Leasuithe ar: Ginearálta

I.R. Uimh. 99 de 2013: Na Rialacha Cúirte Dúiche (Imeachtaí a Thaifeadadh) 2013

1. (1) Féadfar na Rialacha Cúirte Dúiche (Imeachtaí a Thaifeadadh), 2013 a ghairm de na Rialacha seo agus tiocfaidh siad i ngníomh an 8ú lá d’Aibreán 2013.

(2) Forléireofar na Rialacha seo i dteannta na Rialacha Cúirte Dúiche, 1997 (I.R. Uimh. 93 de 1997) agus i dteannta na Rialacha Cúirte Dúiche eile go léir.

(3) Féadfar na Rialacha Cúirte Dúiche, 1997 go 2013 a ghairm de na Rialacha Cúirte Dúiche arna leasú leis na Rialacha seo.

2. Leasaítear na Rialacha Cúirte Dúiche, 1997:

(i) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach sna forálacha a bhaineann le Léiriú Téarmaí díreach i ndiaidh an mhínithe ar “ceantar cúirte” sna forálacha sin:

“ciallaíonn ‘an tSeirbhís Chúirteanna’ an tSeirbhís Chúirteanna a bunaíodh leis an Acht um Sheirbhís Chúirteanna, 1998;”