Ordú: 40E

Imeachtai arna dtionscnamh trí thoghairm a eisiúnt in ábhair seachas ábhair choiriúla* : I.R. Uimh. 17 de 2014

Nasc gaolmhara
S.I. No. 17 of 2014 - provisions overview

1. Iarratas ar thoghairm

1. (1) Maidir le haon chás ina bhforáiltear leis na Rialacha seo go mbeidh iarratas chun na Cúirte le déanamh nó go mbeidh imeachtaí sibhialta le tionscnamh sa Chúirt trí thoghairm shibhialta, ansin féadfaidh an t-iarratasóir, an páirtí tionscnaimh nó an t-éilitheoir iarratas a dhéanamh chun an Chléirigh don cheantar Cúirte ina mbeidh an t-iarratas le déanamh nó ina mbeidh na himeachtaí le tionscnamh chun toghairm shibhialta a eisiúint le haghaidh seirbheála.

(2) Nuair a bheidh ar intinn imeachtaí (nach imeachtaí lena mbaineann Acht na gCúirteanna (Uimh. 3), 1986) a thionscnamh sa Chúirt Dúiche i gcoinne duine agus gur gá toghairm a eisiúint lena gceanglófar ar an duine sin láithriú os comhair na Cúirte ar ábhar nó ar shaincheist a bhfuil dlínse ag an gCúirt é nó í a éisteacht agus a chinneadh trí thoghairm, féadfar iarratas chun an toghairm a shíniú agus a eisiúint a dhéanamh, mura bhforáiltear a mhalairt le hachtachán nó leis na Rialacha seo, chun an Chléirigh don cheantar Cúirte ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine sin nó ina seolann sé nó sí aon ghairm, gnó nó slí bheatha. 

2 Foirm na toghairme agus toghairm a shíniú agus a eisiúint

2. (1) Ní foláir don iarratasóir ar an toghairm a eisiúint toghairm a comhlánaíodh go cuí, a fhéadfaidh a bheith i bhFoirm 40E.01, Sceideal C (fara cibé modhnuithe is cuí don chás), a thaisceadh leis an gCléireach mar aon le cóip nó cóipeanna le haghaidh seirbheála.

(2) Ní foláir sonraí i dtaobh an fhaoisimh a bheidh á lorg a áireamh sa toghairm de réir mar is cuí don chás.

(3) Ní foláir don Chléireach, mura bhforáiltear a mhalairt le hachtachán nó leis na Rialacha seo, an t-ábhar nó an tsaincheist a liostú lena éisteacht nó lena héisteacht ag suí den Chúirt, áit, dáta agus am na héisteachta a thaifeadadh ar an toghairm agus ar chóipeanna di agus, tar éis dó nó di an toghairm agus cóipeanna di a shíniú agus a dhátú, iad a eisiúint chuig an iarratasóir lena seirbheáil. 

3 An Chúirt ar a mbeidh an toghairm le filleadh

3. Ní foláir le gach toghairm a eiseofar faoin Ordú seo go gceanglófar ar gach duine ar chuige nó chuici a bheidh sí dírithe láithriú ag suí den Chúirt:

(a) ag a bhfuil dlínse chun déileáil leis an ábhar nó leis an tsaincheist a leagfar amach sa toghairm;
(b) don cheantar Cúirte dá bhfuil an Cléireach a eiseoidh an toghairm sannta;
(c) laistigh den dúiche Chúirte ina bhfuil dlínse ag Breitheamh den Chúirt Dúiche i ndáil leis an ábhar nó leis an tsaincheist.

4 Seirbheáil agus comhdú

4. Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt, beidh feidhm ag forálacha Ordú 41 (Doiciméid a Sheirbheáil) maidir le toghairmeacha a shíneofar agus a eiseofar in imeachtaí lena mbaineann an tOrdú seo. 

5 Beidh feidhm (go páirteach) ag Ordú 15

5. Beidh feidhm ag forálacha rialacha 4, 5, 6, 7, 8 agus 9 (fara aon mhodhnuithe is gá) d’Ordú 15 maidir le toghairmeacha a shíneofar agus a eiseofar in imeachtaí lena mbaineann an tOrdú seo.

*Nóta: Tá forálacha a bhaineann le toghairmeacha a eisiúint i leith cionta in Ordú 15 de na Rialacha seo.