Ordú: 40D

Nós imeachta in achomhairc reachtúla trí fhógra achomhairc chun na cúirte : I.R. Uimh. 17 de 2014

Nasc gaolmhara
S.I. No. 17 of 2014 - provisions overview

1 — MÍNITHE

1 Mínithe

1. (1) San Ordú seo—

ciallaíonn “achomharcóir” an duine a dhéanfaidh achomharc chun na Cúirte;

ciallaíonn “freagróir” an duine a thug an fógra, an bhreith nó an t-ordachán ar ina choinne nó ina coinne a dhéanfar an t-achomharc a thionscnamh.

(2) I gcás go ndéanfar foráil le hachtachán maidir le hachomharc a dhéanamh chun na Cúirte nó chun Breithimh, i gcoinne aon fhógra a bheidh tugtha nó seirbheáilte nó i gcoinne aon bhreith nó ordachán a bheidh tugtha in aon ábhar, nó go gceadófar amhlaidh le hachtachán agus nach ndéanfar aon fhoráil eile maidir leis an nós imeachta is infheidhme leis an achtachán lena mbaineann nó leis na Rialacha seo, beidh feidhm ag an nós imeachta le haghaidh an achomhairc (dá ngairtear “an t-achomharc iomchuí” sa chuid eile den Ordú seo) a leagtar amach sna rialacha seo a leanas.

(3) Beidh fo-riail (2) faoi réir aon cheanglas den achtachán iomchuí.

2 — GINEARÁLTA

2 Ionad le haghaidh achomhairc

2. (1) Ní foláir achomharc iomchuí a thionscnamh:

(a) sa cheantar Cúirte inar tugadh nó inar seirbheáladh an fógra a mbeidh achomharc á dhéanamh ina choinne nó inar tugadh an bhreith nó an t-ordachán a mbeidh achomharc á dhéanamh ina coinne nó ina choinne; nó

(b) sa cheantar Cúirte ina bhfuil cónaí ar an achomharcóir.

(2) Beidh fo-riail (1) faoi réir aon fhoráil nó ceanglas ag a mbeidh éifeacht éagsúil san achtachán iomchuí. 

3 Nós imeachta trí fhógra achomhairc

3. (1) Ní foláir an t-achomharc iomchuí a thosú trí fhógra achomhairc (dá ngairtear “an fógra achomhairc” sa chuid eile den Ordú seo) i bhFoirm 40D.01, Sceideal C, fara cibé modhnuithe is cuí.

(2) Ní foláir cóip den fhógra achomhairc a sheirbheáil ar an bhfreagróir agus ar gach duine eile dá ndéanfaidh an t-achomharc difear go díreach.

Mura bhforáiltear a mhalairt, féadfar an fógra a sheirbheáil de réir fhorálacha Ordú 41—

—laistigh de 14 lá ón lá ar ar seirbheáladh an fógra a mbeidh achomharc á dhéanamh ina choinne nó ar a bhfuair an t-achomharcóir eolas den chéad uair ar an mbreith nó ar an ordachán, agus

—14 lá ar a laghad roimh an dáta fillte.

(3) Ní foláir don achomharcóir dearbhú reachtúil i dtaobh na seirbheála arna déanamh ar an bhfreagróir agus ar gach duine eile dá ndéanfaidh an t-achomharc difear go díreach a thaisceadh leis an gCléireach seacht lá ar a laghad roimh an dáta fillte. 

4 Cóipdhoiciméid a bheidh le cur ag gabháil

4. Ní foláir don achomharcóir freisin cóip den fhógra, den bhreith nó den ordachán a bhfuil achomharc á dhéanamh ina choinne nó ina coinne agus, nuair is cuí, cóipeanna d’aon doiciméid nó foilseáin eile a úsáidtear i ndáil leis an bhfógra, leis an mbreith nó leis an ordachán, a chur ag gabháil leis an bhfógra achomhairc agus le haon chóip den fhógra achomhairc a sheirbheálfar. 

5 Féadfaidh Cúirt a ordú an fógra achomhairc a sheirbheáil

5. Féadfaidh an Chúirt a éistfidh an t-achomharc, má mheasann sí gur cuí, a ordú go ndéanfar an fógra achomhairc a sheirbheáil ar aon duine nach mbeidh seirbheáilte cheana féin.


3 — ACHOMHAIRC ÁIRITHE FAOI REACHT


6 An tAcht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair, 2005

6. (1) Sa riail seo—

ciallaíonn “Acht 2005” an tAcht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair, 2005 (Uimh. 10 de 2005).

(2) I gcás go mbeidh achomharc tionscanta ar an tslí a fhorordaítear—

(a) faoi alt 66(7) d’Acht 2005 i gcoinne fógra feabhsúcháin,

(b) faoi alt 67(7) d’Acht 2005 i gcoinne fógra toirmisc, nó

(c) faoi alt 72(3) d’Acht 2005 i gcoinne fógra faisnéise,

ní foláir don iarratasóir a chinntiú go ndéanfar cóip d’aon ordú ón gCúirt arna dhéanamh de dhroim an achomhairc a sheirbheáil go pras ar an bhfreagróir agus ar aon duine eile dá ndéanfaidh an t-ordú difear go díreach.

