Ordú: 7

Mionaoisigh agus daoine eile faoi mhíchumas

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

No7-S.I. No. 526 Of 2004: District Court (Personal Injuries Assessment Board Act, 2003) Rules 2004
No7-S.I. No. 258 Of 2005: District Court (Funds In Court) Rules 2005

O.7, r.1 Forléiriú

1.            San Ordú seo—

forléireofar ‘‘mionaoiseach’’ de réir fhorálacha alt 3 den Acht um Lán-Aois, 1985 (Uimh. 2 de 1985).

Mionaoisigh — neaschara/ caomhnóir ad litem

2.            Féadfaidh mionaoiseach agairt a dhéanamh trína neaschara, agus féadfaidh sé nó sí aon imeacht a chosaint trína chaomhnóir nó trína caomhnóir ad litem.Inaon chásden sórt sin, sula ndéanfar ainm aon duine aúsáid in imeachtaí mar neaschara an mhionaoisigh nó mar chaomhnóir ad litem ar an mionaoiseach, síneoidh an duine sin údarú i bhFoirm 7.1, Sceideal C, chun na críche sin, agus taiscfear é leis an gCléireach maille leis an toghairm shibhialta nó doiciméad tionscnaimh eile nó,de réir mar a bheidh, le fógra go bhfuil ar intinn cosaint a dhéanamh.

Ceapachán ag an gCúirt

3.            Má thionscnaítear aon imeachtaí os comhair na Cúirte thar ceann nó i gcoinne mionaoisigh, féadfaidh an Chúirt, másfóirsteanach léisin a dhéanamh, ag aon chéim de na himeachtaí, le hordú iscríbhinn i bhFoirm 7.2, Sceideal C, neaschara nó caomhnóir ad litem a cheapadh chun gníomhú ar son agus thar ceann an mhionaoisigh sin, agus féadfaidh sí,tráth ar bith, duine eile a chur in ionad duine a bheidh ceaptha amhlaidh.

Formheas na Cúirte ag teastáil chun glacadh le taiscí, etc.

4.            (1)          I gcás ina ndearna an cosantóir suim airgid a thaisceadh sa chúirt i gcaingean mar gheall ar éagóir inar mionaoiseach an gearánaí,arfhógra a thabhairt don chosantóir agus don Chléireach i bhFoirm 7.3, Sceideal C, féadfar iarratas arna dhéanamh ag an ngearánaí chun an bhreithimh de bhun alt 63 (1) den Acht um Dhliteanas Sibhialta, 1961 (Uimh. 41 de 1961), á iarraidh air nó uirthi a chinneadh ar chóir glacadh leis an tsuim airgid sin nó ar chóir an chaingean a dhul chun trialach, a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don cheantar cúirte ina bhfuil an chaingean liostaithe lena héisteacht.

(2)          Beidh feidhm ag forálacha Ordú 41, riail 2 (4), de na Rialacha seo maidir le himeachtaí a thionscnóidh mionaoiseach, nó a thionscnófar thar ceann mionaoisigh, i gcás ina moltar socraíocht, comhréiteach, íocaíocht nó glacadh le hairgead a íocadh isteach sa chúirt sna himeachtaí sin.

Orduithe infheistíochta, etc.

5.            (1)          Féadfaidh an Chúirt a ordú go ndéanfar aon suim airgid nó maoin phearsanta eile a ndearbhófar an mionaoiseach a bheith ina teideal sna himeachtaí sin a urrú nó a infheistiú, chun sochair an mhionaoisigh, i cibé slí a mheasfaidh an Chúirt is inmholta.

—íocaíochtaí eatramhacha

(2)          Mura gcinnfidh an Chúirt a mhalairt, ní íocfar aon íocaíocht eatramhach as aon airgead a urrófar nó a infheisteofar amhlaidh ach amháin de bhun ordaithe óngCúirt arna dhéanamh ar iarratas ó neaschara an mhionaoisigh nó ón gcaomhnóir ad litem ar an mionaoiseach. Féadfar an t-iarratas sin a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don dúiche chúirte inar éisteadh agus inar cinneadh na himeachtaí,arfhógra i bhFoirm 7.4, Sceideal C, a thaisceadh leis an gCléireach.

