Ordú 89

Fiadhúlra

Mínithe

1. San Ordú seo—

ciallaíonn ‘‘an tAcht’’ an tAcht um Fhiadhúlra, 1976 (Uimh. 39 de 1976);

ciallaíonn ‘‘an tAire’’ an tAire Airgeadais.

Ionad le haghaidh achomhairc faoi alt 29 (7)

2. (1) Maidir le hachomharc de bhun alt 29 (7) den Acht i gcoinne diúltú ón Aire ceadúnas chun fiach le hairm thine a dheonú nó a athnuachan, féadfar é a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don cheantar cúirte ina bhfuil gnáthchónaí ar an achomharcóir nó, más rud é go bhfuil gnáthchónaí ar an achomharcóir lasmuigh den Stát, ag aon suí den Chúirt don cheantar cúirte ina bhfuil cónaí air nó uirthi go sealadach.

Foirm an fhógra

(2) Sula ndéanfar an t-achomharc sin, déanfar fógra san fhoirm chuí (Foirm 89.1, Sceideal C), arna síniú ag an achomharcóir nó ag an aturnae thar ceann an achomharcóra, a eisiúint agus a sheirbheáil.

Fógra a sheirbheáil agus a thaisceadh

(3) Déanfar an fógra sin a sheirbheáil ar an Aire leis an bpost réamhíoctha cláraithe ceithre lá dhéag ar a laghad roimh dhá ta éisteachta an achomhairc agus déanfar cóip de, mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh é, a thaisceadh leis an gCléireach dhá lá ar a laghad roimh dháta na héisteachta sin.

Ordú ón gCúirt

(4) Is de réir Fhoirm 89.2, Sceideal C, a bheidh an t-ordú ón gCúirt a éistfidh an t-achomharc sin.

(5) Más rud é go gceadóidh an Chúirt an t-achomharc, déanfaidh an Cléireach, a luaithe is féidir, cóip den ordú ón gCúirt a chur chuig an Aire.

Ionad le haghaidh iarratais ar dheimhniu

3. (1) Maidir le hiarratas chun deimhniú a dheonú á údarú go n-eiseofar ceadúnas nó go ndéanfar ceadúnas a athnuachan chun gnó a sheoladh mar dhéileálaí i bhfiadhúlra de bhun alt 48 den Acht, féadfar é a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don cheantar cúirte ina bhfuil an t-áitreabh dá mbeifear ag lorg an deimhnithe.

Foirm an fhógra

(2) Sula ndéanfar an t-iarratas sin, déanfar fógra san fhoirm chuí (Foirm 89.3, Sceideal C), arna síniú ag an iarratasóir nó ag an aturnae thar ceann an iarratasóra, a eisiúint agus a sheirbheáil.

Fógra a sheirbheáil

(3) Déanfar an fógra sin a sheirbheáil ar an Aire leis an bpost réamhíoctha cláraithe ceithre lá dhéag ar a laghad roimh dháta éisteachta an iarratais agus déanfar cóip de, mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh é, a thaisceadh leis an gCléireach dhá lá ar a laghad roimh dháta na héisteachta sin.

Ordú ón gCúirt

(4) Más rud é go ngéillfear don iarratas, is de réir Fhoirm 89.4, Sceideal C, a bheidh an deimhniú.

Ionad le haghaidh iarratais chun ceadúnas a leasu

4. (1) Féadfar iarratas chun ceadúnas déileálaí i bhfiadhúlra a leasú de bhun alt 48 (7) den Acht a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don cheantar cúirte inar deonaíodh an deimhniú á údarú go n-eiseofar ceadúnas.

Foirm an fhógra

(2) Sula ndéanfar an t-iarratas sin, déanfar fógra san fhoirm chuí (Foirm 89.5, Sceideal C) a chomhlánú, agus taiscfear é leis an gCléireach dhá lá ar a laghad roimh dháta éisteachta an iarratais.

Ceadúnas a chúlghairm

5. Más rud é, de bhun alt 49 (1) den Acht, go gcúlghairfidh an Chúirt ceadúnas déileálaí i bhfiadhúlra, déanfaidh an Cléireach, a luaithe is féidir, cóip den ordú ón gCúirt a chur chuig an Aire.

6. Más rud é, de bhun alt 75 den Acht, go ndéanfaidh an Chúirt deimhniú airm tine nó ceadúnas chun fiach le hairm thine a chúlghairm agus dícháiliú a fhorchur, déanfaidh an Cléireach, a luaithe is féidir, cóip den ordú ón gCúirt a chur chuig an Aire.

Ionad le haghaidh achomhairc faoi alt 77

7. (1) Féadfar achomharc de bhun alt 77 den Acht i gcoinne urghabhaíl agus coinneáil faoin Acht a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don cheantar cúirte ina ndearnadh an urghabháil agus an choinneáil sin.

