Ordú 86

Rince poiblí

1. San Ordú seo

ciallaíonn ‘‘an tAcht’’ an tAcht um Hallaí Rinnce Puiblí, 1935 (Uimh. 2 de 1935);

ciallaíonn ‘‘áit’’ foirgneamh (lena n-á irítear cuid d’fhoirgneamh), clós, gairdín, nó áit dhúnta eile, cibé acu atá díon air nó nach bhfuil agus cibé acu buan nó sealadach don áit dhúnta agus don díon (más ann);

ciallaíonn ‘‘rince poiblí’’ rince atá ar oscailt don phobal agus a bhfuil teideal ag daoine atá i láthair páirt ghníomhach a ghlacadh ann.

Ionad le haghaidh iarratais faoi alt 2

2. (1) Féadfar iarratas ar cheadúnas rince phoiblí de bhun alt 2 den Acht a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don cheantar cúirte ina bhfuil an áit a mbeidh ceadúnas á lorg ina leith.

(2) Más rud é gur iarratas i leith áite dá mbeidh ceadúnas ar marthain tráth an iarratais sin an t-iarratas, déanfar an t-iarratas ag an gCúirt Bhliantúil um Cheadúnú don cheantar cúirte sin.

Fógra a sheirbheáil

(3) Déanfar fógra faoin iarratas a sheirbheáil ar an gCeannfort den Gharda Síochána ar ina dhúiche nó ina dúiche, agus ar an údarás áitiúil ar ina limistéar feidhme, atá an áit lena mbaineann an t-iarratas sin, mí amháin ar a laghad roimh dháta éisteachta an iarratais.

Fógra a sheirbheáil

(4) Cuirfidh an t-iarratasóir faoi deara freisin go bhfoilseofar fógra faoin iarratas atáthar ar intinn a dhéanamh, mí amháin ar a laghad roimh an éisteacht sin, i nuachtán a léitear sa dúiche ina bhfuil an áit lena mbaineann an t-iarratas sin.

An t-iarratasóir do thabhairt fógra don Údarás Dóiteáin

(5) Beidh feidhm ag forálacha alt 24 den Acht Seirbhísí Dóiteáin, 1981, maidir leis an iarratas.

Fógra, etc., a thaisceadh

(6) Déanfar cóip den fhógra faoin iarratas, mar aon le dearbhú reachtúil gur seirbheáladh é agus cóip den nuachtán, a thaisceadh leis an gCléireach seacht lá ar a laghad roimh dháta na héisteachta sin.

Ordú ó n gCúirt

(7) Más rud é go ngéillfear don iarratas, is de réir Fhoirm 86.1, Sceideal C, a bheidh an ceadúnas.

Ionad le haghaidh iarratais faoi alt 6

3. (1) Féadfar iarratas ar cheadúnas rince phoiblí in aghaidh tréimhse áirithe nach sia ná mí amháin, de bhun alt 6 den Acht, a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don cheantar cúirte ina bhfuil an áit a mbeidh ceadúnas á lorg ina leith.

Fógra a sheirbheáil agus a thaisceadh

(2) Déanfar fógra faoin iarratas a sheirbheáil ar an gCeannfort den Gharda Síochána ar ina dhúiche nó ina dúiche atá an áit lena mbaineann an t-iarratas sin agus déanfar cóip den fhógra sin, mar aon le dearbhú reachtúil i dtaobh seirbheála, a thaisceadh leis an gCléireach ocht n-uaire an chloig is daichead ar a laghad roimh dháta éisteachta an iarratais.

An t-iarratasóir do thabhairt fógra don Údarás Dóiteáin

(3) Beidh feidhm ag forálacha alt 24 den Acht Seirbhísí Dóiteáin, 1981, maidir leis an iarratas.

(4) Féadfaidh Breitheamh, más gá sin mar gheall ar imthosca speisialta, an t-iarratas sin a éisteacht agus an ceadúnas rince phoiblí sin a dheonú ag suí den Chúirt in aon cheantar cúirte i ndúiche an Bhreithimh sin.

Ordú ón gCúirt

(5) Más rud é go ngéillfear don iarratas, is de réir Fhoirm 86.2, Sceideal C, a bheidh an ceadúnas.

Ionad le haghaidh iarratais faoi alt 8 (2)

4. (1) Maidir le hiarratas i leith áite ar bith a bhfuil ceadúnas rince phoiblí i bhfeidhm maidir léi, á iarraidh ceadúnas rince phoiblí maidir leis an áit sin do dhuine eile de bhun alt 8 (2) den Acht, arna dhéanamh le toiliú an cheadúnaí, féadfar é a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don cheantar cúirte ina bhfuil an áit lena mbaineann an t-iarratas.

Fógra faoin iarratas

(2) Sula ndéanfar an t-iarratas sin, déanfar fógra san fhoirm chuí (Foirm 86.3, Sceideal C), arna síniú ag an iarratasóir nó ag an aturnae thar ceann an iarratasóra, a eisiúint agus a sheirbheáil.

Fógra a sheirbheáil agus a thaisceadh

(3) Déanfar an fógra sin a sheirbheáil ar an gCeannfort den Gharda Síochána ar ina dhúiche nó ina dúiche atá an áit lena mbaineann an t-iarratas sin, agus déanfar cóip den fhógra sin, mar aon le dearbhú reachtúil i dtaobh seirbheála, a thaisceadh leis an gCléireach ocht n-uaire an chloig is daichead ar a laghad roimh dhá ta éisteachta an iarratais.

An t-iarratasóir do thabhairt fógra don Údarás Dóiteáin 

(4) Beidh feidhm ag forálacha alt 24 den Acht Seirbhísí Dóiteáin, 1981, maidir leis an iarratas.

Ordú ón gCúirt

(5) Is de réir Fhoirm 86.1Fhoirm 86.4, Sceideal C, de réir mar a bheidh, a bheidh an t-ordú ón gCúirt a éistfidh an t-iarratas sin.

Ceadúnas a thabhairt suas

5. Féadfaidh an ceadúnaí faoi cheadúnas rince phoiblí an ceadúnas sin a thabhairt suas tráth ar bith trí fhógra i scríbhinn (Foirm 86.5, Sceideal C) a chur chuig an gCléireach don cheantar cúirte ina bhfuil an áit lena mbaineann an ceadúnas sin, nó a sheachadadh air nó uirthi, mar aon leis an gceadúnas sin.