(3) I gcás go ndéanfar iarratas a thionscnamh ar an tslí a fhorordaítear faoi alt 67(6) d’Acht 2005 chun fógra toirmisc a fhionraí, ní foláir don iarratasóir a chinntiú go ndéanfar cóip d’aon ordú ón gCúirt arna dhéanamh de dhroim an iarratais, lena n-ordaítear go ndéanfar oibriú fógra toirmisc a fhionraí, a sheirbheáil go pras ar an bhfreagróir agus ar aon duine eile dá ndéanfaidh an t-ordú difear go díreach. 

7 An tAcht Meabhair-Shláinte, 2001

7. (1) Sa riail seo— ciallaíonn “an tAcht” an tAcht Meabhair-Shláinte, 2001 (Uimh. 25 de 2001); tá le gach ceann de na habairtí “ionad ceadaithe”, “ionad”, “Coimisiún”,

agus “dílseánach cláraithe” an bhrí a thugtar dóibh leis an Acht.

(2) Maidir le hachomharc faoi alt 65(1) den Acht:

(a) ó dhílseánach cláraithe nó, de réir mar a bheidh,

(b) ó dhuine a bhfuil ar intinn aige nó aici bheith ina dhílseánach nó ina dílseánach cláraithe

ar ionad ceadaithe, i gcoinne breith ón gCoimisiún:

(i) diúltú an t-ionad a chlárú;

(ii) an t-ionad a bhaint den chlár, nó

(iii) coinníoll a chur ag gabháil le clárú an ionaid nó coinníoll atá ag gabháil le clárú an ionaid a leasú nó a chúlghairm

féadfar é a dhéanamh chun an Bhreithimh a bheidh sannta don dúiche Chúirte ina bhfuil an t-ionad lena mbaineann, ag aon suí den Chúirt don dúiche Chúirte sin.

(3) Ní foláir don achomharcóir an fógra achomhairc, i bhFoirm 40D.02, Sceideal C, a sheirbheáil ar an gCoimisiún tráth nach déanaí ná seacht lá roimh an dáta fillte.

(4) Ní foláir cóip den bhreith ón gCoimisiún a ndéanfar an t-achomharc ina coinne a bheith i gceangal leis an bhfógra achomhairc.

(5) Ní foláir dearbhú reachtúil i dtaobh sheirbheáil an fhógra achomhairc a chomhdú leis an gCléireach dhá lá ar a laghad roimh an dáta fillte. 

8 Acht na nArm Teine, 1925 (arna leasú leis an Acht um Cheartas Coiriúil, 2006)

8. (1) Sa riail seo, ciallaíonn “an tAcht” Acht na nArm Teine, 1925; tá leis an abairt “duine eisiúna” an bhrí a thugtar di leis an Acht.

(2) D’ainneoin riail 2(2), féadfaidh duine arb éagóir leis nó léi breith dá dtagraítear in alt 15A(1) den Acht ó dhuine eisiúna achomharc a dhéanamh faoi alt 15A den Acht (a cuireadh isteach le halt 43 den Acht um Cheartas Coiriúil, 2006) laistigh den tréimhse a shonraítear in alt 15A(2) den Acht.

(3) Ní foláir achomharc faoi alt 15A den Acht a dhéanamh trí fhógra achomhairc i bhFoirm 40D.01, Sceideal C, fara cibé modhnuithe is gá.

(4) Ní foláir don Chléireach an fógra achomhairc a eisiúint agus ní foláir é a sheirbheáil de réir fhorálacha Ordú 41 ar an duine eisiúna 14 lá ar a laghad roimh an dáta fillte.

* Nóta Maidir le forálacha i leith achomhairc chun na Cúirte Dúiche:
- faoin Acht um Gheall-Chur, 1931, tagraítear dóibh in Ordú 64 de na Rialacha seo.
- faoin Acht um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956, tá siad in Ordú 66 de na Rialacha seo.
- faoin Acht um Bailiúcháin Sráide agus ó Theach go Teach, 1941B, tá siad in Ordú 88 de na Rialacha seo.
- faoin Acht um Fhiadhúlra, 1976, tá siad in Ordú 89 de na Rialacha seo.
- faoin Acht Seirbhísí Dóiteáin, 1981, tá siad in Ordú 92 de na Rialacha seo.
- faoi Acht na dTithe (Teaghaisí Príobháideacha ar Cíos), 1982, tá siad in Ordú 93 de na Rialacha seo.
- faoi na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre, 1961 go 1987, tá siad in Ordú 97 de na Rialacha seo.
- faoin Acht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair, 1989, forordaítear iad i rialacháin dar teideal Na Rialacháin Cúirte Dúiche (An tAcht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair, 1989), 1989 (I.R. Uimh. 275 de 1989).