Foirm an fhógra

(2) Sula ndéanfar an t-achomharc sin, déanfar fógra san fhoirm chuí (Foirm 89.6, Sceideal C), arna síniú ag an achomharcóir nó ag an aturnae thar ceann an achomharcóra, a eisiúint agus a sheirbheáil.

Fógra a sheirbheáil

(3) Déanfar an fógra sin a sheirbheáil ar gach duine a mbaineann an t-achomharc go díreach leis nó léi, de réir fhorálacha alt 3 den Acht, seacht lá ar a laghad nó, más rud é go seirbheálfar é leis an bpost réamhíoctha cláraithe, ceithre lá dhéag ar a laghad roimh dháta éisteachta an achomhairc.

Fógra a thaisceadh

(4) Déanfar cóip den fhógra sin, mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh é, a thaisceadh leis an gCléireach dhá lá ar a laghad roimh dháta na héisteachta sin.

Ordú ón gCúirt

(5) Is de réir Fhoirm 89.789.8, Sceideal C, de réir mar a bheidh, a bheidh an t-ordú ón gCúirt a éistfidh an t-achomharc sin.

Ionad le haghaidh achomhairc faoi alt 78 (5)

8. (1) Féadfar achomharc de bhun alt 78 (5) den Acht i gcoinne treorach faoi alt 78 (3) den Acht a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don dúiche chúirte ina ngníomhaíonn an Feidhmeannach Síochána a thug an treoir.

Foirm an fhógra

(2) Sula ndéanfar an t-achomharc sin, déanfar fógra san fhoirm chuí (Foirm 89.9, Sceideal C), arna síniú ag an achomharcóir nó ag an aturnae thar ceann an achomharcóra, a eisiúint agus a sheirbheáil.

Fógra a sheirbheáil

(3) Déanfar an fógra sin a sheirbheáil ar an duine ar ar iarratas uaidh nó uaithi a tugadh an treoir agus ar an bhFeidhmeannach Síochána a thug an treoir. Déanfar é a sheirbheáil de réir fhorálacha alt 3 den Acht tráth nach déanaí ná ceithre lá tar éis an treoir sin a thabhairt, agus déanfar cóip den fhógra, mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh O.89, r.8 é, a thaisceadh leis an gCléireach ansin.

Ordú on gCúirt

(4) Is de réir Fhoirm 89.10, nó 89.11, Sceideal C, de réir mar a bheidh, a bheidh an t-ordú ón gCúirt ar an achomharc sin a éisteacht.

Iarratas chun dul isteach ar thalamh a thoirmeasc

— ionad lena

9. (1) Féadfar iarratas de bhun alt 68 (5) den Acht ar ordú á thoirmeasc ar oifigeach údaraithe dul isteach ar thalamh a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don dúiche chúirte ina bhfuil an talamh.

— fógra ina thaobh

(2) Sula ndéanfar an t-iarratas sin, déanfar fógra i bhFoirm 89.12, Sceideal C, a eisiúint agus a sheirbheáil ar an bhfreagróir (an t-oifigeach údaraithe) de réir fhorálacha alt 3 den Acht. Déanfar an tseirbheáil seacht lá ar a laghad nó, más rud é go mbeidh an fógra á sheirbheáil leis an bpost réamhíoctha cláraithe, ceithre lá dhéag ar a laghad roimh an dáta a bheidh socraithe chun an t-iarratas a éisteacht. Déanfar an fógra bunaidh, mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh é, a thaisceadh ansin leis an gCléireach dhá lá ar a laghad roimh an dáta sin don éisteacht.

— ordú ón gCúirt

(3) Is de réir Fhoirm 89.13, Sceideal C, a bheidh an t-ordú ón gCúirt ar an iarratas a éisteacht.

Iarratas ar bharátas cuardaigh

— ionad lena aghaidh

10. (1) Féadfar iarratas a dhéanfar chuig Breitheamh den Chúirt Dúiche á iarraidh go n-eiseofar barántas cuardaigh de bhun alt 73 den Acht a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don dúiche chúirte ina bhfuil an t-áitreabh nó an talamh eile ar ina leith a lorgaítear an barántas.

— trí fhaisnéis faoi mhionn

(2) Is tríd an bhfaisnéis faoi mhionn agus i scríbhinn, i bhFoirm 89.14, Sceideal C, ón gcomhalta den Gharda Síochána nó ón duine údaraithe a bheidh ag lorg an bharántais a dhéanfar an t-iarratas sin.

— foirm an bharantais

(3) Is de réir Fhoirm 89.1589.16, Sceideal C, de réir mar is cuí, a bheidh aon bharántas cuardaigh a eiseofar de bhun na faisnéise sin.