Ordú: 12B

Imeachtaí a thaifeadadh : I.R. Uimh. 99 de 2013

1. (1) Féadfar na Rialacha Cúirte Dúiche (Imeachtaí a Thaifeadadh), 2013 a ghairm de na Rialacha seo agus tiocfaidh siad i ngníomh an 8ú lá d’Aibreán 2013.

(2) Forléireofar na Rialacha seo i dteannta na Rialacha Cúirte Dúiche, 1997 (I.R. Uimh. 93 de 1997) agus i dteannta na Rialacha Cúirte Dúiche eile go léir.

(3) Féadfar na Rialacha Cúirte Dúiche, 1997 go 2013 a ghairm de na Rialacha Cúirte Dúiche arna leasú leis na Rialacha seo.

2. Leasaítear na Rialacha Cúirte Dúiche, 1997:

...

(ii) tríd an Ordú seo a leanas a chur isteach mar Ordú 12B díreach i ndiaidh Ordú 12A:
“Ordú 12B Imeachtaí a Thaifeadadh

1. San Ordú seo—
ciallaíonn ‘taifead’ taifead comhaimseartha ar na himeachtaí lena mbaineann arna dhéanamh ar aon mhodh amháin nó níos mó, lena n-áirítear na modhanna seo a leanas, gan teorainn—
(a) aon nóta luathscríbhneoireachta nó nóta eile, cibé acu a bheidh sé scríofa, clóscríofa nó clóite, agus

(b) aon fhuaimthaifeadadh nó taifeadadh eile is féidir a atáirgeadh i bhfoirm inléite nó inchloiste nó in amharcfhoirm agus a bheidh ceadaithe ag an gcúirt;

ciallaíonn ‘scríbhneoir trascríbhinne’ aon duine (lena n-áirítear comhlacht corpraithe a bheidh ag gníomhú trína fhostaí nó trína chonraitheoir) a bheidh ceaptha ag an tSeirbhís Chúirteanna chun trascríbhinn a dhéanamh den taifead.

2. (1) Ag triail nó éisteacht aon imeachtaí sibhialta os comhair na Cúirte, féadfaidh páirtí, le cead ón gCúirt agus faoi réir agus de réir aon ordachán ón gCúirt, taifead ar na himeachtaí a dhéanamh, nó a chur faoi deara é a dhéanamh, agus beidh na nithe seo a leanas sa taifead sin—
(a) an fhianaise ó bhéal;

(b) aon óráid nó aighneachtaí ó abhcóide nó aturnae;
(c) breithiúnas nó rialú an Bhreithimh (mura breithiúnas nó rialú scríofa é).

(2) Is é nó is í an páirtí a dhéanfaidh taifead, nó a chuirfidh faoi deara taifead a dhéanamh, i gcás dá dtagraítear sa riail seo a íocfaidh an costas a ghabhann leis an taifead a tháirgeadh.

3. Ní dhéanfaidh aon duine, seachas duine arna cheapadh nó arna ceapadh ag an tSeirbhís Chúirteanna, an taifead ar aon imeachtaí coiriúla ná ní chuirfidh aon duine faoi deara é a dhéanamh seachas duine den sórt sin, agus beidh sa taifead sin na haighneachtaí go léir a rinne abhcóide nó aturnae i gcúrsa na trialach agus aon aighneachtaí arna ndéanamh mar mhaolú ar an bpianbhreith.

4. Mura rud é:

(a) go gceadaítear a mhalairt leis an Ordú seo agus dá réir, nó

(b) go gceadaíonn an Chúirt a mhalairt agus, sa chás sin, faoi réir agus de réir aon ordachán ón gCúirt,

ní dhéanfaidh aon duine, seachas an tSeirbhís Chúirteanna nó duine a bheidh údaraithe aici thar a ceann, aon taifead ar imeachtaí ar shlí seachas le nótaí i scríbhinn nó le nótaí luathscríbhneoireachta.

5. (1) Aon pháirtí nó duine a mbeidh rochtain á lorg aige nó aici ar aon chuid de thaifead ar imeachtaí atá i seilbh na Cúirte nó a shealbhaítear thar ceann na Cúirte (dá ngairtear an ‘taifead iomchuí’ sa riail seo), féadfaidh sé nó sí iarratas a dhéanamh chun na Cúirte trí fhógra iarratais (i bhFoirm 12B.1, Sceideal C) arna shíniú ag an bpáirtí tionscnaimh nó ag an aturnae don pháirtí tionscnaimh a eisiúint agus a sheirbheáil. Beidh mionnscríbhinn mar fhoras le gach fógra den sórt sin.

(2) Déanfar an fógra sin agus cóip den mhionnscríbhinn a sheirbheáil ar na páirtithe nó ar an bpáirtí nó na páirtithe eile sna himeachtaí de réir fhorálacha Ordú 10 seacht lá ar a laghad roimh an dáta a bheidh socraithe chun an t-iarratas a éisteacht.

(3) Nuair a bheidh an tseirbheáil déanta, déanfar an bhunchóip den fhógra sin agus den mhionnscríbhinn sin, mar aon le dearbhú reachtúil á rá gur seirbheáladh an céanna, a thaisceadh leis an gCléireach ceithre lá ar a laghad roimh an dáta a bheidh socraithe le haghaidh na héisteachta sin.

(4) Féadfaidh an Chúirt, ar an dáta a bheidh céadsocraithe chun an t-iarratas a éisteacht:

(a) a ordú go ndéanfar cóipeanna den fhógra foriarratais agus den mhionnscríbhinn a sheirbheáil ar aon duine eile a measfaidh an Chúirt go bhfuil leas leordhóthanach aige nó aici san iarratas nó go bhféadfaidh an t-iarratas difear a dhéanamh dó nó di;

(b) teorainneacha ama a shocrú chun aon mhionnscríbhinn freagartha a sheachadadh.

(5) Féadfaidh an Chúirt, chun aon iarratas den sórt sin a bhreithniú, inneachar an taifid iomchuí a athbhreithniú go príobháideach.

(6) Faoi réir fhoriail (7), féadfaidh an Chúirt, i gcás go measann sí gur gá déanamh amhlaidh ar mhaithe leis an gceartas, cibé rochtain ar an taifead iomchuí lena mbaineann go léir, nó ar cibé cuid de a bheidh sonraithe san ordú arna dhéanamh ar an iarratas, a cheadú don iarratasóir agus sin ar cibé modh agus ag cibé tráth nó tráthanna a bheidh sonraithe san ordú sin agus ar cibé téarmaí agus faoi cibé coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí lena gcuirtear srian ar an iarratasóir an taifead iomchuí go léir, nó aon chuid de, a fhoilsiú, a scaipeadh nó a nochtadh tuilleadh, agus gealltanas chuige sin a thabhairt) de réir mar a ordóidh an Chúirt.

(7) Mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, déanfar rochtain ar an taifead iomchuí lena mbaineann, i gcás go gceadaítear é faoi fhoriail (6), a thabhairt trí thrascríbhinn den taifead sin go léir, nó d’aon chuid de, a thabhairt don iarratasóir, ar an iarratasóir d’íoc táille an scríbhneora trascríbhinne leis an scríbhneoir trascríbhinne as an trascríbhinn a tháirgeadh, agus ar an tslí sin amháin.”.

3. Déanfar an Fhoirm darb uimhir 12B.1 sa Sceideal a chur leis na Foirmeacha i Sceideal C a ghabhann leis na Rialacha Cúirte Dúiche, 1997, díreach i ndiaidh Fhoirm 7.6.