Ordú: 47

Breithiúnas mainneachtana in éilimh i leith féich : I.R. Uimh. 17 de 2014

Nasc gaolmhara
S.I. No. 17 of 2014 - provisions overview

1 Féadfaidh éilitheoir iarratas a dhéanamh ar bhreithiúnas d’éagmais láithris nó cosanta

1. Más rud é nach ndéanfaidh freagróir a mbeidh fógra éilimh in éileamh i leith féich seirbheáilte air nó uirthi láithreas a sheirbheáil agus a chomhdú ná cosaint a sheirbheáil laistigh den tréimhse ama a bheidh forordaithe le hOrdú 42, nó laistigh d’aon tréimhse ama eile a bheidh socraithe ag an gCúirt chun a láithreas a sheirbheáil agus a chomhdú nó chun a chosaint nó a cosaint a sheirbheáil, féadfaidh an t-éilitheoir iarratas a dhéanamh ar ordú i dtaobh breithiúnas mainneachtana. 

2 Iarratas a bheidh le comhdú le Cléireach

2. (1) Ní foláir iarratas faoi riail 1 a chomhdú leis an gCléireach agus ní foláir a bheith ag gabháil leis—

    • (i) mionnscríbhinn nó dearbhú reachtúil (Foirm 41.01, 41.0241.03, Sceideal C, de réir mar is cuí) á rá go ndearnadh an fógra éilimh a sheirbheáil; agus

      (ii) deimhniú (Foirm  47.01, Sceideal C) a fhéadfar a fhormhuiniú ar an mionnscríbhinn i dtaobh féich a bheidh sínithe ag aturnae an éilitheora nó ag an éilitheoir (má bhíonn sé nó sí ag gníomhú i bpearsa) á rá nach bhfuarthas aon láithreas, aon fhógra lenar éilíodh sonraí ná aon chosaint ón bhfreagróir; agus

      (iii) mionnscríbhinn i dtaobh féich lena bhfíorófar éileamh an éilitheora (Foirm 47.0247.03, Sceideal C, de réir mar is cuí); agus

      (iv) foirm breithiúnais (foraithne) (Foirm 47.0447.05, Sceideal C, de réir mar is cuí).

(2) Más rud é, maidir le hiarratas faoi riail 1, gur iarratas é ó Aire Roinne Rialtais nó ó Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí nó ó chomhlacht nó ó dhuine eile a mbeidh teideal aige nó aici nó acu, le reacht, éileamh ar shuim a bheidh dlite a fhíorú le deimhniú faoi shéala a bheidh, le reacht, ina fhianaise ar na hábhair a dheimhneofar ann seachas é a fhíorú le mionnscríbhinn, féadfaidh an t-iarratasóir deimhniú den sórt sin a chomhdú, seachas mionnscríbhinn, chun an t-éileamh a fhíorú.

(3) I gcás go mbeidh freagróir tar éis toiliú le breithiúnas, a fianaíodh go cuí, a fhorghníomhú, féadfaidh an t-iarratasóir mionnscríbhinn (Foirm 47.06, Sceideal C) lena bhfíorófar an toiliú a chomhdú seachas mionnscríbhinn i dtaobh féich; agus i gcás gur toiliú é le breithiúnas chun íocaíocht a dhéanamh i dtráthchodanna, ní foláir an fhoirm breithiúnais (foraithne) i bhFoirm 47.07, Sceideal C a úsáid.

(4) Ní foláir an mhionnscríbhinn lena bhfíorófar éileamh an éilitheora a mhionnú (nó ní foláir an deimhniú a shonraítear i bhfo-riail (2) a thabhairt) laistigh de mhí amháin roimh an dáta ar a ndéanfar an t-iarratas ar bhreithiúnas. Ní fhéadfar breithiúnas a thabhairt i gcás nach ndearnadh an mhionnscríbhinn lena bhfíorófar éileamh an éilitheora a mhionnú (nó nach ndearnadh an deimhniú a shonraítear i bhfo-riail (2) a thabhairt) laistigh de mhí amháin roimh an dáta ar a ndéanfar an t-iarratas ar bhreithiúnas.

