Ordú: 36

Costais agus caiteachais fhinnéithe

Costais i gcásanna achomaire

1. Más rud é go ndéanfaidh an Chúirt ordú in aon chás dlínse achomaire (lena n-áirítear ordú chun cás a ‘‘scriosadh amach’’ d’uireasa dlínse), beidh cumhacht aici a ordú d’aon pháirtí sna himeachtaí seachas an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, nó comhalta den Gharda Síochána ag gníomhú i gcomhlíonadh a dhualgas nó a dualgas mar oifigeach póilíneachta, cibé costais agus caiteachais fhinnéithe a íoc leis an bpáirtí eile is cuí léi a dhámhachtain.

Costais atrátha

2. Ar aon imeachtaí a chur ar atráth, féadfaidh an Chúirt a ordú go n-íocfaidh páirtí aon chostais agus aon chaiteachais fhinnéithe a thabhófar i ndáil leis an atráth sin, gan spleáchas d’aon ordú eile a dhéanfar sa chás.

Caiteachais, an tslí is iníoctha

3. Aon chaiteachais fhinné ithe a ordófar a íoc, beidh siad iníoctha i cibé slí agus le cibé duine a ordóidh an Chúirt.

Ordú a fhorfheidhmiu

4. Más rud é nach mbeidh aon fhoráil sna Rialacha seo chun ordú ag dámhachtain costas nó caiteachas finnéithe a fhorfheidhmiú, féadfar na costais nó na caiteachais sin a ghnóthú trí bharántas tochsail.