Ár bpolasaí ar rochtain
Is é chun áiseanna den chéad scoth a chur ar fáil d’úsáideoirí na gcúirteanna an aidhm atá againn, breithiúna, foireann, dlíodóirí, íospartaigh, finnéithe, daoine atá cúisithe, na meáin agus an pobal san áireamh.
Áiseanna a chur ar fáil d’úsáideoirí na cúirte ar fad
Bíonn cúinsí agus cásanna éagsúla ag gach duine a thagann os comhair na cúirte, chomh maith le leibheal tuisceana difriúl agus riachtanais phearsanta. Tuigimid ní stopann rochtain ag an leibhéal de rochtain fhisiciúil isteach, agus laistigh d’fhoirgnimh. Tá a fhios againn go gcaithfidh rochtain eolais, an tuiscint ar phróisis chúirte agus cuimsiú in imeachtaí cúirte a chur ar fáil in atmaisféar de chomhionannas.
Bearta a ghlacamar chun feabhas a chur ar rochtain chuig na cúirteanna:
- Is féidir leis an phobal agus na daoine le cásanna os comhair na cúirte dul in oiriúint le háiseanna éisteachta le húsáid a bhaint as lúba ionduchtúcháin atá mar chuid dár gcóras fógartha poiblí
- Tá comharthaíocht agus treoracha ag doirse, bealaí isteach agus amach ag na tithe cúirteanna ar fad.
- Tá comharthaíocht agus sonraí teagmhála na n-oifigí cúirte i mBraille
- Tá rampaí cathaoireacha róthaí le fáil i mórán tithe cúirteanna
- Is féidir le húsáideoirí na gcathaoireacha róthaí fianaise a thabhairt i mórán tithe cúirteanna ag barr na cúirte in aice chlár na mionn
Má tá fiosrúcháin ar bith agat, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Oifig Rochtana ar ríomhphost ag accessofficer@courts.ie
Rochtain ar thaifid éisteachtaí chúirte
Tá éisteachtaí cúirte faoi smacht ag an bhreitheamh os comhair cibé duine atá ag éisteacht leis na héisteachtaí. Caithfidh gach iarratas le haghaidh rochtain ar éisteacht chúirte a dhéanamh trí iarratas leis an bhreitheamh , sna himeachtaí a bhaineann sé leis de réir rialacha ábhartha na cúirte. Is faoin bhreitheamh cinneadh a dhéanamh má tá rochtain a chur at fáil agus cén chineál leagan amach a bheidh aige. De ghnáth bíonn ar an iarrthóir an lánchostas eacnamaíochta a íoc nuair a fhaigheann sé/sí taifid nó nuair a chuireann siad taifid ar fáil nuair atá cead rochtana tugtha.
Tá rialacha na cúirte leis an ghnás rialaithe a chaitear a leanúint nuair atá comhairle ag teastáil do thaifid na cúirte agus na téarmaí atá rochtain ceadaithe sna hionstraimí reachtúla seo a leanas:
S.I. No. 99 of 2013 - An Chúirt Dúiche (Taifeadadh na n-Imeachtaithe) Rialacha 2013
S.I. No. 100 of 2013 - An Cúirte Cuarda (Taifeadadh na n-Imeachtaithe) Rialacha 2012
S.I. No. 101 of 2013 - Rialacha na nUaschúirteanna (Ord 123) 2013.
Ár suíomh gréasáin
Tá an tSeirbhís Chúirteanna tiomanta chun ár suíomh gréasáin a dhéanamh inrochtana i gcomhréir le S.I. 358/2020.
Táimid tiomanta caighdeán AA a bhaint amach faoi WCAG 2.1 guidelines
Stádas
FDI Tá cuid mhór caipéisí foilsithe i bhfoirm FDI- nach bhfuil chomh hinrochtana leis na leathanaigh TMH do na daoine atá ag baint úsáide as teicneolachtaí cúnta. Seo iad cúpla de na fadhbanna a bhaineann leis na FDI:
- Níl leabharmharc orthu ( WCAG guideline 2.4.5 )
- Níl na táblaí sna FDI ainmhínithe go cruinn ( WCAG guideline 1.3.1 )
Tá na Breithiúnais nó na Cinntí ar an suíomh seo foilsithe i bhfoirm FDI mar tá an fhoirm seo inghlactha don chur i láthair agus le húsáid a bhaint as sa chúirt, chomh maith leis an chuimsiú i gcáipéisí a rinneadh os comhair na gcúirteanna. Tá cuidiú ag dul do leagan amach nuair atá uimhreacha leathanaigh agus ionad na n-alt ar an leathanach daingean, sa chaoi go bhfanann tagairtí a rinneadh an páirtí i seomra na cúirte seasmhach. Chun cabhrú le rochtain, tá breithiúnais fhoilsithe i bhfoirm Word chomh maith, nuair a chuirtear iad faoi choinne foilsitheoireachta.
Ní liosta iomlán é seo de ábhair nach féidir rochtain a fháil orthu.
Ábhar díolmhaithe
Tá cáipéisí FDI a foilsíodh roimh 23 Meán Fómhair 2018 díolmhaithe ó na treoirlínte seo ach amháin nuair atá baint acu le seirbhís atá de dhíth ag duine ón phobal.
Tá físeáin nó fuaim ar bith a foilsíodh roimh 23 Meán Fómhair 2020 díolmhaithe ó na treoirlínte seo
I gcúpla cuid den suíomh gréasáin seo, tá an téacs a úsáidtear níos dleathaíochta, de bharr an chineáil ábhar (mar shampla, rialacha cúirte, tagairtí don reachtaíocht agus breithiúnais chúirte)
Má tá fiosrúcháin nó tráchtanna ar bith agat ar rochtain an tsuímh, déan teagmháil le do thoil leis an stiúrthóir gréasáin ag webmaster@courts.ie.
Ár bhfoilsiúcháin
Déanaimid iarracht ár mbileoga agus leabhráin a chur i láthair i dteanga shimplí shothuigthe agus i bhfoirmeacha éagsúla. Tá ár bhfoilsiúcháin go léir foilsithe ar ár suíomh gréasáin i bhfoirm FDI. Tá go leor foilsithe i bhfoirm TMH chomh maith
Má tá aon deacrachtaí agat an rochtain a fháil ar an suíomh nó é a úsáid (Is cuma má tá míchumas ort), nó má tá moltaí ginearálta agat chun dearadh an tsuímh a fheabhsú, beimid lán sásta scéala a fháil uait. Seol ríomhphost le do chuid tráchtanna agus moltaí le do thoil chuig: webmaster@courts.ie.