Ordú: 33

Orduithe cúitimh

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

No33-S.I. No. 539 Of 2004: District Court (Children) Rules, 2004
No33-S.I. No. 106 Of 2009: District Court (Consumer Protection Act 2007) Rules 2009

Léiriu

1. San Ordú seo—

ciallaíonn ‘‘an tAcht’’ an tAcht um Cheartas Coiriúil, 1993 (Uimh. 6 de 1993);

tá le ‘‘ordú cúitimh’’ an bhrí a shanntar dó le halt 6 den Acht;

folaíonn tagairtí do dhuine ciontaithe, i gcásanna lena mbaineann alt 99 den Children Act, 1908, tagairtí do thuismitheoir nó do chaomhnóir an duine sin;

folaíonn tagairtí do dhuine a chiontú tagairtí do dhéileáil le duine faoi alt 1 (1) den Probation of Offenders Act, 1907.

Ordú cúitimh
— foirm an ordaithe

2. (1) Más rud é, ar dhuine a chiontú i gcion, go ndéanfaidh an Chúirt ordú cúitimh faoi alt 6 (1) den Acht ag ordú don duine sin nó, de réir mar a bheidh, do thuismitheoir nó do chaomhnóir an duine sin, cúiteamh a íoc i leith díobhála pearsanta nó caillteanais phearsanta le páirtí díobhálaithe, is i bhFoirm  33.133.233.3 nó 33.4, Sceideal B, de réir mar is cuí, a bheidh an t-ordú cúitimh sin.

— ordú a sheirbheáil

(2) Déanfaidh an Cléireach cóip dheimhnithe den ordú sin a thabhairt don duine ciontaithe (nó, de réir mar a bheidh, do thuismitheoir nó do chaomhnóir an duine sin) agus don pháirtí díobhálaithe, nó a chur leis an bpost cláraithe réamhíoctha chucu, agus coinneoidh sé nó sí an t-ordú bunaidh agus na deimhnithe postá la ina choimeád nó ina coimeád.

— oibriú ordaithe a fhionraí

(3) De réir fhorálacha alt 8 (1) den Acht, déanfar oibriú ordaithe cúitimh a fhionraí—

(a) in aon chás, go dtí go mbeidh an ghná th-thréimhse ama chun fógra achomhairc (cibé acu i gcoinne an chiontaithe lena mbaineann an t-ordú nó i gcoinne na pianbhreithe) dulta in éag, is é sin le rá, go dtí go mbeidh ceithre lá dhéag caite ó dháta an chiontaithe nó na pianbhreithe, agus

(b) i gcás ina dtabharfar an fógra réamhráite laistigh den tréimhse ama sin nó laistigh de cibé tréimhse ama bhreise a cheadóidh an chúirt a dtabharfar an t-achomharc os a comhair, go dtí go ndéanfar an t-achomharc nó aon achomharc eile ina choinne a chinneadh go críochnaitheach nó a thréigean nó go mbeidh an ghnáth-thréimhse ama chun aon achomharc eile a thionscnamh dulta in éag.

(4) Más rud é go ndéanfar fógra achomhairc i gcoinne ordaithe cúitimh arna dhéanamh ag an gCúirt Dúiche a thabhairt go cuí, déanfar oibriú an ordaithe a fhionraí de réir fhorálacha alt 8 (1) (b) den Acht.

— an tráth nach nglacfaidh ordú é ifeacht

(5) I gcás ina ndéanfar oibriú ordaithe cúitimh a fhionraí faoin alt sin 8 (1) (b), ní ghlacfaidh an t-ordú é ifeacht má dhéantar an ciontú lena mbaineann a fhreaschur ar achomharc.

(6) Más rud é go ndearnadh ordú cúitimh i gcoinne duine i leith ciona a cuireadh san áireamh le linn a phianbhreith nó a pianbhreith a chinneadh, scoirfidh an t-ordú d’éifeacht a bheith leis má dhéanann an duine sin achomharc i gcoinne a chiontaithe nó a ciontaithe sa chion, nó, má tá níos mó ná cion amháin ann, sna cionta go léir inar ciontaíodh an duine sin sna himeachtaí ina ndearnadh an t-ordú, agus má éiríonn leis nó léi san achomharc.

Iarratas ó dhuine ciontaithe faoi alt 6 (8) (a)
— ionad lena aghaidh

3. (1) Maidir le hiarratas faoi alt 6 (8) (a) den Acht ó dhuine ciontaithe a ndearnadh ordú cúitimh ina choinne nó ina coinne ar ordú chun an méid atá le híoc fós a laghdú, chun aon tráthchuid is iníoctha a athrú, nó á ordú nach n-íocfar aon íocaíochtaí nó íocaíochtaí eile faoin ordú, féadfar é a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don dúiche chúirte ina ndearnadh an t-ordú cúitimh.

— fógra ina thaobh a sheirbheáil agus a thaisceadh

(2) Sula ndéanfar iarratas den sórt sin, déanfar fógra i bhFoirm 33.5  33.6, Sceideal B, de réir mar is cuí, a eisiúint agus a sheirbheáil ar an bpáirtí díobhálaithe leis an bpost cláraithe réamhíoctha lá is fiche ar a laghad roimh an dáta a bheidh socraithe chun an t-iarratas a éisteacht. Nuair a bheidh an tseirbheáil déanta, déanfar an fógra bunaidh, mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh é, a thaisceadh leis an gCléireach seacht lá ar a laghad roimh an dáta é isteachta sin.