O.7, r.6 Ar aois iomlán a shlánú

6.            (1)          Más rud é go slánóidh an mionaoiseach aois iomlán fad a bheidh imeachtaí´ lena mbaineann na rialacha sin roimhe seo den Ordú seo fós os comhair na Cúirte, féadfaidh aturnae an duine ba mhionaoiseach, neaschara an duine ba mhionaoiseach nó, de réir mar a bheidh, an caomhnóir ad litem ar an duine ba mhionaoiseach iarratas a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don cheantar cúirte ina bhfuil na himeachtaí á n-éisteacht ar ordú go bhféadfaidh an gearánaí nó an cosantóir, a bhí ina mhionaoiseach nó ina mionaoiseach tráth, imeachtaí a thionscnamh nó cosaint a dhéanamh ina ainm nó ina hainm féin.

—íocaíocht as suimeanna a infheistíodh

(2)          Féadfaidh aon duine a lorgóidh, ar aois iomlán a shlánú, aon suim airgid a urraíodh nó a infheistíodh chun sochair dó nó di faoi riail 5 (1) den ordú seo, nó aon iarmhéid de shuim den sórt sin a bheidh dlite fós, aíoc, iarratas a dhéanamh ag aon suí den Chúirt don cheantar cúirte inar éisteadh agus inar cinneadh na himeachtaí ar ordú ag údarú na híocaíochta sin. Déanfar fógra faoin iarratas, i bhFoirm 7.5, Sceideal C, a thaisceadh leis an gCléireach dhá lá ar a laghad roimh dháta na héisteachta. Déanfaidh an t-iarratasóir, má cheanglaítear sin ag an éisteacht, cruthúnas ar aois a thabhairt ar aird sa tslí a fhorordaítear i riail 7 den ordú seo.

— ordú íocaíochta

(3)          Tar éis an t-iarratas a éisteacht féadfaidh an Chúirt, le hordú,a ordú go n-íocfar amach leis an iarratasó ir aon suim airgid ar deimhin leis an gCúirt í a bheith dlite don iarratasó ir, mar aon le hú snó díbhinn a bheidh fabhraithe uirthi (más ann), nó féadfaidh sí aon ordú eile a dhéanamh ar an iarratas sin is cóir leis an gCúirt.

Cruthúnas ar aois

7.            Déanfar, má cheanglaítear sin, sliocht deimhnithe as Clárna mBreitheanna ag taispeáint dáta breithe an mhionaoisigh a thabhairt ar aird agus a chruthú thar ceann an mhionaoisigh tráth éisteachta imeachtaí a bhfuil baint ag an mionaoiseach sin leo, ar iarratas go dtabharfaidh an Chúirt formheas ar shocraíocht atá beartaithe nó ar aon iarratas eile a bhaineann le mionaoiseach nó le duine a bhí ina mhionaoiseach nó ina mionaoiseach le déanaí.Déanfar an dáta breithe sin a bhreacadh in aon ordú ón gCúirt a dhéanfar in aon imeacht nó iarratas den sórt sin.

Daoine mímheabhracha

8.            Féadfaidh duine mímheabhrach agairt a dhéanamh trína chúramaí nó trínacúramaínó trínaneascharaagusféadfaidhsénó síaonimeachtaí a chosaint trína chú ramaí nó trína cú ramaí nó trína chaomhnó ir nó trína caomhnó ir ad litem agus beidh feidhm ag forálacha an Ordaithe seo, fara aon mhodhnuithe is gá, i gcásanna cuí agus forléireofar na forálacha sin dá réir sin.

Doiciméid a sheirbheáil

9.            Ach amháin mar a n-ordaíonn an Chúirt a mhalairt, déanfar doiciméid a sheirbheáil ar mhionaoiseach de réir fhorá