(5) I gcás go mbeidh éileamh i leith cáin bhreisluacha san iarratas ar bhreithiúnas, ní foláir go bhfíorófar leis an mionnscríbhinn (nó leis an deimhniú) cibé acu atá nó nach bhfuil cáin bhreisluacha iníoctha ag an éilitheoir ar a chostais nó ar a costais dhlíthiúla, agus más iníoctha, cibé acu atá nó nach bhfuil an tsuim is iníoctha inghnóthaithe ag an éilitheoir ó na Coimisinéirí Ioncaim. 

3 Ceanglais bhreise i gcás gur seirbheáladh an fógra éilimh lasmuigh den Stát

3. (1) I gcás go ndearnadh an fógra éilimh (nó fógra i dtaobh eisiúint an fhógra éilimh) a chur chuig an gcoigríoch lena sheirbheáil faoi fhorálacha an Rialacháin Seirbheála agus nach mbeidh láithreas agus cosaint seirbheáilte ná comhdaithe ag an bhfreagróir ná fógra tugtha aige nó aici go bhfuil ar intinn aige nó aici cosaint a dhéanamh, ní fhéadfar breithiúnas mainneachtana a thabhairt go dtí gur deimhin leis an gCúirt go ndearnadh forálacha Airteagal 19 den Rialachán Seirbheála a chomhlíonadh agus beidh feidhm ag forálacha Ordú 41A nó, de réir mar is cuí, forálacha Ordú 41B, maidir le haon iarratas den sórt sin.

(2) I gcás go ndearnadh an fógra éilimh (nó fógra i dtaobh eisiúint an fhógra éilimh) a chur chuig an gcoigríoch lena sheirbheáil faoi fhorálacha Choinbhinsiún na Háige agus nach mbeidh láithreas agus cosaint seirbheáilte ná comhdaithe ag an bhfreagróir ná fógra tugtha aige nó aici go bhfuil ar intinn aige nó aici cosaint a dhéanamh, ní fhéadfar breithiúnas d’éagmais láithris a thabhairt go dtí gur deimhin leis an gCúirt go ndearnadh forálacha Airteagal 15 de Choinbhinsiún na Háige a chomhlíonadh.

(3) Féadfar fianaise gur comhlíonadh forálacha Airteagal 19 den Rialachán Seirbheála nó forálacha Airteagal 15 de Choinbhinsiún na Háige a thabhairt le mionnscríbhinn. 

4 Féadfaidh Breitheamh breithiúnas mainneachtana a eisiúint nó ní a tharchur chun na Cúirte

4. (1) Más rud é go mbeidh iarratas déanta a mbeidh feidhm ag riail 2(1) maidir leis agus gur deimhin le Breitheamh gur chóir ordú a dhéanamh, féadfaidh an Breitheamh ordú den sórt sin a dhéanamh ar shlí seachas ag suí den Chúirt, agus féadfaidh sé nó sí an méid costas agus úis a shocrú de réir mar is cuí sna himthosca de réir Sceideal na gCostas.

(2) Más rud é go mbeidh iarratas déanta a mbeidh feidhm ag riail 2(1) maidir leis agus nach deimhin le Breitheamh gur chóir ordú a dhéanamh, féadfaidh an Breitheamh, nó más rud é go n-iarrfaidh an t-éilitheoir amhlaidh, ní foláir don Bhreitheamh, an t-ábhar a tharchur chun na Cúirte chun breith a thabhairt air.

(3) Ní foláir dáta fillte le haghaidh éisteacht os comhair na Cúirte a shannadh d’iarratas a mbeidh feidhm ag riail 3 maidir leis.

(4) Más rud é go ndéanfaidh an Breitheamh iarratas a tharchur chun na Cúirte, nó más rud é go sannfar dáta fillte d’iarratas, féadfaidh an Chúirt, ar an iarratas agus aon fhianaise is cuí leis an gCúirt a éisteacht—

(a) an t-ordú a bheidh á lorg san iarratas a dhéanamh;

(b) a ordú go ndéanfar mionnscríbhinn bhreise nó mionnscríbhinní breise a chomhdú;

(c) ordacháin a thabhairt maidir leis an iarratas;

(d) diúltú an t-ordú a bheidh á lorg san iarratas a dhéanamh;

(e) aon ordú eile is cuí léi a dhéanamh.

