Leasuithe ar: Ordú 19

I.R. Uimh. 585 de 2011: Na Rialacha Cúirte Dúiche (An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil, 2010), 2011

1. (1) Féadfar na Rialacha Cúirte Dúiche (An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil, 2010), 2011 a ghairm de na Rialacha seo agus tiocfaidh siad i ngníomh an 10ú lá de Nollaig 2011.

(2) Forléireofar na Rialacha seo i dteannta na Rialacha Cúirte Dúiche, 1997 (I.R. Uimh. 93 de 1997) agus i dteannta na Rialacha Cúirte Dúiche eile go léir.

(3) Féadfar na Rialacha Cúirte Dúiche, 1997 go 2011 a ghairm de na Rialacha Cúirte Dúiche arna leasú leis na Rialacha seo.

2.` Leasaítear na Rialacha Cúirte Dúiche, 1997:

(i) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) d’fhoriail (5) de riail 2 d’Ordú 19:

“(5) (a) Más deimhin leis an gCúirt, i gcás duine a rinneadh a athchur faoi choimeád, nach féidir é nó í a thabhairt os comhair na Cúirte i ndeireadh na tréimhse athchuir—

(i) de dheasca tinnis nó tionóisce, nó

(ii) ar aon chúis mhaith dhóthanach eile,

féadfaidh an Chúirt, gan an duine a bheith i láthair, an duine sin a athchur go ceann cibé tréimhse breise, is féidir a bheith níos faide ná cúig lá dhéag, a mheasfaidh an Chúirt a bheith réasúnach. Beidh an barántas cimithe de réir Fhoirm 19.2,, Sceideal B.”;.

.....
3. (1) Déanfar an Fhoirm darb uimhir 19.2 sa Sceideal a chur in ionad na Foirme ar a bhfuil an uimhir chéanna i Sceideal B a ghabhann leis na Rialacha Cúirte Dúiche, 1997.
....