Ordú: 6

Ceart Éisteachta

O.6, r.1 Na daoine a bheidh i dteideal láithriú agus an Chúirt a aitheasc

1. Beidh na daoine seo a leanas i dteideal láithriú agus an Chúirt a aitheasc agus imeachtaí a stiúradh—

(a) aon pháirtí sna himeachtaí;nó

(b) aturnae thar ceann an pháirtí sin; nó

(c) abhcóide a bheidh faoi theagasc an aturnae thar ceann an pháirtí sin; nó

(d) más rud é gur imeachtaí iad i ndáil leis na cánacha agus na dleachtanna atá faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim, nó i ndáil le haon fhíneáil, pionós nó forghéilleadh a tabhaíodh i dtaca leis sin nó a tabhaíodh ar shlí eile faoi na hAchtanna Custam, oifigeach cuí-údaraithe do na Coimisinéirí Ioncaim nó an tAturnae Ioncaim; nó

(e) in imeachtaí ar agra an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí i leith ciona, an Stiúrthóir sin nó aon chomhalta den Gharda Síochána nó aon duine eile a láithreoidh thar ceann an Stiúrthóra nó a ionchúiseoidh in ainm an Stiúrthóra.

2. Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt le reacht nó le rialacha cúirte, féadfaidh athair, máthair, mac, iníon, fearchéile, banchéile, deartháir nó deirfiúr aon pháirtí láithriú thar ceann an pháirtí sin, ar choinníoll go mbeidh cead ón gCúirt ag an duine sin láithriú agus éisteacht a fháil agus gur deimhin leis an gCúirt nach bhfuil ar chumas an pháirtí láithriú de dheasca éiglíochta nó ar aon chúis dhosheachanta eile.