanamh amhlaidh—

(i) an fógra éilimh a dhíbhe, más rud é gur éilitheoir an páirtí; nó

(ii) cosaint an pháirtí, más ann, a scriosadh amach, más rud é gur freagróir an páirtí.

(3) Ní foláir iarratas ar ordú faoi fho-riail (1) a dhéanamh sula mbeidh dáta socraithe chun an fógra éilimh a éisteacht. 

11 Pléadáil a leasú i gcás go dtabharfar sonraí

11. Féadfaidh páirtí a mbeidh sonraí breise faoi phléadáil páirtí eile éilithe aige nó aici ráiteas éilimh leasaithe nó pléadáil eile a sheirbheáil agus a chomhdú:

(a) tráth nach déanaí ná 28 lá tar éis sonraí breise a bheith faighte; nó

(b) tráth ar bith eile le cead ón gCúirt.

12 Feidhm maidir le frithéilimh agus maidir le héilimh tríú páirtí

12. Beidh feidhm ag an Ordú seo, fara aon mhodhnú is gá, maidir le frithéileamh agus maidir le héileamh trí fhógra tríú páirtí amhail is dá mb’imeacht sibhialta an frithéileamh nó an t-éileamh tríú páirtí. 

13 Costais sonraí

13. Mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt:

(a) ní fhéadfar na costais, a bhaineann le sonraí a iarraidh, a lamháil ach amháin mar chuid de chostais an pháirtí a n-éireoidh leis nó léi i gcoinne an pháirtí nach n-éireoidh leis nó léi i gcás go ndeimhneoidh an Chúirt gur gá na sonraí, agus sa chás sin amháin; agus

(b) féadfaidh an páirtí nach n-éireoidh leis nó léi na costais, a bhaineann le freagra a thabhairt ar shonraí, a ghnóthú i gcoinne an pháirtí a n-éireoidh leis nó léi i gcás nach ndeimhneoidh an Chúirt gur gá na sonraí.

4 — FRITHÉILEAMH


14 Tráth a cheadófar frithéileamh

14. (1) Féadfaidh freagróir aon cheart nó éileamh a líomhnóidh an freagróir atá aige nó aici i gcoinne an éilitheora a fhritháireamh nó a bhunú mar fhrithéileamh i gcoinne éileamh an éilitheora, cibé acu is éileamh i leith damáistí an t-éileamh ón bhfreagróir nó nach ea.

(2) Beidh an éifeacht chéanna le fritháireamh nó le frithéileamh is atá le croschaingean, chun a chumasú don Chúirt an t-éileamh agus an frithéileamh araon a chinneadh ag an triail chéanna.

(3) Féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ón éilitheoir roimh an triail, cead a dhiúltú don fhreagróir leas a bhaint as an bhfrithéileamh más é tuairim na Cúirte nach féidir an fritháireamh nó an frithéileamh a chur de láimh go caoithiúil ag triail éileamh an éilitheora, nó nach cóir é a cheadú.

(4) Beidh feidhm ag na Rialacha seo maidir le frithéileamh amhail is dá mba é nó í an t-éilitheoir an freagróir agus dá mba é nó í an freagróir an t-éilitheoir.

(5) Ní foláir do fhreagróir a dhéanfaidh frithéileamh an frithéileamh a chomhdú agus a sheirbheáil mar aon lena chosaint nó lena cosaint, mura gceadóidh an Chúirt a mhalairt.

(6) Ní foláir frithéileamh a bheith i bhFoirm 42.08, Sceideal C.


5 — BAC AR ÉILEAMH NÓ ÉILEAMH A DHÍBHE AGUS RÁITEAS ÉILIMH NÓ COSANTA A SCRIOSADH AMACH

15 Bac nó ordú in imeacht

15. (1) Féadfaidh an Chúirt a ordú, ag aon chéim de na himeachtaí sibhialta, aon ábhar in aon phléadáil a scriosadh amach nó a leasú, is ábhar nach gá nó atá scannalach, nó a bhfuil baol ann maidir leis go bhféadfaidh sé dochar a dhéanamh do thriail chóir na n-imeachtaí sibhialta nó treampán nó moill a chur ar an gcéanna.

(2) Féadfaidh an Chúirt, in aon chás den sórt sin, más cuí léi, a ordú go ndéanfar costais an iarratais a íoc amhail idir aturnae agus cliant.

(3) Féadfaidh an Chúirt a ordú go scriosfar amach aon phléadáil ar an bhforas nach nochtar inti cúis chaingne ná freagra réasúnach ar bith agus in aon chás den sórt sin nó i gcás go dtaispeánfar sna pléadálacha an t-éileamh nó an chosaint a bheith suaibhreosach nó cráiteach, féadfaidh an Chúirt a ordú go ndéanfar bac a chur ar an éileamh nó go ndéanfar é a dhíbhe, nó go ndéanfar breithiúnas a thaifeadadh dá réir, de réir mar a mheasfaidh an Chúirt is cóir. 

16 Pléadáil a scriosadh amach

16. (1) Más rud é, maidir le ráiteas éilimh nó cosanta nó maidir le haon chuid de ráiteas éilimh nó cosanta—

(a) nach nochtfar cúis chaingne ná cosaint ann nó inti;

(b) go bhfuil sé nó sí scannalach, suaibhreosach nó cráiteach;

(c) go bhféadfaidh sé nó sí dochar a dhéanamh d’éisteacht chóir an imeachta nó treampán nó moill a chur ar an gcéanna; nó

(d) gur mí-úsáid phróis na Cúirte é nó í thairis sin—

féadfaidh an Chúirt a ordú go ndéanfar iomlán an ráitis éilimh nó cosanta, nó cuid de, a scriosadh amach nó a leasú.

(2) Beidh feidhm ag an riail seo, fara aon mhodhnú is gá, i gcás go ndéanfaidh an freagróir frithéileamh nó éileamh i gcoinne tríú páirtí.