Ordú ón gCúirt

(3) Is i bhFoirm 33.7  33.8, Sceideal B, de réir mar is cuí, a bheidh an t-ordú ón gCúirt ar an iarratas a é isteacht, agus déanfaidh an Cléireach cóip dheimhnithe den ordú sin a thabhairt do gach ceann de na páirtithe nó a chur leis an bpost cláraithe réamhíoctha chucu.

Iarratas ó pháirtí díobhálaithe faoi alt 6 (8) (b)
— ionad lena aghaidh

4. (1) Maidir le hiarratas faoi alt 6 (8) (b) den Acht ó pháirtí díobhálaithe ar ordú lena méadófar an méid atá le híoc, méid aon tráthchoda nó líon na dtráthchodanna is iníoctha, faoi ordú cúitimh, féadfar é a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don dúiche chúirte ina ndearnadh an t-ordú cúitimh.

— fógra ina thaobh a sheirbheáil agus a thaisceadh

(2) Sula ndéanfar iarratas den sórt sin, déanfar fógra i bhFoirm 33.9  33.10, Sceideal B, de réir mar is cuí, a eisiúint agus a sheirbheáil ar an duine ciontaithe (nó, de réir mar a bheidh, ar thuismitheoir nó ar chaomhnóir an duine sin) leis an bpost cláraithe réamhíoctha lá is fiche ar a laghad roimh an dáta a bheidh socraithe chun an t-iarratas a é isteacht. Nuair a bheidh an tseirbheáil déanta, déanfar an fógra bunaidh, mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh é, a thaisceadh leis an gCléireach seacht lá ar a laghad roimh an dáta é isteachta sin.

Ordú ón gCúirt

(3) Is i bhFoirm 33.11  33.12, Sceideal B, de réir mar is cuí, a bheidh an t-ordú ón gCúirt ar an iarratas a éisteacht, agus déanfaidh an Cléireach cóip dheimhnithe den Ordú sin a thabhairt do gach ceann de na páirtithe nó a chur leis an bpost cláraithe réamhíoctha chucu.

Déanfaidh an Cléireach —
an t-ordú a chlárú, a chur in iú l don duine ciontaithe cá háit agus cathain a fhéadfar íocaíochtaí a dhéanamh

5. (1) Aon uair a dhéanfaidh an Chúirt Dúiche ordú cúitimh nó ordú faoi alt 6 (8) den Acht, nó aon uair a gheobhaidh an cléireach Cúirte Dúiche a shonraítear in ordú den sórt sin arna dhéanamh ag Cúirt eile fógra i dtaobh an chúirt eile do dhéanamh an ordaithe, déanfaidh an cléireach sin sonraí an ordaithe a chlárú agus cuirfidh sé nó sí na huaireanta an chloig agus na laethanta a bhféadfar íocaíochtaí faoin ordú a dhéanamh lena linn, agus an á it a bhféadfar na híocaíochtaí sin a dhéanamh, in iúl leis an ngnáthphost réamhíoctha don duine ciontaithe lena mbaineann (nó, de réir mar a bheidh, do thuismitheoir nó do chaomhnóir an duine sin).

— admháil a thabhairt ar íocaíochtaí agus iad a tharchur

(2) Tabharfaidh an cléireach sin admháil ar gach íocaíocht a dhéanfar leis nó léi faoin ordú agus tarchuirfidh sé nó sí na híocaíochtaí chuig an bpáirtí díobhálaithe lena mbaineann.

Orduithe a fhorghníomhú

6. Más rud é, chun a á irithiú go gcomhlíonfar ordú cúitimh nó ordú faoi alt 6 (8) den Acht, go ndéanfar iarratas chun na Cúirte — ar ordú astaithe tuillimh, nó — faoi alt 8 den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940, beidh feidhm ag forálacha iomchuí Ordú 56 (a bhaineann le hastú tuillimh) agus Ordú 57 (a bhaineann le himeachtaí faoin alt sin 8) de na Rialacha seo, fara aon mhodhnuithe is gá, agus féadfar na foirmeacha iomchuí a fhorordaítear iontu, arna n-oiriúnú go cuí, a úsáid. I ngach cás den sórt sin, déanfar tagairtí sna horduithe agus sna foirmeacha sin — don chreidiú naí cothabhála a fhorléiriú mar thagairtí don pháirtí díobhálaithe, agus — don fhéichiúnaí cothabhála a fhorléiriú mar thagairtí don duine ciontaithe nó, i gcás lena mbaineann alt 99 den Children Act, 1908, do thuismitheoir nó do chaomhnóir an duine sin.

Foirm an ordaithe cúirte faoi alt 9 (ii)

7. Más rud é gur mó an tsuim a íocadh faoi ordú cúitimh ná na damáistí arna measúnú ag an gCúirt in imeachtaí sibhialta arna dtionscnamh i leith na díobhála nó an chaillteanais lena mbaineann agus go ndéanfaidh an Chúirt ordú sna himeachtaí sin de réir fhorálacha mhír (ii) d’alt 9 den Acht go n-aisíocfar méid na breise leis an duine a ndearnadh an t-ordú cúitimh ina choinne nó ina coinne, is i bhFoirm 33.13, Sceideal B, a bheidh an t-ordú ón gCúirt sa chás sin.