(5) Más rud é go n-ordóidh an Chúirt, faoi fho-riail (4)(b), go ndéanfar mionnscríbhinn bhreise nó mionnscríbhinní breise a chomhdú, féadfaidh an Chúirt ordú dofhreagartha a dhéanamh a mbeidh éifeacht leis maidir le comhdú na mionnscríbhinne sin nó na mionnscríbhinní sin, gan an t-iarratas a éisteacht an athuair os comhair na Cúirte.

(6) Ní foláir don Chléireach fógra a thabhairt don éilitheoir i dtaobh aon ordú a dhéanfaidh an Breitheamh nó (más rud é go mbeidh an t-iarratas tarchurtha chun na Cúirte) aon bhreith nó ordú ón gCúirt. 

5 Leanúint d’imeacht i gcoinne freagróirí eile

5. Féadfaidh éilitheoir, a gheobhaidh ordú ar bhreithiúnas mainneachtana i gcoinne freagróra de réir an Ordaithe seo, an t-ordú a fhorfheidhmiú agus leanúint den imeacht i gcoinne aon fhreagróir eile. I gcás go ndéanfaidh an t-éilitheoir méid iomlán a éilimh nó a héilimh, lena n-áirítear costais i gcoinne aon fhreagróra, a ghnóthú trí fhorfheidhmiú nó ar shlí eile, ní foláir bac a chur ar imeachtaí breise i gcoinne aon fhreagróir eile, ach amháin i leith aon chostais bhreise a fhéadfar a éileamh i gcoinne aon fhreagróir eile. 

6 Mainneachtain láithreas agus cosaint a dhéanamh i dtaobh frithéilimh

6. Más rud é go ndéanfaidh freagróir frithéileamh, is éileamh i leith féich, a sheirbheáil, beidh feidhm ag riail 1 amhail is dá mba rud é—

(a) gurbh é nó í an freagróir an t-éilitheoir;

(b) gur thagairt don láithreas i dtaobh an fhrithéilimh tagairt don láithreas sa riail sin; agus

(c) gurbh é nó í an t-éilitheoir an freagróir.

7 Breithiúnas mainneachtana a chur ar ceal

7. (1) Féadfaidh páirtí a mbeidh breithiúnas mainneachtana faighte ina choinne nó ina coinne faoin Ordú seo, iarratas a dhéanamh trí fhógra foriarratais (Foirm 44.02, Sceideal C, fairis na modhnuithe is gá) chun na Cúirte sa cheantar Cúirte ina bhfuarthas an breithiúnas ar ordú chun an breithiúnas a athrú nó a chur ar ceal ar an bhforas gur le calaois, mífhaisnéis, neamhshúilíocht, nó dearmad nó ar fhoras leordhóthanach eile a fuarthas an céanna.

(2) Ní oibreoidh seirbheáil an fhógra foriarratais mar bhac ar imeachtaí mura dtaiscfidh an freagróir leis an gCléireach an méid a mbeidh breithiúnas tugtha ina leith agus an méid a bheidh socraithe le haghaidh costas. 

8 Mainneachtain déanamh de réir ordú

8. Más rud é go mainneoidh páirtí déanamh de réir ordú arna dhéanamh ag an gCúirt in imeachtaí sibhialta, féadfaidh an Chúirt, i gcás go measfaidh sí gur cóir déanamh amhlaidh, na himeachtaí sibhialta a dhíbhe nó aon chosaint nó frithéileamh a scriosadh amach agus dul ar aghaidh chun breithiúnas a thabhairt nó aon ordú (lena n-áirítear aon ordú le haghaidh costas) a dhéanamh de réir mar a bheidh cuí ansin amhail is nach ndearna an páirtí mainneachtnach pléadáil.