Ordú 88

Bailiúcháin sráide agus ó theach go teach

Míniú

1. San Ordú seo, ciallaíonn ‘‘an tAcht’’ an tAcht um Bailiúcháin Sráide agus ó Theach go Teach, 1962 (Uimh. 13 de 1962).

Ionad le haghaidh Achomhairc faoi Alt 13 (1)

2. (1) Féadfar achomharc i gcoinne diúltú ó Ard-Cheannfort den Gharda Síochána cead bailiúcháin a dheonú, de bhun alt 13 (1) den Acht, a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don cheantar cúirte is aon chuid den líomatáiste ina mbeartaítear an bailiúchán lena mbaineann an cead bailiúcháin is ábhar don achomharc a sheoladh.

Foirm an fhógra

(2) Sula ndéanfar an t-achomharc sin, déanfar fógra san fhoirm chuí (Foirm 88.1, Sceideal C), arna síniú ag an achomharcóir nó ag an aturnae thar ceann an achomharcóra, a eisiúint agus a sheirbheáil.

Fógra a sheirbheáil

(3) Déanfar an fógra sin a sheirbheáil ar an Ard-Cheannfort seacht lá ar a laghad roimh dháta éisteachta an achomhairc.

Fógra a thaisceadh

(4) Déanfar cóip den fhógra sin, mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh é, a thaisceadh leis an gCléireach ceithre lá ar a laghad roimh dháta na héisteachta sin.

Ordú ón gCúirt

(5) Is de réir Fhoirm 88.2, Sceideal C, a bheidh an t-ordú ón gCúirt a éistfidh an t-achomharc sin.

Ionad le haghaidh achomhairc faoi alt 13 (2)

3. (1) Féadfar achomharc i gcoinne Ard-Cheannfort den Gharda Síochána do chur coinníll le cead bailiúcháin a deonaíodh, de bhun alt 13 (2) den Acht, a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don cheantar cúirte is aon chuid den líomatáiste ina mbeartaítear an bailiúchán lena mbaineann an cead bailiúcháin is ábhar don achomharc a sheoladh.

Foirm an fhógra

(2) Sula ndéanfar an t-achomharc sin, déanfar fógra san fhoirm chuí (Foirm 88.3, Sceideal C), arna síniú ag an achomharcóir nó ag an aturnae thar ceann an achomharcóra, a eisiúint agus a sheirbheáil.

Fógra a sheirbheáil

(3) Déanfar an fógra sin a sheirbheáil ar an Ard-Cheannfort seacht lá ar a laghad roimh dháta éisteachta an achomhairc.

Fógra a thaisceadh

(4) Déanfar cóip den fhógra sin, mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh é, a thaisceadh leis an gCléireach ceithre lá ar a laghad roimh dháta na héisteachta sin.

Ordú ón gCúirt

(5) Is de réir Fhoirm 88.4, Sceideal C, a bheidh an t-ordú ón gCúirt a éistfidh an t-achomharc sin.

Ionad le haghaidh Achomhairc faoi Alt 13 (3)

4. (1) Féadfar achomharc i gcoinne Ard-Cheannfort den Gharda Síochána do chúlghairm cead bailiúcháin, de bhun alt 13 (3) den Acht, a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don cheantar cúirte is aon chuid den líomatáiste ina mbeartaítear an bailiúchán lena mbaineann an cead bailiúcháin is ábhar don achomharc a sheoladh.

Foirm an fhógra

(2) Sula ndéanfar an t-achomharc sin, déanfar fógra san fhoirm chuí (Foirm 88.5, Sceideal C), arna síniú ag an achomharcóir nó ag an aturnae thar ceann an achomharcóra, a eisiúint agus a sheirbheáil.

Fógra a sheirbheáil

(3) Déanfar an fógra sin a sheirbheáil ar an Ard-Cheannfort seacht lá ar a laghad roimh dháta éisteachta an achomhairc.

Fógra a thaisceadh

(4) Déanfar cóip den fhógra sin, mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh é, a thaisceadh leis an gCléireach ceithre lá ar a laghad roimh dháta na héisteachta sin.

Ordú ón gCúirt

(5) Is de réir Fhoirm 88.6, Sceideal C, a bheidh an t-ordú ón gCúirt a éistfidh an t-achomharc sin.

Ionad le haghaidh iarratais faoi Alt 23(1)

5. (1) Féadfar iarratas ó Ard-Cheannfort den Gharda Síochána ar ordú faoi alt 23 (1) den Acht a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don cheantar cúirte is aon chuid den líomatáiste inar seoladh an bailiúchán de bhun cead bailiúcháin.

Foirm an fhógra agus an fógra a sheirbheáil

(2) Sula ndéanfar an t-iarratas sin, déanfar fógra i bhFoirm 88.7, Sceideal C, a eisiúint agus a sheirbheáil ar an duine (an freagróir) dár deonaíodh an cead bailiúcháin ar dá bhun a seoladh an bailiúchán. Déanfar an fógra a sheirbheáil ocht n-uaire an chloig is daichead, ar a laghad, sula n-éistfear an t-iarratas.

Fógra a thaisceadh

(3) Nuair a bheidh an tseirbheáil déanta, déanfar an fógra bunaidh, mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh é, a thaisceadh leis an gCléireach.

Ordú ó n gCúirt

(4) Más rud é go ngéillfear don iarratas, is de réir Fhoirm 88.8, Sceideal C, a bheidh an tOrdú. Tabharfar cóip dheimhnithe den ordú sin don fhreagróir nó cuirfear chuige nó chuici í.