Leasuithe ar: Ordú 35

I.R. Uimh. 92 de 2009: Na Rialacha Cúirte Dúiche (Foirmeacha) 2009

1. Na Rialacha Cúirte Dúiche (Foirmeacha) 2009 is teideal do na rialacha seo.

2. Tiocfaidh na rialacha seo i ngníomh an 23ú lá de Mhárta 2009 agus forléireofar iad i dteannta na Rialacha Cúirte Dúiche 1997 go 2009.

3. Leasaítear na Rialacha Cúirte Dúiche, 1997 (I.R. Uimh. 93 de 1997), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad riail 1 d’Ordú 35:

“1. (1) Maidir le hordú ina dtaifeadfar breith ó Bhreitheamh den Chúirt Dúiche, a mhéid a fhoráiltear le hailt 14(1) agus 14(2) d’Acht na gCúirteanna 1971 (arna n-ionadú le halt 23 den Acht um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2008) gur fianaise ar an mbreith sin in aon imeachtaí dlí é ordú arna shíniú amhlaidh, féadfaidh Breitheamh nó (ar choinníoll go gcomhlíonann an t-ordú ceanglais fho-riail (2)) aon Chléireach Cúirte Dúiche a bheidh sannta don cheantar Cúirte Dúiche ina ndearnadh an t-ordú é a shíniú.

(2) Nuair a bheartaítear aon ordú dá dtagraítear i bhfo-riail (1) a shíniú ag Cléireach Cúirte Dúiche, maidir le foirm an ordaithe:

(i) beidh ar áireamh inti, díreach i ndiaidh cheannteideal an ordaithe, na focail “AR ORDÚ AN BHREITHIMH ............, Breitheamh den Chúirt Dúiche”, agus sainaithneofar inti faoina ainm / faoina hainm an Breitheamh a rinne an t-ordú;

(ii) aithriseofar inti, i gcorp an ordaithe, go ndearna an Breitheamh sin an t-ordú, agus

(iii) i gcás foirm den ordú sin a fhéadfaidh Breitheamh a shíniú a bheith ar áireamh in aon Sceideal a ghabhann leis na Rialacha seo:

(a) áireofar inti, díreach i ndiaidh áit an tsínithe, in ionad na sonraíochta “Breitheamh den Chúirt Dúiche”, an tsonraíocht: “Cléireach Cúirte Dúiche atá sannta don cheantar Cúirte Dúiche sin”, agus

(b) beidh inti cibé modhnuithe eile is gá.


(3) Maidir le barántas arna eisiúint ag Breitheamh den Chúirt Dúiche, a mhéid a fhoráiltear le hailt 14(3) agus 14(4) d’Acht na gCúirteanna 1971 (arna n-ionadú le halt 23 den Acht um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2008) gur fianaise ar na nithe lena mbaineann an barántas in aon imeachtaí dlí é barántas arna shíniú amhlaidh, féadfaidh Breitheamh nó (ar choinníoll go gcomhlíonann an barántas ceanglais fho-riail (4)) aon Chléireach Cúirte Dúiche a bheidh sannta don cheantar Cúirte Dúiche inar eisíodh an barántas é a shíniú.

(4) Nuair a bheartaítear aon bharántas dá dtagraítear i bhfo-riail (3) a shíniú ag Cléireach Cúirte Dúiche, maidir le foirm an bharántais:

(i) beidh ar áireamh inti, díreach i ndiaidh cheannteideal an bharántais, na focail “AR ORDÚ AN BHREITHIMH .........., Breitheamh den Chúirt Dúiche”, agus sainaithneofar inti faoina ainm / faoina hainm an Breitheamh a d’eisigh an barántas;

(ii) aithriseofar inti, i gcorp an bharántais, go ndearna an Breitheamh sin ordú iomchuí, más ann, agus gur eisigh sé nó sí an barántas, agus

(iii) i gcás foirm den bharántas sin a fhéadfaidh Breitheamh a shíniú a bheith ar áireamh in aon Sceideal a ghabhann leis na Rialacha seo:

(a) aithriseofar inti, san aithne laistigh den bharántas, gur aithne de bhun ordú sin an Bhreithimh atá san aithne,

(b) beidh inti, díreach i ndiaidh áit an tsínithe, in ionad na sonraíochta “Breitheamh den Chúirt Dúiche”, an tsonraíocht: “Cléireach Cúirte Dúiche atá sannta don cheantar Cúirte Dúiche sin”, agus

(c) beidh inti cibé modhnuithe eile is gá.

(5) Más rud é go mbeidh gá le cóip d’ordú arna dhéanamh in aon chás dlínse achomaire, déanfaidh an Cléireach don cheantar cúirte ina ndearnadh an t-ordú an t-ordú a tharraingt suas agus síneoidh Breitheamh nó an Cléireach (ar choinníoll go gcomhlíonann an t-ordú ceanglais fho-riail (2)) é. Coinneoidh an Cléireach an t-ordú sin ina choimeád nó ina coimeád.

(6) Aon duine a bhfuil leas bona fide aige nó aici san ábhar, féadfaidh sé nó sí, ar an táille fhorordaithe (más ann) a íoc, cóip den ordú a fháil ón gCléireach, arna deimhniú ag an gCléireach de réir fhorálacha riail 4."